Spring Symposium on Language Planning i nGaillimh

(English Version below)

Tugann Ollscoil na hÉireann Gaillimh cuireadh dóibh siúd ar spéis leo an phleanáil teanga agus an éagsúlacht chultúrtha, freastal ar Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga a bheidh á reáchtáil ag Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dé Luain 28 Márta 2011. Faoi iamh anseo tá clár agus póstaer na scoile.

Bheinn go mór faoi chomaoin agat dá bhféadfá an t-eolas seo a scaipeadh ar chomhghleacaithe/mic léinn de bhur gcuid nó i measc bhur lucht aitheantais a bhfuil spéis acu sna ceisteanna tábhachtacha seo.

Glacfaidh taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na pleanála teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil mionteangacha an domhain ag maireachtáil.

I measc na n-aoíchainteoirí beidh: Dr Enlli Thomas, Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bheag, Dr Peadar Ó Flatharta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dr F. Xavier Vila i Moreno, Ollscoil Barcelona, An Chatalóin agus Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Más mian leat clárú don Scoil Earraigh, bheinn buíoch díot an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn ar do luathchaoithiúlacht. Tá muid ag druidim i dtreo dháta na Scoile agus ní mór clárú go luath le bheith cinnte go mbeidh spás curtha in áirithe.

Má bhíonn breis eolais uait i dtaobh na Scoile Earraigh nó ceist ar bith agat, ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh liom ar ríomhphost nó ag na huimhreacha thíos. laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie

Laoise Ní Thuairisg
Feidhmeannach Pleanála Teanga
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh



A chara,

The National University of Ireland, Galway will host its second Spring Symposium on Language Planning on Monday the 28 March 2011, organised by the Language Planning Unit of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. The Symposium is aimed at those who have an interest in cultural and linguistic diversity, and the challenges posed to this diversity in various language communities.

We would like to forward the Programme of the Symposium and the registration form, along with a publicity poster. We would be grateful to you if would complete and return the registration form as soon as possible if you wish to attend the Symposium. Please forward this information to colleagues / students or acquaintances who may be interested in these important issues.

Both national and international scholars of language planning will contribute to the Symposium, with the aim of encouraging discussion and critical analysis of the various language planning challenges at this critical juncture. Invited lecturers include: Dr. Enlli Thomas, Bangor University, Wales, Dr. F. Xavier Vila i Moreno, University of Barcelona, Dr. Peadar Ó Flatharta, Dublin City University and Dr. John Walsh, NUI Galway.

If you have any queries regarding this symposium, please do not hesitate to contact me. laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Mary Greene, Alice Jago, Christiana Underwood, Sara Corkery, Meadhbh Hayes
An Spailpín Fánach, 28 South Main St., Cork

5th Oct 2024 @ 5:00 pm
More info..

Annika Kilkenny

Winthrop Avenue (@ Old Oak), Today @ 7pm

More events ▼
Top