TG4 documentary: 'Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste'

[FONT=&quot][/FONT]
[FONT=&quot][FONT=&quot]Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste
[/FONT]
[/FONT]

[FONT=&quot][FONT=&quot]TG4 Lá Nollag 22.15[/FONT][/FONT]
[FONT=&quot][FONT=&quot]
[/FONT]
[/FONT]

[FONT=&quot][FONT=&quot]Insíonn Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste scéal an laoch caide, fear seoigh agus Rí an Pharóiste a chroch [/FONT]a bhróga caide don uair dheireanach ar an 15ú Nollaig 2012. [/FONT][FONT=&quot] Sa chlár fáisnéise cruthaitheach seo do TG4, beidh Páidí, mar a bhí aithne air i bhFionn Trá, á chur i láthair don saol mór i gcomhthéacs pearsanta agus i gcomhthéacs a phobal tuaithe Gaeltachta féin.[/FONT][FONT=&quot] Tá an scéal [/FONT][FONT=&quot]údaraithe ag comharsain dá chuid, Louise Ní Fhiannachta, agus í ar aistear pearsanta ag iarraidh greim a fháil ar a laoch féin agus ag fiosrú an tábhacht a bhaineann le h-aitheantas i measc ár gcuid fhéin. [/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT][FONT=&quot][/FONT]
[FONT=&quot]Bhí clú agus cáil ar Pháidí mar chosantóir do Chiarraí agus blianta ina dhiaidh sin mar bhainisteoir ar an gcondae céanna. Fear paiseanta, cróga, ceanndána agus draíochtúil a bhí ann a tharraing conspóid ó h-am go céile. Ó aois an-óg, múnlaíodh é le bheith ina laoch agus seo an sprioc a bhí roimis i gcónaí. Tar éis an stealladh ómóis i ndiaidh a bhás, is léir gur mheas an tír go raibh aithne acu ar Pháidí – an gaiscíoch, an fear seoigh is an pearsa spóirt. Cé go raibh sé seasta i mbéal an phobail le linn a shaol, is beag aithne cheart a bhí air taobh amuigh dá pharóiste fhéin.[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]Sa chlár fáisnéise cruthaitheach seo nochtfar fíor nadúr an fhir trí shúile iad siúd ba ghaire dó, ina measc a bhean chéile Máire Uí Shé; a bpáistí Neasa, Siún & Pádraig Óg; a dheartháir Tom Ó Sé; cairde scoile & saoil Muiris Ó Fiannachta, Joe Bán Ó Sé & Seán Ó Catháin; nia Fergal Ó Sé agus cairde Mícheál Ó Sé & Peter Ó Fiannachta.[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]Déanann an clár seo tochailt ar ‘laochas’ i gcomhthéacs saol agus scéal Pháidí chomh maith - an brú a bhíonn ar ghuaillí an laoich, an cultúr a bhaineann le laigeacht a shéanadh, agus an streachailt anama a bhíonn i gceist nuair a múchtaí an spotsholas. Tá go leor ráite faoin bhfear céanna ins na meáin – iad siúd ag féachaint isteach ón dtaobh amuigh. Ach seo portráid pearsanta do Pháidí ón dtaobh istigh, ó chroí an pharóiste, óna mhuintir fhéin.[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]“Bhí aithne ag gach éinne ar an bpersona poibí. Ach is dócha gur beagán a raibh aithne acu ar thaobh eile do Pháidí. Taobh ana-dhaona. Fear a dhéanfadh aon áis duit, a dhéanfadh gach aon chabhair duit” – Mícheál Ó Sé[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]“Cé go raibh, agus is beag duine a chreidfeadh mé ar shlí, ach bhí sé beagáinín náireach. D’fhear a bhí ag imirt is a bhí chomh maith ar pháirc na peile, ní raibh ana-mhuinín aige ann fhéin. Ach de réir mar a chuaigh sé san aos, is dócha, fuair sé máistreacht air sin.” – Máire Uí Shé[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]“Nuair a chuireamar aithne air, bhí an diabhail as a mheabhair. Bhí sé fiáin! ‘Sé fhéin a bhí mar cheannaire i gcónaí, ‘cuma cad a bheadh ar siúl, b’é fhéin an ‘boss’. Chaithfeadh sé buachtaint i gcónaí.“– Joe Bán Ó Sé[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]“Fear ana-dhoimhin ab ea Páidí. Choimeádfadh sé alán rudaí chuige fhéin. B’fhéidir go ndéarfadh sé rud nó dhó leat agus phiocfá suas ar na rudaí sin go raibh sé fé bhrú.” – Peter Ó Fiannachta[/FONT]
[FONT=&quot] [/FONT]
[FONT=&quot]“Bhí sé i gcónaí ag rá gur theastaigh uaidh a bhí ocht mbliana déag d’aois arís. Bhíodh sé i gcónaí á rá le Pádraig, liom fhéin is le Siún. Sa cheann, bhí sé fós ana-óg. Theastaigh uaidh a bheith linne i gcónaí.” – Neasa Ní Shé[/FONT]



[FONT=&quot]http://www.youtube.com/watch?v=HDY4WoHYc7k[/FONT]
[FONT=&quot][/FONT][FONT=&quot][/FONT]
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Lyra
Live At The Marquee

16th Jun 2024 @ 7:00 pm
More info..
More events ▼
Top