Dúchas na nAstrálach

Briseann an dúchas tré shúile an changarú. Agus is cinnte gur bhris sé i sruth láidir gránna fealltach inniu i Melbourne. Dúchas na murdaróirí, na n-éagnóirí caorach, na robálaithe a cuireadh anonn go dtí Van Dieman’s Land fós go réabach sna cuislí acu. Ba chóir dóibh a ainmhí náisiúnta a mhalartú don Ghoraille.

Agus ba chóir dúinn deireadh a chur leis an mbréag-chluiche compromise seo. Is beag compromise a bhí le feiscint inniu ar pháirc an áir ag na tugaí Astrálacha.

Táim tar éis mo chuid tinnies Foster go léir a chaitheam síos an draein. Molaim baghcat náisiúnta ar thorthaí Astrálacha go mórmhór an nimh ceimeacach sin a nglaonn siad fíon air.

G’day Mate. Ach droch-lá do spiorad an spóirt

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - Slááán Tamall

FRC
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Hysterical Histories Cork- Dinner Theatre Experience
Amicus, Paul Street

23rd Aug 2025 @ 7:00 pm
More info..
More events ▼
Top