€12,000 ar fáil le haghaidh píosa beag obair

Ba bhreá liomsa an jab seo a bhuachaint!

(alt ag http://www.gaelport.com/index.php?page=news&news_id=134 )

Ceadaíonn Ó Cuív EUR12,000 do Ghaillimh le Gaeilge
04 Samhain 2005

Tá sé fógartha ag Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil sé tar éis deontas EUR12,000 a cheadú do Ghaillimh le Gaeilge le haghaidh uasghrádú a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin an eagrais.

Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge i 1987 le go neartófaí an Ghaeilge, go háirithe mar acmhainn eacnamaíochta, i limistéar na Gaillimhe. Le roinnt blianta anuas, tá cathair na Gaillimhe ag méadú agus tá sé tábhachtach go mbeadh Gaillimh le Gaeilge in ann dul i ngleic leis na dúshláin a chruthaíonn an borradh seo i réimse na teicneolaíochta.

Tabharfaidh an maoiniú breise seo deis do Ghaillimh le Gaeilge na leasuithe seo a dhéanamh ar a shuíomh Gréasáin:

* Uasghrádú a dhéanamh ar fheidhmiú an tsuímh féin
* Dearadh úr a dhéanamh a mheallfadh tuilleadh de phobal gnó na Gaillimhe
* Deiseanna a thapú ag éirí as leathnú an bhanda leathain
* Leathanach nuachta a thaispeáint ar an leathanach baile a bheidh ag athrú go rialta.

Dúirt an tAire Ó Cuív, "Is léir go bhfuil cur chuige straitéiseach ceangailte leis na hathruithe seo atá molta ar shuíomh Idirlín Ghaillimh le Gaeilge. Clúdaíonn sé seo an bealach a bhfuiltear ag díriú ar an lucht gnó agus an iarracht atá á dhéanamh ar ról an eagrais a fhorbairt tríd an suíomh Idirlín. Tá áthas orm an deontas seo a cheadú dá réir."

www.gleg.ie
 
* Uasghrádú a dhéanamh ar fheidhmiú an tsuímh féin
* Dearadh úr a dhéanamh a mheallfadh tuilleadh de phobal gnó na Gaillimhe
* Deiseanna a thapú ag éirí as leathnú an bhanda leathain
* Leathanach nuachta a thaispeáint ar an leathanach baile a bheidh ag athrú go rialta.


Tá go leor oibre sa mhéid sin agus píosa maith eolais de dhíth chun í a dhéanamh i gceart agus, cá fhad a bheidh an duine ag athrú an leathanach nuachta????



.
 
EVENT GUIDE - HIGHLIGHT
Stand-up Comedy Club: Primetime Comedy Show
The Roundy, Castle St.

26th Jul 2025 @ 8:30 pm
More info..
More events ▼
Top