• A reminder that if you give a thumbs up or similarly positive reaction to a racist comment you may also receive a ban along with the user that wrote the post.

Galar na nÉan agus RTÉ

Ar thug éinne fé ndeara é. Charlie Bird ag éirí níos éanúla gach uair a thagann sé ar an scáileán.

Féach go cruinn air. An srón préachánach úd, an clúmh cleiteach dorcha ar bharra a bhaithise, an scrogall tanaí, an glór giolcaireacha, an slí cliathánach a amharcann sé ar an gceamara. Murach gur baisteadh san eaglais Rómhánach é bheadh sé ina éan fiáin ar foluain fésna spéartha gorma oscailte.

Anois, an mhórcheist, nuair a thiocfaidh Fliú na nÉan chomh fada le oileán glas seo na naomh is na bpeacach an mbeidh Charlie bocht i mbaol é a tholgadh.

Tá an-imní orm.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC – Fáilte roimh cheartúcháin.
 
What's On Today

Live Music

Ballads & Banjos

The Welcome Inn, What's On Today @ 9:30 pm

More events ▼
Top