Go Back   Peoples Republic Of Cork Discussion Forums > Daon Phoblacht Chorcaí
User Name
Password
Reply
 
Thread Tools Display Modes
  #1  
Old 09-05-2011, 10:25 PM
Darren J. Prior Darren J. Prior is offline
 
Join Date: Apr 2009
Location: Baile Átha Cliath Thiar
Posts: 137
Default Iontach - Raidió Rí-Rá le chloisteaíl ar iPhone

Céim mhaith!!!

"Anois go bhfuil nuashonrú déanta ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá ag Raidio RiRa iPhone App tá an cairtstáisiún Gaeilge ag iarraidh leagan úr an app a chur go barr chairteacha iTunes!

Tá na mílte daoine tar éis feidhmhchlár Raidió Rí-Rá don iPhone a íoschóipeáil in aisce ó iTunes ó seoladh é ag tús 2010, agus is féidir le héisteoirí cluas a chur leis an gcairtstáisiún Gaeilge tríd an iPhone s’acu ag am ar bith de ló ‘s d’oíche, tríd an bhliain ar fad, leis an app nuashonraithe anois.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Bhí agus tá an-tóir go deo ar app Raidió Rí-Rá chun scoth an cheoil ó na cairteacha a chloisteáil, á chur i láthair trí Ghaeilge 24/7. Anois is féidir le héisteoirí amharc ar shuíomh Raidió Rí-Rá ag Raidió Rí-Rá, cairdeas a dhéanamh linn ar Facebook, agus an nuacht is déanaí a fháil ó shruth RSS ar an leagan nua den app ag Raidio RiRa iPhone App .”

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún a sheinneann ceol ó na cairteacha ar fad trí mheán an Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar-líne ag Raidió Rí-Rá, le cláracha á gcur i láthair ag an óige, don óige. Tá súil ag an cairtstáisiún go gcuirfidh an nuashonrú seo feidhmchlár Raidió Rí-Rá i mbarr 25 na gcairteacha íoslódála iTunes an tseachtain seo.

Dúirt Aodhán Ó Deá, láithreoir Raidió Rí-Rá: “Tá Raidió Rí-Rá ag dul ó neart go neart le tamall anuas agus theastaigh uainn feidhmchlár an stáisiúin a fhorbairt chun sin a chur in iúl dár lucht éisteachta iPhone. Leis an nuashonrú seo, táimid ag iarraidh ar éisteoirí a rá lena gcairde go bhfuil áis iontach cheoil agus Ghaeilge ar fáil dóibh ó Raidió Rí-Rá gan costas ar bith, agus iad a spreagadh leis an app a íoschóipeáil in aisce ó Raidio RiRa iPhone App inniu.”

Sa bhreis ar chraoladh ar-líne tríd an bhliain ar fad, bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM le linn mhí an Mhárta gach bliain ó bhí 2009 ann agus é ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta ar son na teanga, le trí bliana anuas. Bhí teacht ar níos mó ná milliún daoine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2011.

Is é an craoladh sealadach le linn mhí an Mhárta gach bliain an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha, dar le Traic Ó Braonáin, agus tá Raidió Rí-Rá de shíor ag iarraidh teacht ar mhodhanna éisteachta nua ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ar nós tríd an app iPhone nua.

Tá obair idir lámha ag Raidió Rí-Rá chun feidhmchlár Android a fhorbairt faoi láthair, tá an cairtstáisiún ag amharc ar fhéidearthachtaí dul ar an gcóras DAB agus tá siad ag dul i dtreo na teilifíse digití amach anseo chomh maith. D’eisigh Raidió Rí-Rá Albam Rí-Rá i gcomhar leis an Irish Daily Star le linn an chraolacháin i mí an Mhárta 2011 freisin, albam le hamhráin ó na cairteacha aistrithe go Gaeilge ag leithéidí The Rubberbandits, The Coronas, Fox Avenue agus eile."

Foilsithe ar Gaelport.com 09 Bealtaine 2011
Reply With Quote
Reply

Thread Tools
Display Modes

Posting Rules
You may not post new threads
You may not post replies
You may not post attachments
You may not edit your posts

BB code is On
Smilies are On
[IMG] code is On
HTML code is Off

Forum Jump



Aistrigh/Translate










All times are GMT +1. The time now is 09:23 PM.


Powered by vBulletin® Version 3.8.10
Copyright ©2000 - 2017, vBulletin Solutions, Inc.
All forum comments are the sole responsibility and property of forum users. PeoplesRepublicOfCork.com and its sponsors disclaim all liability for content posted by users of the forum. PeoplesRepublicOfCork.com and its sponsors do not necessarily share the views expressed in this forum. Use the report post system to have comments considered for edit or deletion. All users are IP logged. Website hosted by Hostrocket USA.