Um Berto
Full Member
Curtha i láthair ag Leabharlann COC & Tombstome:
Trá Pháidín
le aoi-boscadóir Seamas Hyland
Leabharlann Boole - T12 ND89
🗓 Dé Domhnaigh, 20ú Nollaig, 2026
Doirse oscailte ag 5in
Ticéidí - €13.50 ó Eventbrite.ie
Ionad inrochtana do chách
ó My Goodness
https://www.eventbrite.ie/e/tra-phaidin-le-aoi-boscadoir-seamas-hyland-tickets-1995282778502

Trá Pháidín
Is buíon de cheoltóirí é Trá Pháidín a bhfuil a bhaile, anam agus meabhair scaipthí idir Conamara Theas, Cathair Chorcaí, Uíbh Fhailí, Sligeach, Port Láirge ó 2019. Ag tarraingt uaidhe thobar an cheoil traidisiúnta, an jazz, folk agus ar pé tionchar eile a mbeadh cuma mhaith air sna cur síos, ach a n-uathúlacht féin á chaomhnú acu atá i bhfad ó aon fios ar an saol thart orthu ná iad fhéin. Is socra fós a gcur chuige chun úrcheol Gaelach a cruthú atá níos fairsinge ná an “conas atá tú?”.
Le Cloch ‘s Claí, a gcéad cheirnín leis an lipéid Sasanach World of Echo, déantar fiosrúcháin ar na críocha is aineola fós dóibh. Bunaithe ar seanchas claíochaí bána, tugann an t-albam seo léargas aorach ar an ngaol idir Éireann, a teanga dúchais agus an Ghaeltacht. 10 rian atá uirthi, chuile ceann acu ina ionadaí ar chloch mheafarach, baineann Cloch ‘s Claí feidhm as gnéithe den tobchumadh atá i gceol tradisiúnta na hÉireann, ar nós, an t-ornáideachas, an tionlacan agus focla smartáilte eile a bhfuil breis is trí shiolla iontu. Leis sin, bíonn chuile babhta tógála ar chlaí éagsúil óna chéile mar aon le chuile cur i láthair beo - léiriú é an taifead seo ar chur i láthair amháin acu sin. Agus é spreagtha ag An Béal Bocht ó pheann Mhyles na gCopaleen, cuimsíonn an claí seo téama áiread atá scapthí thar thírdhreach agus aigne na Gaeltachta - cur i gcéill, tithíocht, polatíocht na bpiardaí, chéirtleáine agus a thuilleadh den raic céanna atá le cloisteáil chuile lá ar an raidió. Toradh na tógala seo ná ceol a bhfuil blas de rejunal shtyles in tradishunal muzik, de carraig na Krauts, den snagcheol saor in aisce, den iar-rac, den chrónán agus den íostachas ann, ar bhealach atá nádúrtha, sreabhach agus lán le haimhreas múinte ó Iarthar na hÉireann.
Ar Cloch ‘s Claí agus i dTrá Pháidín tá: Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird, Ruairí de Búrca. Beidh Cloch ‘s Claí á eisiúint go digiteach agus mar eagrán teoranta LP ar an 25ú lá de mhí Meán Fómhair trí World of Echo. Tá an saothar seo cruthaithe againn le tacaíocht na Dámhachtana Taifeadta DEIS & le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Seamas Hyland
Is ceoltóir agus cumadóir é Seamas Hyland a bhíonn ag plé le ceol traidisiúnta agus le ceol trialach ar an mbosca ceoil. Bíonn sé ag fiosrú na fuaimeanna éagsúla a thagann as an mbosca agus iad a mheascadh le taifeadaí fuaimeanna a bhailíonn sé ón nádúr agus ó chaithreacha. Is aoibhinn leis an tslí gur féidir ceol traidisiúnta agus ceol trialach a chur ar stáitse le chéile. Go dtí seo tá sé tar éis seinm agus taifead a dhéanamh le Lisa O Neill, The Mary Wollopers, John Francis Flynn agus Acid Granny. Chuir sé amach a chéad albam ‘Maidin Domhnaigh’ i 2024 agus ainmníodh é i gcomhair duais ‘Best Emerging Artist’ ag na Gradaim Folk RTÉ, i 2025. Tá sé ag obair ar a dara halbam fé láthair.

Last edited: