Ná caill ceolchoirm mhór ilchultúrtha in Áiléar Lewis Glucksman i gcroílár champais Choláiste na hOllscoile Corcaigh. I measc na dtaibheoirí, beidh Conchubhar agus Seán Ó Luasa agus an grúpa Gamelan ó Roinn an Cheoil, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Fáilte roimh pobal na hOllscoile agus pobal Chorcaí i gcoitinne teacht le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an réimse leathan cultúr agus ceoil a bhaineann le Corcaigh, ní amháin na healaíona dúchais Gaelacha, ach na saghasanna ceoil éagsúla atá tagtha chugainn le blianta beaga anuas. Fáilte roimh chách, idir óg agus aosta. Bí ann d’oíche lán le ceol, amhránaíocht agus craic!
More at Áiléar Lewis Glucksman |
Loading....