PDA

View Full Version : Ciorcal Cainte i gCorcaigh


donaghkebab
04-12-2006, 03:05 PM
Éinne ag iarraidh a bheith páirteach le bunú ciorcal cainte Gaeilge
i teach tábhairne i gCorcaigh áit éigin. Is féidir linn bualadh le chéile gach dara seachtain nó uair sa mhí....

Asarlaí
06-12-2006, 01:53 AM
Smaoineamh maith atá ann, is trua nach bhfuil cónaí orm i gCorgaigh. Má bhí, rachainn leis, gan mhoill.

goosed
06-12-2006, 04:45 PM
bím i gCorcaigh uair sa Mhí , so ar aghaidh leat - an mbeidh guinness ann?

Natty Dread
07-12-2006, 11:07 AM
Smaoineamh an-mhaith!! Lean ar aghaidh!

goosed
08-12-2006, 05:51 PM
bhuel buachaillí cad e an sceal?

PegLeg
09-12-2006, 01:36 AM
I'd love to come and listen...my Irish is too poor to contribute.
I'm starting a hdip in Prim ed in February and need to brush up on my skills.
Plus, I'd love to meet new people

donaghkebab
11-12-2006, 05:34 PM
Rite O.

Táimse chun rud éigin a eagrú agus feicimid cad a tharlóidh.
Is féidir linn an chéad chéim eile a phlé sa phub. Tá súil agam go mbeidh
guinness ann goosed nó beamish ar a laghad.

Só cén lá é an ceann is fearr daoibhse? Bhios ag smaoineamh faoi luain nó máirt nuair nach bhfuil aon rud eile ar siúl ag mórain daoine...

goosed
12-12-2006, 06:39 PM
beidh me i gCorcaigh an Mairt seo chughainn so ar aghaidh leat

donaghkebab
15-12-2006, 10:20 AM
Ceart go leor. Déarfaimis go mbeidh trial againn é seo a dheanamh de Mairt seo chughainn. Nil a fhios agam cé a thiocfaidh. An bhfuil smaoineamh ag éinne faoin bar nó suoimh? Céard faoi áit éigin lena hainm in nGaelige nó an bhfuil sé sin ró cáisiúl?

GaryOR
16-12-2006, 01:04 PM
nuair a thagann sé go rudaí mar seo ní bheadh aon fhonn ar aoinne buaileadh suas le daoine as an idirlíon... d'fháthanna maithe ar ndóigh.

donaghkebab
18-12-2006, 10:26 AM
Ni dócha é! Ceapaim go bhfuil a dhóthain taith ag daoine ar an idirlion
faoin am seo Ni ceapaim go bhfuil morain daoine ar domhain nach bhfuil 'as an idirlion' faoin am seo.

Nil aon bru orts teacht dar ndóigh! Ach dá'm rud é go bhfuil suim aga doine rudai a dheanmah faoin dteanga, caithfear a bheith nios dóchasa ná tú féin!

Fuarthas teachtaireacht ó muintir PROC ag rá go rabahdar taobh thiar den smaoineamh agus ag iarraidh canhrú leis.

donaghkebab
19-12-2006, 10:55 AM
Muna bhfuil éinne ag iarraidh bualadh anocht fágaimid é go dti go mbeidh an Nollaig thart.

Natty Dread
19-12-2006, 02:07 PM
Ahhhhhhh. Ceart go leor.

donaghkebab
03-01-2007, 12:44 PM
Ceart go leor. Tá siúl agam go raibh saoire maith ag cách.
Tá sé ar intinn agam an rud seo a thosú an seachtain seo chughainn.
Faoi láthair nil suiomh roghbnaithe againn fós- So tá súil agam go bhfuil smaoint agaibh faoi teach tábhairne éigin. Cad a cheapann sibh faoi Dé Máirt seo chughainn an 9ú?

doppellanger
03-01-2007, 03:43 PM
hehe, you said cáċ.

goosed
04-01-2007, 02:35 PM
bheul a bhuachaillí cathain an mbeidh an event seo ar siúl?

donaghkebab
04-01-2007, 05:31 PM
Jesus lads an bhfuil áit agaibh. muna dhéanann sibh cinne...!?
Céard faoi áit ar nós an mutton lane, nó b'fhéidir ait nios ciúin...

Táimid ag rá an Máirt seo chughainn ar aon nós.

donaghkebab
07-01-2007, 10:07 PM
Ceart go leor.
Dé Máirt seo chughainn. 9ú Eanair. Thuas staighre, Sin É, Sr. Coburg? 8.00in

Cad a cheapann sibh?

Wumble
07-01-2007, 10:26 PM
Beidh mé ghnóthach, ag siúl amach le h-ainnir álainn, is a' pógadh a béilín bínn.

Ach ar aghaidh libh. Go n-éiri libh.

Claire.h
08-01-2007, 12:41 AM
Ainnir? An-suimiuil. An bhfuil na connotations cosuil le Bearla?

An bhfuil fhios agat fós cá mbeidh sibh ag dul?

