An URL céanna atá i gceist (http://www.foramnagaeilge.com) ach tá cuma nua air.
Chruthaigh mé an suíomh as an nua ar 20ú Márta, mar sin ní oibreoidh na sean-nascanna atá fós le fáil ar na fógraí a scríobhamar dhá bhlian ó shin.
Mé fhéin amháin atá ag obair ar an suiómh faoi láthair. Tá grúpa beag deas ann a phóstálann ó am go ham.
Mar a dúirt mé i 2011, glacfaidh mé le moltaí, le haiseolas, agus go háirithe le baill nua a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt/ a scríobh faoi topaicí ar bith!
Ríomhphost a nochtadh? Ní thuigim an fhadhb atá agat.
Tá seoladh ríomhphoist ag teastáil chun clárú ar an suíomh seo (PROC), ar Twitter, ar Facebook, Boards.ie, Politics.ie, Daltaí.com, YouTube agus ar chuile shuíomh eile.
Ní féidir le héinne seachas an Riarthóir an t-eolas a fheiceáil. Muna bhfuil tú sásta ( ) do ghnáthsheoladh a úsáid, is féidir ceann nua a chruthú go héasca ar Hotmail/Gmail/Yahoo/pé óstach eile.
Is mór an trua nach bhfuil phpBB ar fáil as Gaeilge.
Rinne mé iarracht an "language pack" a aistriú ón mBéarla i 2011. Bhí timpeall 30% déanta agam ach ansin chailleamar an suíomh ar fad nuair a d'imigh an Riarthóir eile a bhí ag obair liom.
Má leanann an suíomh ar aghaidh ag fás (agus ag mealladh daoine nua) tosóidh mé an feachtas sin arís.