R--Tionscadal Tithíochta
Tá cuireadh á thabhairt ag Darren J. Prior
do gach ball agus craobh de Chonradh na
Gaeilge úsáid a bhaint as an r-tionscadal
s'aige ag
www.slideshare.net/darrenjprior
/presentations a bhaineann le heastáit
tithíochta ainmnithe i nGaeilge i gcontaetha
ar fud na hÉireann. D'oibrigh Darren
leis an Uasal Pádraig Ó Cuanacháin,
iar-stiúrthóir margaíochta an chomhlachta
Gael-Taca, agus le daoine eile san
eagraíocht ar an tseirbhís atá acu teacht
ar ainmneacha i Gaeilge d’fhorbairtí cónaithe
nua. D’fhéach sé ar shuímh idirlín
éagsúla gach mí ar feadh timpeall trí
bliana a mblianta sna '00idí chun sonraí a
fháil d’fhorbairtí cónaithe nua le hainmneacha
i Gaeilge orthu timpeall na tíre.
Ansin rachadh Pádraig i dteagmháil leis
na forbróirí ag cur fáilte roimh an gcinneadh
a rinne siad ainm(eacha) as
Gaeilge a úsáid agus d’inis dóibh faoi
sheirbhísí Ghael-Taca. Agus líon an-bheag
tithe nua á thógáil in Éirinn faoi láthair,
thug Darren faoi r-tionscadal chun pictiúir
na bhforbairtí cónaithe le hainmneacha
i nGaeilge a bhailiú le chéile
anuraidh. Bhain sé úsáid as
www.slideshare.net chuige seo agus
d’íoslódáil sé sonraí agus pictiúir na bhforbairtí
ó gach contae. Tháinig sé ar os
cionn 500 forbairt ainmnithe as Gaeilge
le roinnt blianta anuas! Obair spreagúil
don Ghaeilge í seo agus is bealach iontach,
tábhachtach í chun an sochaí sa
Ghalltacht a Ghaelú, mar sin scaip an
scéal. Ní neart go cur le chéile!
Teagmháil:
Darren J Prior +353 (0)86 3756275 /
darrenjprior@hotmail .com