Oíche sa phub as Gaeilge

A cairde

Beidh ReRá ar súil ar an 22ú Márta, thuas staighre san Franciscan Well, 20:30. Beidh ceol, craic agus comhrá, go léir as Gaeilge. Tá fáilte roimh éinne le suim acu an teanga a labhairt.

An mbeadh suim ag éinne anseo bheith ann ar an oíche? Bhí trí cinn againn cheana, agus tá an slua ag méadú le gach ceann.

Bíonn scéalaíocht, filíocht, ceol agus amhránaíocht ar súil, agus is feidir le éinne part a glacadh. Bíonn gach caighdéan Gaeilge ann, agus gach aois ann freisin.

Bígí linn!
 
Má tá tú timpeall an cathair anocht, glaoigí isteach! Beidh sé ar súil thuas staighre, ní bheidh an áit faoi thuile!
 
Bhuail mé isteach thart ag 10.30 oíche Aoine ar mo bhealach abhaile. Maith sibh, bhí an seomra plodaithe go leor ach bhí gach éinne ciuin ag scríobh ar bpíosaí paipéir nuair a shroich mé an bhéar so do shocraigh mé gan dul isteach. Níl clú agam cad a bhí ar suil ach bainfidh mé triail as arís gan dabht.
 
Lads rinne me dearmad glan ar seo, tá ReRá ar súil arís anocht. Tar isteach ag aon ám! Beimid ann ó 20:30. Naked Giant, bhí comórtas filíocht ar súil an ám sin!
 
A chairde tá Seachtain na Gaeilge ar súil faoi láthair, agus beidh ReRá ar súil arís an Aoine seo chugainn. Is oíche sa phub é ReRá, le scéalaíocht, amhránaíocht agus cáint as Gaeilge. Bígí linn don chraic, don chomhrá agus don cheol ar an 7ú! Tá fáilte roimh chách.

ReRá
20:30 7ú Márta
Cork Cricket Club
Mardyke
Corcaigh

Is fearr Gaeilge bhriste ná Bearla cliste!

Níos mó eolas ar fáil anseo:
facebook.com/storytellinginirish
twitter.com/gaeilgebriste
www.rera.ie
 
Oíche den scoth aréir leaids. Ar fheabhas ar fad.

Anyone trying to improve their Irish should come along to the next one. Very friendly atmosphere and heavy doses of craic.
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Flook With Special Guest Patsy Reid
Triskel Arts Centre, Tobin St.

9th May 2024 @ 8:00 pm
More info..

Sprints

Coughlan's, Today @ 7:30pm

More events ▼
Top