ag foghlaim na Gaoluinne le TYI

Tá 'Teach Yourself Irish' agus 'Teach Yourself Irish Grammar' agam. Is maith liom iad!! Ní fhaca mé é as Gaeilge an Mumhain fós, ach gheobhaidh mé é, de réir. Ba mhaith liom foghlaim Gaeilge Mumhain ó tharla bhí mo mhuintir as gCorcaigh. Táim ag foghlaim an Ghaeilge caighdeán faoi láthair.
 
TYI Dillon vs. Ó Sé

JSmith13 said:
<i>Tá 'Teach Yourself Irish' agus 'Teach Yourself Irish Grammar' agam. Is maith liom iad!! Ní fhaca mé é as Gaeilge an Mumhain fós, ach gheobhaidh mé é, de réir. Ba mhaith liom foghlaim Gaeilge Mumhain ó tharla bhí mo mhuintir as gCorcaigh. Táim ag foghlaim an Ghaeilge caighdeán faoi láthair.</i>

An bhfuil an cóip agat le Diarmuid Ó Sé, nó le Myles Dillon? Tá siad an-difriúil. Múineann TYI le Dillon an Ghaoluinn; tá sé as chló anois, ar an drochuair. Múineann an TYI le Ó Sé an Ghaeilge chaighdeán. Tá an leabhar sin i gcló fós.

Chuala mé faoi "Teach Yourself Irish Grammar" an tseachtain seo chaite, agus ceannóidh mé cóip ar ball.

Le meas,
Cionaodh
 
Last edited:
Cloisim gur é "Learning Irish" le Micheál Ó Siadhail an ceann is fearr i bhfad ach 'sé sin Gaeilge Chois Fharraige (Con na Mara).



.
 
cionaodh said:
An bhfuil an cóip agat le Diarmuid Ó Sé, nó le Myles Dillon? Tá siad an-difriúil. Múineann TYI le Dillon an Ghaoluinn; tá sé as chló anois, ar an drochuair. Múineann an TYI le Ó Sé an Ghaeilge chaighdeán. Tá an leabhar sin i gcló fós.

Chuala mé faoi "Teach Yourself Irish Grammar" an tseachtain seo chaite, agus ceannóidh mé cóip ar ball.

Le meas,
Cionaodh

Tá 'TYI' le Sheils agus Ó Sé agam, ach tá 'TYI Grammar' le Éamonn Ó Dónaill. Níl 'TYI' nua agam. Ba mhaith liom 'TYI Conversational Irish' ar dluthdioscaí.
 
TYI go leor

JSmith13 said:
Tá 'TYI' le Sheils agus Ó Sé agam

Cheap mé é sin; beimid ag foghlaim leis an TYI le Dillon agus Ó Cróinín.

JSmith13 said:
ach tá 'TYI Grammar' le Éamonn Ó Dónaill.

Is é an fear a scríobh na cúrsaí "Now You're Talking" agus "Turas Teanga". Bainim sult as na DVDanna Turas Teanga.

JSmith13 said:
Ba mhaith liom 'TYI Conversational Irish' ar dluthdioscaí.

Ba mhaith liom cóip chomh maith, ach níl siad le díol fós. (go luath!)

Le meas,
Cionaodh
 
cionaodh said:
A chairde,

Beidh daoine ar fud an domhan ag foghlaim na Gaoluinne an bhliain so chugainn leis an leabhar "Teach Yourself Irish" le Myles Dillon agus Donncha Ó Cróinín:
http://groups.yahoo.com/group/TYIMunster/


Níl TYI le Myles Dillon agam ach oiread ar an drochuair. Is breá liom Gaeilge na Mumhan ach tá sé socraithe i m'intinn agam go leanfaidh mé ag déanamh staidéar ar an gCaighdeán Oifigiúil. Go n-éirí leat
 
Asarlaí said:
....... ach tá sé socraithe i m'intinn agam......

Cúla Nuala!!! Is liom an ceann sin, go breá líofa nádúrtha. Tá ag éirí go geal leat, a mhic, go méadáí Dia thú.

Dála an scéil, foilsiodh an físchluiche siúd ar an 11ú Samhna agus, de réir tuairisc, níl sé ar fónamh ná baol ann.


.
 
Gobadán said:
Cúla Nuala!!! Is liom an ceann sin, go breá líofa nádúrtha. Tá ag éirí go geal leat, a mhic, go méadáí Dia thú.
Grma a dhuine, déarfainn nach raibh ann ach tuairimíocht shona.
Gobadán said:
Dála an scéil, foilsiodh an físchluiche siúd ar an 11ú Samhna agus, de réir tuairisc, níl sé ar fónamh ná baol ann.
Togha, sílim. An bhfuil sé sna siopaí mar sin agus an féidir leat a sceitheadh cén t-ainm atá ar an físchluiche fós?
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
The Rocky Horror Show
Cork Opera House, Emmet Place, Cork

26th Aug 2025 @ 8:00 pm
More info..

Trad Music & Irish Dancer

The Blue Haven, Tomorrow @ 8:30pm

More events ▼
Top