A Mhná na Cruinne, Beannachtaí Vailintín dhaoibh go léir. Ó chroí-lár mo chroíse tá saighead Chúipid ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo, ag iompar leis dosaen rósanna dearga agus míle póg. Éistigí anois is cloisfidh sibh guitarra de fado ag seinnt lastigh de bhur bhfuinneog. Á! an bhfuil aon ceol ar domhan níos rómánsúla ná an fado? Osclaigí an nasc seo ar tháb eile is bígí ag éisteacht le linn daoibh bheith ag léamh.
http://www.youtube.com/watch?v=L0G-t...eature=related
Inniu lá an amour, féile an phaisin dochloíte. A spéirbhruinnill an domhain, go bhfaighe sibh ridire ar chapall bán a thabharfaidh searc grámhar daoibh gach lá de bhur saol. Agus a mhná ná fuil chomh spéiriúil sin a thuilleadh agus a bhfuil bhur bruinnealleacht fágtha in bhur ndiaidh blianta ó shin; ná bac san. Ná bac na roic agus na ribí airgead-stríoctha, níl aon slí don aoiseachas inniu ann. Fad is atá rithim in bhur cosa, spréach in bhur súile agus speach in bhur gcroí, tabharfaidh Naomh Vailintín aire daoibh. Cuimhnigí go bhfuil seana-bhróg ann le haghaidh gach seana-stóca - agus sinn ag dul in aois níl aon ní níos tábhachtaí ná péire breá compórdach de bhróga stóinsithe.
Anois cuirigí péir bróga daingne oraibh is téanam amach lámh ar lámh ag spaisteoireact fén dtuath. Tá na héin ag cur a gcroí amach le teann áthais ag iarraidh a vailintín féin a mhealladh chuchu - fuadar futhu chun dul i mbun neadaireachta. Tá na plúiríni sneachta dár mbeannú ar an slí, na cróich ag gobadh amach ón bhfeír ag tabhairt dúshlán na seaca. Anois tá bruach an aigéin sroichte againn, na tonnta ag bualadh ar na carrigreacha ag iompar macallaí calypso ar shruth teólaí na mhurascaille.
Ach tá sé in am againn a bheith ag fáil réidh i gcomhair Bhál Vailintín - éadach foirmiúil ag teastáil dar ndóigh. Ach ar dtúis scaoilimís an corc ón mbuidéal seaimpéin, líonaimís na flútanna agus ólaimís sláinte na mban.
Nach iontach go deo é mar radharc; an halla mór coinneal-lasta, Ceolfhoireann Fiolarmónach Berlin ag soláthar an cheoil. Lanúnacha na staire ag valsáil timpeall an úrláir. Táid go léir ann: Véineas agus Mars, Diarmuid agus Gráinne, Tristan agus Isolde, Abelard agus Eloise, Romeo agus Juliet, Victoria agus Albert, Victoria an lae inniu; Victoria agus David, Oscar agus Bosie, Bonnie agus Clyde etc. Anois, brostaigí, raghaimís amach ina dteannta, tá an tango fógraithe.
Ach faraoir, caithfidh mé slán a fhágáil agaibh sara dtosnóidh seó na tinte ealaíne mar cloisim eochar sa bhfrontdoras. Mo bhean ag filleadh. Bíonn sí ana-amhrasach fén méid ama a chaithim ar an gréasán. Ceapann sí go bhfuil affair idirlín ar siúl agam. Ach sara n-imeod canfaidh mé giota beag de amhrán grá simplí daoibh, dom thionlacain féin ar an aer-ghiotár dílis.
You are my sunshine, my only sunshine
You make me happy when skies are gray
You'll never know dear, how much I love you
Please don't take my sunshine away
Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall.
FRC
http://chetwyndedowns.blogspot.com/