Cá bhfuil na Gaeilgeoirí ar fad?

Hi Kerrybabe, conas taoi? Seachas a bheith i d'aonar ;) Mar fhreagra ar do cheist - bhí sé chomh ciúin sin anseo le déanaí, is dócha gur bhog na Gaelgeoirí ar aghaidh chuig fóraim eile. Beidh siad ar ais luath nó mall, 'súil againn :)
 
Ní thuigim "saol na Gaolainne". Ní bhíonn agamsa ach saol, agus uaireannta labhraim faoi as Gaolainn. Ach tá níos mó daoine a éisteoidh liom san áit eile.

Ach na laethanta seo níl faic fágtha le rá agam. An iomarc póstaí.
 
Asarlaí said:
Hi Kerrybabe, conas taoi? Seachas a bheith i d'aonar ;) Mar fhreagra ar do cheist - bhí sé chomh ciúin sin anseo le déanaí, is dócha gur bhog na Gaelgeoirí ar aghaidh chuig fóraim eile. Beidh siad ar ais luath nó mall, 'súil againn :)

Bhuel, tá súil agam go mbeidh siad thar n-ais go tiubh, te, tapaidh. Agus níl sight ná light ar Ghobadán é fhéin na laethanta seo ach oiread...:shock:
 
kerrybabe said:
Bhuel, tá súil agam go mbeidh siad thar n-ais go tiubh, te, tapaidh. Agus níl sight ná light ar Ghobadán é fhéin na laethanta seo ach oiread...:shock:

Tá mé beo fós, ar éigin. Fuair mé post nua ar na mallaibh agus nílim cinnte go bhfuil sé slán dom bheith ag treabhadh na dtonn, mar a déarfá.

Céard a tharla faoin Daingean? Bhí pobalbhreith ar siúl, go bhfios dom.

.
 
Gobadán said:

Ná bí ag caint liom faoi cheist an Daingin/Dingle/Daingean Uí Chúis. Íosa Críost ach tá sé náireach. Ní chífeá a leithéid ar siúl istigh i naíonra. An toradh a bhí ar an bpobalbhreith ná Dingle/Daingean Uí Chúis. Ach caithfidh na hamadáin é seo a chur faoi bhráid an Chomhairle Chondae anois agus ansan caithfidh an CC an moladh a chur ós comhair na Roinne...blah, blah, blah. Diúltóidh Ó Cuív leis arís agus tarraingeofaí raic eile. Oh, a Mhaighdean...Buíochas le Dia gur i gcathair na dTreabh atáim agus ní ansan thíos ag éisteacht le bithiúnaigh a thógfaidh airgead an Údaráis, thanks very much, ach nach bhfuil sásta ainm an bhaile a bheith as Gaoluinn acu...hmmm.

Bhuel, conas 'tá cúrsaí leat-sa ar aon chuma?
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
The Hollyz
Crane Lane Theatre, Phoenix St.

5th May 2024 @ 9:30 pm
More info..

Dr Herringbone Dread

The Pav, Today @ 11pm

More events ▼
Top