View Single Post
  #1  
Old 16-12-2013, 02:37 PM
Annie Hall Annie Hall is offline
 
Join Date: Sep 2006
Posts: 1,814
Default TG4 documentary: 'Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste'


Páidí Ó Sé - Rí an Pharóiste

TG4 Lá Nollag 22.15


Insíonn Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste scéal an laoch caide, fear seoigh agus Rí an Pharóiste a chroch a bhróga caide don uair dheireanach ar an 15ú Nollaig 2012. Sa chlár fáisnéise cruthaitheach seo do TG4, beidh Páidí, mar a bhí aithne air i bhFionn Trá, á chur i láthair don saol mór i gcomhthéacs pearsanta agus i gcomhthéacs a phobal tuaithe Gaeltachta féin. Tá an scéal údaraithe ag comharsain dá chuid, Louise Ní Fhiannachta, agus í ar aistear pearsanta ag iarraidh greim a fháil ar a laoch féin agus ag fiosrú an tábhacht a bhaineann le h-aitheantas i measc ár gcuid fhéin.

Bhí clú agus cáil ar Pháidí mar chosantóir do Chiarraí agus blianta ina dhiaidh sin mar bhainisteoir ar an gcondae céanna. Fear paiseanta, cróga, ceanndána agus draíochtúil a bhí ann a tharraing conspóid ó h-am go céile. Ó aois an-óg, múnlaíodh é le bheith ina laoch agus seo an sprioc a bhí roimis i gcónaí. Tar éis an stealladh ómóis i ndiaidh a bhás, is léir gur mheas an tír go raibh aithne acu ar Pháidí – an gaiscíoch, an fear seoigh is an pearsa spóirt. Cé go raibh sé seasta i mbéal an phobail le linn a shaol, is beag aithne cheart a bhí air taobh amuigh dá pharóiste fhéin.

Sa chlár fáisnéise cruthaitheach seo nochtfar fíor nadúr an fhir trí shúile iad siúd ba ghaire dó, ina measc a bhean chéile Máire Uí Shé; a bpáistí Neasa, Siún & Pádraig Óg; a dheartháir Tom Ó Sé; cairde scoile & saoil Muiris Ó Fiannachta, Joe Bán Ó Sé & Seán Ó Catháin; nia Fergal Ó Sé agus cairde Mícheál Ó Sé & Peter Ó Fiannachta.

Déanann an clár seo tochailt ar ‘laochas’ i gcomhthéacs saol agus scéal Pháidí chomh maith - an brú a bhíonn ar ghuaillí an laoich, an cultúr a bhaineann le laigeacht a shéanadh, agus an streachailt anama a bhíonn i gceist nuair a múchtaí an spotsholas. Tá go leor ráite faoin bhfear céanna ins na meáin – iad siúd ag féachaint isteach ón dtaobh amuigh. Ach seo portráid pearsanta do Pháidí ón dtaobh istigh, ó chroí an pharóiste, óna mhuintir fhéin.

“Bhí aithne ag gach éinne ar an bpersona poibí. Ach is dócha gur beagán a raibh aithne acu ar thaobh eile do Pháidí. Taobh ana-dhaona. Fear a dhéanfadh aon áis duit, a dhéanfadh gach aon chabhair duit” – Mícheál Ó Sé

“Cé go raibh, agus is beag duine a chreidfeadh mé ar shlí, ach bhí sé beagáinín náireach. D’fhear a bhí ag imirt is a bhí chomh maith ar pháirc na peile, ní raibh ana-mhuinín aige ann fhéin. Ach de réir mar a chuaigh sé san aos, is dócha, fuair sé máistreacht air sin.” – Máire Uí Shé

“Nuair a chuireamar aithne air, bhí an diabhail as a mheabhair. Bhí sé fiáin! ‘Sé fhéin a bhí mar cheannaire i gcónaí, ‘cuma cad a bheadh ar siúl, b’é fhéin an ‘boss’. Chaithfeadh sé buachtaint i gcónaí.“– Joe Bán Ó Sé

“Fear ana-dhoimhin ab ea Páidí. Choimeádfadh sé alán rudaí chuige fhéin. B’fhéidir go ndéarfadh sé rud nó dhó leat agus phiocfá suas ar na rudaí sin go raibh sé fé bhrú.” – Peter Ó Fiannachta

“Bhí sé i gcónaí ag rá gur theastaigh uaidh a bhí ocht mbliana déag d’aois arís. Bhíodh sé i gcónaí á rá le Pádraig, liom fhéin is le Siún. Sa cheann, bhí sé fós ana-óg. Theastaigh uaidh a bheith linne i gcónaí.” – Neasa Ní Shé



http://www.youtube.com/watch?v=HDY4WoHYc7k
__________________
Quote:
Originally Posted by Lamps: I've been caught out a few times, I hold my hand up. Take the beating and move on. Its the only way
Reply With Quote