"Ar Muin na Muice" - Near90fm (2009-2011)

"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm 16 Nollaig 10

naoise.jpg


Comh. Naoise Ó Muirí in éineacht le Richard Bruton TD​


Podchraoladh/Podcast

Tá Comh. Naoise Ó Muirí chun seasamh san olltoghchán i mBaile Átha Cliath Lár-Thuaidh do Fhine Gael. Labhair Darren Mac an Phríora leis faoi.


concos.jpg


Caitlín Neachtain CONCOS


Podchraoladh/Podcast

Labhair Darren Mac an Phríora le Caitlín Neachtain CONCOS mar gheall ar impleachtaí na cáinaisnéise ar an eagraíocht.


 
Last edited:
"Ar Muin na Muice"- Near90fm; 27 Éanair 11

seim.jpg


Seimineár Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge


nagaeiloga.jpg


Na Gaeil Óga


Podchraoladh/Podcast

Beidh seimineár ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tseachtain seo chugainn d’ár teideal “STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE– Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana”. Labhair Darren Mac an Phríora le Kevin de Barra ón Chomhdháil faoi.

Labhair Darren Mac an Phríora le Dáithí de Buitléir ón bhfoireann peil nua i mBaile Átha Cliath Na Gaeil Óga.


 
Last edited:
"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm 10 Feabhra 10

ruadhan.jpg


Ruadhán Mac Aodháin Sinn Féin


concos.jpg

Aoife Ní Churraoín CONCOS​

Podchraoladh/Podcast


Labhair Darren Mac an Phríora le Ruadhán Mac Aodháin iarrathóir de chuid Shinn Féin i mBaile Átha Cliath Thoir-Theas.
D’eagraigh CONCOS cruinniú mór i gConamara inné faoi cursaí Gaeilge. Labhair Darren le Aoife Ní Churraoín ó CONCOS faoi.



 
Last edited:
17 Feabhra 11

StudentsIrishLanguageProtestFeb142011.jpg


Agóid Chiúin Dé Luain Baile Átha Cliath


davidhealy.jpg


David Healy, An Comhaontas Glas


glornamara.jpg


Tadhg Ó Tuachaigh


Podchraoladh/Podcast


D’eagraigh an Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agóid chiúin ar an Luan i gcoinne pholasaí Gaeilge Fhine Gael go bheadh an Ghaeilge mar ábhar roghnach don Ardteistiméaracht. Bhí an agóid ar siúl lastigh den Dáil agus ansin shiúl siad go hArd-Oifig Fhine Gael. Labhair Darren Mac an Phríora le roinnt mac léinn ann do NearFM.

Labhair Darren le David Healy iarrthóir an Chomhaontais Ghlais san olltoghchán i mBaile Átha Cliath Thoir-Thuaidh faoina fheachtas.

Eagraíodh oíche eolais i mBaile Brigín aréir faoin bhfeachtas atá ar bun chun Coláiste Ghlór na Mara a bhunú. D’fhreastal timpeall 180 duine ann- cúigear iarrthoirí atá ag seasamh sa dáilcheantar ina measc. Labhair Darren le Tadhg Ó Tuachaigh ón bhfeachtas.


 
Last edited:
"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm; 23 Feabhra 11

aras.jpg

Brían Ó Gáibhín; Oifigeach Forbartha Áras Chrónáin​

FoinseIndependent.jpg


Ann Nic Dhonnacha; Foinse


Podchraoladh/Podcast

Labhair Darren Mac an Phríora le Ann Nic Dhonnacha ó Foinse agus le Brían Ó Gáibhín an tOifigeach Forbartha ó Áras Chrónáin.


 
Last edited:
"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm; 3 Márta 11

comhdhail.jpg


Kevin De Barra Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge


aodhan.png


Aodhán Ó Ríordáin TD

Podchraoladh/Podcast

Agus na cainteanna ag dul ar aghaidh idir urlabhraí ó Fhine Gael agus ó Pháirtí an Lucht Oibre chun clár rialtas nua a aontú don Dáil nua, labhair Darren Mac an Phríora le Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus leis an Teachta Dála áitiúil nua ó Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin.

 
Last edited:
"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm; 25 Márta 11

book.jpg


Comh. Mícheál Mac Donncha; Sinn Féin (Grianghraf ó An Phoblacht)


rathcairn.jpeg


Pádraig Mac Craith; Comharchumann Ráth Chairn (Grianghraf ó Údarás na Gaeltachta)


Podchraoladh/Podcast


Tá comhairleoir nua ag Sinn Féin i nDomhnach Míde. Mícheál Mac Donncha is ainm dó agus tá sé ag tógáil an suíocháin a bhí ag Killian Forde. Labhair Darren leis faoin a thaithí leis an pholaitíocht agus a clár oibre agus é anois mar chomhairleoir.

Tá a lán fhorbairtí ag tarlú i Ráth Cairn. Tá suímh agus tithe le dhíol agus tá ranganna agus cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar siúl. Tá sé ar intinn ag Comharchumann Ráth Chairn in éineacht le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim páirtaimseartha Gaeilge a chur ar fáil i mí Meán Fómhair. Labhair Darren le Pádraig Mac Craith stiúrthóir an chomharchumainn.

* Caithim mó brón a chur in iúl do Na Gaeil Óga CLG mar níor thaifead an ceamara a bhí againn inné an sheoladh i mBaile Átha Cliath. Beidh muid ar "Ar Muin na Muice" ag leanúint an fhoireann áfach! :)

 
Last edited:
"AR MUIN NA MUICE"- Near90fm; 30 Márta 11

eamon.jpg

Éamonn Mac Niallais Urlabhraí Guth na Gaeltachta (OÉG)​

ronan.jpg


Rónán Ó Domhnaill TG4

peadar.jpg


Peadar Tóibín TD Sinn Féin (Grianghraf ón Irish Independent)

clare-spainneach2.jpg

Clare Spáinneach Gaelscoileanna Teo.


Podchraoladh/Podcast

Tugann Éamonn Mac Niallais an t-eolas is deireanaí d’ éisteoirí Near90FM faoi conas atá cúrsaí leis an bhfeachtas Guth na Gaeltachta.

Chuaigh Darren Mac an Phríora go dtí Ceisteanna Ceannairí sa Dáil Dé Máirt agus labhair sé le Rónán Ó Domhnaill an comhfhreagraí polaitíochta ó TG4 faoin Dáil téarma nua. Ansin labhair sé le Peadar Tóibín TD faoin a bhua í gcontae na Mí an mhí seo caite agus é tofa mar Theachta Dála do Shinn Féin agus a ról nua eile atá aige agus é mar Urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí Fiontar agus Gaeltachta. Insíonn Peadar freisin faoin obair atá á dhéanamh ag na Teachta Dálaí ó Shinn Féin agus iad ag freastal ar ranganna Gaeilge agus é mar aidhm acu a gnó a dhéanamh trí Gaeilge sa Dáil.

Tá dea-scéal do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 15 agus gaelscoil nua le bunú sa cheantar i 2012. Ach cad faoi na feachtais do gaelscoileanna eile- Gaelscoil Ráth Tó ina measc? Labhair Darren le Clare Spáinneach an t-Oifigeach Forbartha de Gaelscoileanna Teo.


 
Last edited:
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Stand-up Comedy Club: Cork's Primetime Comedy Show
The Roundy, Castle St.

27th Jul 2024 @ 8:30 pm
More info..

DJ Jason Coughlan

Crane Lane Theatre, Tomorrow @ 11pm

More events ▼
Top