Fringe Festival an Oireachtais

As almost nobody is bothering to read the Irish language forum here, I beg leave to submit the following in the ancient language of the Gael:

Cé go bhfúil Oireachtas na Gaeilge ar an imeall cheana féin táimid ag eagrú Féile Imeallach / Féile Imill / Féile ar an Imeall nó Fringe Festival mar a thabharfaí air i gConamara. ‘Sé atá i gceist againn na roinnt imeachtaí a eagrú chun tairne sa bheo a bhuaileadh isteach sa chónra. Beimid ag inshíothlú óglaigh díograsacha in imeachtaí éagsúla an oireachtais.

Corn Uí Riada, sin priomh chomórtas an sean-nóis. Aon uair a mhairfidh amhrán níos faide ná sé nóimeataí ná níos faide ná deich véarsaí, tosnóidh fóin phóca ag buaileadh ar fud an halla leis an ton buailte; ‘God save the Queen’.

Beimid ag briseadh isteach in aon chomhluadar a bheidh ag spalpadh Fadúdaise na gConallach le: “Oh Scuse me, where ye people from? Let me guess, that’s Polish ye’re speaking isin it. How d’ye like Ireland?

Beimid ag súi isteach i seisiúin amhránaíochta gléasta mar Elvis, Wacko Jacko agus Joe Dolan chun a leithéidí ‘The Woild Rover’ The Langer song ‘ agus ‘Show me the way to go home’ a chanadh go bríomhar spraíúil. Má dheineann póilíní na teangan iarracht an ruaig a chuir orainn tosnóimid go léir ag canadh:

‘Oh Oh Oh Oh. Oh I wish I was back home in DINGLE’
‘Oh Oh Oh Oh. Oh I wish I was back home in DINGLE’

is ag béicidh i dtiuin tiubh Chorcaíoch; ‘Whaz wrong wid ye? Feckin bigots – why can’t we sing in English? We’ve our rights too. D’ye know loike.’

Ach n’fheadar, b’fhéidir gur ag dul thar fóir a bheimis. An bhfuil aon fhéith grínn fágtha sa Chónra taobh amuigh desna comórtaisí Lúibíní. Á! sea, na Lúibíní, sin rud amháin nach mbeimid ag cur isteach air. Gáire gan stad. Is beidh an lá leis na Cool A’s i mbliana is dócha.

Má tá aon tuairimí ag éinne i gcomhair ár bhféile imeallach cuirfimid fáilte rompu.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC – Fáilte roimh cheartúcháin
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Open Streets: Boolaboom Busking
Cornmarket Centre, Cornmarket St.

19th May 2024 @ 1:00 pm
More info..

The Days Of Trees (16)

Triskel Arts Centre, Today @ 2pm

More events ▼
Top