Sa Bhaile le Nóra agus Pádraig
le Séamas Ó Neachtain
Tá Nóra ag gol. D'imigh Pádraig. Bhí fearg air. Is buachaill mór é. Thug sé bualadh do Nóra, ar a srón. Agus anois, tá sí ag gol. Tá fearg uirthi, freisin. Is cailín beag í.
Níl Pádraig go deas. Tá sé go dona. Itheann sé lón Nóra gach lá. Briseann sé a
peann luaidhe. Déanann sé a bricfeasta salach. Tá sé go dona ar fad.
Lá amháin, bhí Nóra an-tuirseach de. Rinne sí plean. Ní raibh eagla uirthi. Ní raibh Pádraig ansin fós. D'ith sí a bricfeasta. D'ól sí beoir. D'ól sí cúpla beoir. Nigh sí an bord. Chuir sí mála faoin mbord. Chuir sí scian faoin mbord, le téip. Chuir sí cúpla buidéil folamh i mbosca. Bhí an-fhearg uirthi.
Tháinig Pádraig. Shuigh sé síos ag an mbord. Chuir sé a chos ar an mála. Bhris sé. Bhí sé lán. Bhí sé salach. Bhí fearg ar Phádraig, cinnte. Dúirt sé rud olc. D'éirigh sé ina sheasamh, agus rith sé go Nóra. "Stad!" arsa Nóra. Níor stad. Rug Nóra ar bhuidéal folamh as an mbosca. D'éirigh Pádraig a lámh. Ní raibh eagla ar Nóra. Bhris sí an buidéal ar a cheann. Rug sí ar cheann eile. Bhris sí an ceann sin air freisin. Ansin, rug sí ar an scian. Scian mhór bhreá ab ea é. Bhuail sí Pádraig leis. Thug sí cic dó. Shuigh sí air, agus bhuail sí é leis an scian arís is arís eile. Bhí fearg go leor uirthi. Ní raibh Nóra go deas. Stad Pádraig.
Nuair a tháinig na gardaí, bhí Nóra ag gáire. Bhí sí ag caint léi féin. Ní raibh Pádraig ag caint. Ní raibh fearg air. Bhí sé ina luí ar an urlár, agus fuil ina thimpeall. Bhí ionadh ar na gardaí. "Nach cailín beag deas í?" cheap siad. Ansin, tháinig na fir sna cótaí bána, rug siad ar Nóra, agus d'imigh siad léi.
Pádraig bocht. Ní raibh sé go deas, agus anois, níl sé ann.
Nóra bhocht. Tá sí ina cónaí anois i seomra bog, agus bíonn cóta bán uirthi gan muinchillí oscailte air. Bíonn Nóra ag gol agus ag gáire. Ní dhéanann sí a bricfeasta. Ní níonn sí í féin. Ólann sí tae speisialta. Ní bheidh sí sa bhaile le tamall. An mbeidh sí sa bhaile ar ball? Níl a fhios agam. Níl brón uirthi. Ní raibh sí ag súgradh.
Tháinig na gardaí ar ais go dtí a teach. Ghlan siad an t-urlár. Thóg siad corp Sheáin go dtí an t-ospidéal. Bhí Pádraig fuar. Bhí sé fliuch. Ní raibh sé glan, ach bhí sé salach. Ach ní raibh sé marbh fós! D'oscail sé a shúile! Rug sé ar an dochtúir agus dúirt sé leis, "Cá bhfuil an bhean dhamanta sin?! Cá bhfuil sí?!" D'inis an dochtúir dó go raibh sí i rang Gaeilge áit éigin. D'inis sé dó go raibh scoil Ghaeilge ann in Babylon.
Nuair a tháinig feabhas ar Phádraig, d'imigh sé as an ospidéal, agus chuaigh sé ag lorg Nóra. Bhí fearg air fós. Thug sé ainm nua air féin. Ní deir sé rud ar bith faoi Nóra riamh. Bíonn sé ciúin. Bíonn sé ag féachaint. Bíonn sé ag fanacht. Cá bhfuil Pádraig? An bhfuil sé anseo? An bhfuil sé ag teacht? An bhfuil sé anseo anois? Tá sé dorcha amuigh