Le greann

Dia dhaoibh a dhaoine,
Níl mé cinnte má tá seo feicthe agaibh go léir cheana fein ach ar aghaidh liom ar aon nós. Is é.. Búntus Cainte (na caibidlí caillte nó rud éigin mar sin ;)

'Tagann Daidí abhaile'




Is maith le Mamaí tae. Is maith léi THC freisin. Ach is fearr léi uisce beatha.
Ólann sí cúpla gloine de gach cúpla nóiméad. Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhí sí ar an urlár ina codladh, agus d'fhág sí a cuid airgid ón dól ar an mbord.
Muise, thóg mé é agus chuaigh mé go dtí teach na ndrugaí. Is minic a bhím ansin le mo mhamaí. Mar sin, is féidir liom rud ar bith a cheannach ansin. Ceapann siad go bhfuil na drugaí do mo mhamaí, ach is liomsa iad. Is maith liom tobac aisteach, ach is fearr liom hearóin.



Bhuel, an uair seo, cheannaigh mé mórán de, agus chaith mé an lá ar fad faoi sceach, as mo mheabhair. Nuair a bhí sé dorcha, d'oscail mé mo shúile agus ní raibh a fhios agam cá raibh mé. "Is cuimhin liom anois!" dúirt mé. "Beidh Daidí sa bhaile go luath, agus feicfidh sé mamaí ar meisce! Beidh fearg air!"



Chuaigh mé abhaile, ach bhí Daidí ansin romham. Agus bhí fearg an domhain air. Ní raibh Mamaí ina dúiseacht fós. Agus dar ndóigh, ní raibh an t-airgead ar an mbord.



"Cá bhfuil an t-airgead, a amadáin!" dúirt m'athair liom. "Cá bhfios?" arsa mise.
"Níl a fhios agamsa."



"Ní chreidim thú, a mhic! Tá rud aisteach faoi do shúile.
An raibh tú ag caitheamh drugaí arís?!"



"Ní raibh, a Dhaid! Ná buail orm!"



"Éist do bhéal! Téigh go dtí do bhosca faoin staighre!"



"Ná déan sin arís, a Dhaid! Beidh mé i mo bhuachaill maith!"



"Téigh!" arsa Daid, agus mar sin, chaith mé an samhradh sin sa bhosca faoin staighre arís. D'ith mé mo bhricfeasta as babhla miotail, agus d'ól mé cúpla braon uisce, agus bhí fearg orm nach raibh fuinneog ar bith agam le cúpla mí.



Tháinig na gardaí nuair a bhris Daidí srón Mhamaí. Chuaigh seisean go príosún le tamall arís. Chuaigh Mamaí go rehab. D'fhán mé sa bhosca le cúpla lá, agus ansin, bhí mé i mo chónaí faoi sceach. Fuair mé airgead ag díol craic.



Cheannaigh mé gunna leis an airgead. Ach sin scéal eile.
 
Ana dheas! FíorGhaeilge ansin gan dabht. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill scoile ag léamh na labhair siúd, bhíodh Mamaí i gcónaí sa chistin agus bhí Deadaí amuigh ag obair nó ag caitheamh a phíopa ina shuí go sámh.

Bhíodh clog uafásach seascadach os cionn na tine freisin, sna peictiúirí....


.
 
GRMA. Más maith libh, déanaimis cúpla ceann eile! Ach is tábhachtach stór focal beag, cosúil lena bhfuil in Buntús Cainte, a úsáid.
 
An bhfuil cóip de Buntús Cainte 1 agat? Má tá, léigh cúpla scéal ann, agus bain feidhm as na focail is na daoine iontu - ach cuir ar tuathal an scéal!
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Hysterical Histories Cork- Dinner Theatre Experience
Amicus, Paul Street

11th Oct 2025 @ 7:00 pm
More info..

Cork Voices Of The Irish Revolution

St. Peters Cork, Tomorrow @ 10am

More events ▼
Top