Club Daon-Phoblacht :: 13ú Feabhra


Cúis áthais don PeoplesRepublicOfCork.com go bhfuil...

CLUB DAON-PHOBLACHT
Ar siúl

Oíche shóisialta mhíosúil
I mBar Thuas sa Roundy, Sráid an Chaisleáin.
Ar 13 Feabhra, ag 8.30pm

I measc na ndaoine a bheidh ann beidh
Aisteoir Coiméide
(20 nóiméad)
Na Ceapairí Grá (grúpa ceoil thraidisiúnta)
DJ Cáca Milis (funk/soul/snagcheol)

 

Agus sinn ag tógaint sos beag as an an stracailt chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Saorstát, tá áthas an domhain ar PeoplesRepublicofCork oíche shóisialta úrnua a chur i láthair do mhuintir Chorcaí. An bhfuil fonn ort Gaeilge a labhairt? Bhuel, seo é do sheans!

Muna bhfuil agat ach cúpla focal is é Club Daonphoblacht an áit duit. Fiú más duine eolach tú ar an Modh Coinníollach ná lig an seans seo tharat!

Geallaimid daoibh go mbeidh Club DaonPhoblacht mar cheann dos na hoícheanta is fearr i gCorcaigh, le ceol den scoth agus meascán maith daoine ann. Suite i lár na cathrach ní féidir é a sheachaint! Ciocu ceol is fearr leat idir trad nó ceol corraitheach ó DJ Cáca Milis, is féidir luascadh anon is anall nó tosnú ag rince ar nós an diabhail…fútsa atá sé.

Gach mí beidh cuairteoir speisialta ag leiriú a chuid/a cuid tallann ar feadh 20 nóiméad. Seachain…Don chéad oíche beidh aisteoir coiméide cáiliúil ag léiriú a chumais ó thaobh na Gaeilge de! Ina dhiaidh sin beidh ceol agus comhrá againn, agus craic is dócha. Cá bhfios cad a tharlóidh!

Ní bheidh aon Ghaeilgeoirí le fáinne le feiscint, nó dánta fada ó fhile ón 14ú haois. Geallaim nach mbeidh comhrá do-thuigthe as Dún na nGall ag teacht i ndiaidh 'Cuid A' ar phlaylist DJ Cáca Milis!

Bígí Linn! Fáilte roimh gach éinne!


Ticéidí:€8 nó €5 (mic léinn). Le fáil ón Roundy (021 4222202) nó ar an suíomh idirlín: www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge

Dá mbeadh fonn ort moladh a dhéanamh nó aon rud a rá déan teagmháil linn:
Tuilleadh eolais le fáil ó www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge
R-phost: editor@peoplesrepublicofcork.com

 


PeoplesRepublicOfCork.com presents:

CLUB DAON-PHOBLACHT
An Irish language event@<br> Bar Thuas, The Roundy, Castle Street
Wednesday 13th February, 8.30pm

Featuring:
Special Guest Comedian
(20 min set)
Na Ceapairí Grá (trad band)
DJ Cáca Milis (funk/soul/jazz)

 

Taking time out from engineering independence from the Free State, PeoplesRepublicOf Cork.com is delighted to announce a brand new event for those interested in using or reviving their command of the native tongue.

Whether you've just got the cúpla focal or you're a modh coinníollach connoisseur, Club Daon-Phoblachta is the perfect spot to use Irish no matter what your level.

Club DP promises to be a top night out, smack bang i lár na cathrach with all types of music and all sorts of people. Bring a friend, nod along to our house band or shuffle around to the soulful sounds of our resident DJ….and you can order your drinks in English nó as Gaeilge más maith leat.

Each month we will feature a very special guest who will perform for about 20 minutes. At the launch night, a well known comedian will perform a side-splitting routine as Gaeilge and the rest of the night is dedicated to craic agus comhrá.

There will be no fáinne wielding Gaeilgeoirí hiding in the corners, no obscure poetry readings from 14th century Gaelic bards and we guarantee that the piercing sound of "Cuid A" followed by an indiscernible comhrá in Donegal accents will not be on the playlist of DJ Cáca Milis!

Tickets: €8 or €5 for students available on the door (if not sold out) or in advance from The Roundy (021 4222202) or online at peoplesrepublicofcork.com/gaeilge (no booking fee). If you'd like to make a comment or suggestion please contact us:

Eolas: www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge
R-post: editor@peoplesrepublicofcork.com

 

 
 
ok