tempobet Instagram Profiles
Peoples Republic Of Cork Discussion Forums - View Single Post - An gaeilge is measa atá feicthe agat?
View Single Post
  #8  
Old 03-11-2009, 12:00 AM
Goban Daor Goban Daor is offline
 
Join Date: Oct 2009
Posts: 1
Default

San nuachtán úd Foinse, sul ar éag sé (agus goileann sé go mór orm nach bhfuil fonn ar ár Rialtas - má's Rialtas é – taca a thabhairt do foilseacháin dá leithéid sin) – eannaí bhué: chonac an ráiteas seo: "Bhí orainn an seó a choinneáil ag dul" – Agallamh leis an aisteoir úd Duchovny as an X files abhí ann. Ouch! Cheapas ar dtús go raibh an Ghaeilge aige – truaillithe gan dabht, ach cúis iontais dom go raibh aon smid aige. Ach, dar ndóigh, aistriúchán a bhí ann.
Níos measa: chualas ar T na G: "Táimíd ag rith amach as am". Agus chualas ó chara liom: "Táimíd ag rith amach as siúcra!" – Ach bhí mo chara ag magadh fúm, agus bhí an léiritheoir lán dáiríre. Ná beirigí libh go bhfuil fonn orm laincisí a chur ar éinne go bhfuil fonn air an Ghaeilge a úsáid, na "cúpla focal", fiú; ach measaim gur chóir dos na daoine go bhfuil an Ghaeilge acu (mar shampla, lucht T na G) fíor-Ghaeilge a labhairt in ionad Béarlachais, nó patois trúaillithe. Mar adúirt Gaeilgeoir as Conamara tamall ó shin (agus bhí sé lán dáiríre!): "Tá an t-Adhrais leanguits focáilte i gceart ag na h-Ingis spícirs!" – Go bhfóire Dia orainn!
Reply With Quote