I've recently realised that it's kinda ironic that I criticise people for mis-spellings etc in English, and I feel so free to abuse other languages.

Claire.h
08-01-2007, 12:46 AM
Agus cad a tharla do na fadai?

donaghkebab
08-01-2007, 10:45 AM
Cén fáth nach dtógfaidh tu leat i? Nil ait nios fearr le a bheith ar date ach le slua daoine eile nach bhfuil aithne agat orthu ag labhairt Gaelige.

(De Mairt 9/1; Sin É, (sr. Coburg) thuas staighre, 8in.... <------

Claire.h
08-01-2007, 01:39 PM
Mar ba bhrea lei bheith abalta pairt a glacadh san comhra!

goosed
08-01-2007, 02:06 PM
damn nilim i gCorcaigh amarach - beidh me ann an seachtain seo chughainn afach

Wumble
08-01-2007, 04:22 PM
Ainnir? An-suimiuil. An bhfuil na connotations cosuil le Bearla?

An bhfuil fhios agat fós cá mbeidh sibh ag dul?

I've recently realised that it's kinda ironic that I criticise people for mis-spellings etc in English, and I feel so free to abuse other languages.

N'fheadar cad íad na bfhociall i mBéarla! "Lovely young thing," d'fhéadfá a rá.

Níl fhios cá mbeimíst ag dul. Brathann sé uirthi, is dócha. Tá smaoineamh nó dhó agamsa ach i ndáiríre, táim éasca go leor.

Éasca, like. Muha!

Claire.h
08-01-2007, 04:39 PM
Not "virgin", then?

Fear éasca agus ainnir álainn ag siúl amach. Tá siúl agam go mbeidh chaperone agaibh!

Ciotóg
08-01-2007, 04:42 PM
Ciorcal Cainte ar siúl ansan. Ciorcal beag, like.

Wumble
08-01-2007, 04:57 PM
Not "virgin", then?

Fear éasca agus ainnir álainn ag siúl amach. Tá siúl agam go mbeidh chaperone agaibh!

Ó tuigim - "comely maiden" 7rl? Fadó, is dócha, ach nowadays níl éinne ag ligint dóibh go bhfuil a leithéid i gceist.

Chaperone, eh? Hope not!

donaghkebab
08-01-2007, 05:27 PM
Ciorcal Cainte ar siúl ansan. Ciorcal beag, like.

Cheana féin (,like) ?

Ciotóg
08-01-2007, 05:41 PM
Ná tabhair aon aird ormsa. Díreach ag gabháil tríd na háite.

Cá rabhas arís?

Wumble
08-01-2007, 05:43 PM
Dóibh, a dúirt.

Gowl.

*náire*

donaghkebab
08-01-2007, 05:46 PM
Ta suil agam go mbeidh an oiread sin bladaireacht ar siul sa chiorcail mar ata istigh anseo faoi láthair!

Ciotóg
08-01-2007, 05:48 PM
Mise leis! Má bhíonn, beidh sé cosúil leis an Da Vinci Code, ach as Gaeilge.

*Très confused altogether*

Wumble
08-01-2007, 06:03 PM
De Fíansaí Cód?

trasnanadtonnta
09-01-2007, 04:05 AM
Ainnir? An-suimiuil. An bhfuil na connotations cosuil le Bearla?

An bhfuil fhios agat fós cá mbeidh sibh ag dul?

I've recently realised that it's kinda ironic that I criticise people for mis-spellings etc in English, and I feel so free to abuse other languages.

This is the main reason I generally don't even try to post in Irish (or French or anything else I have a few words of). I feel guilty inflicting it on people. Outside the Huge Cupboard anyway. In there, all bets are off, and rules are made to be broken...

Go n-éirí an t-ádh libh leis an ciorcal cainte. Dá mbeadh mé i gCorcaigh...well, actually, more than likely I wouldn't go for the reasons above. Ach ba mhaith liom bheith páirteach i rud mar sin. (*drochshudder* Sorry!)

donaghkebab
09-01-2007, 11:09 AM
for the reasons above. (*drochshudder* Sorry!)

Ba chóir duit trial a bhaint as. Ni bheidh aon obair bhaile, agus ni dheanann se aon difriocht cén cumas sa ghaelige atá ag daoine.

*no judgement here*:cool:

Annie Hall
09-01-2007, 11:35 AM
This is the main reason I generally don't even try to post in Irish (or French or anything else I have a few words of). I feel guilty inflicting it on people. Outside the Huge Cupboard anyway. In there, all bets are off, and rules are made to be broken...

Go n-éirí an t-ádh libh leis an ciorcal cainte. Dá mbeadh mé i gCorcaigh...well, actually, more than likely I wouldn't go for the reasons above. Ach ba mhaith liom bheith páirteach i rud mar sin. (*drochshudder* Sorry!)

Canathaobh an drochshudder, Tras? Tá do chuid Gaeilge go maith. B'fhiu (gabh mo leithscéal, nil 'u, séimhiu' nó 'i séimhiu' ag obair dom-sa ar na Fóraim seo nios mó) duit go mór a bheith páirteach sa chiorcal cainte. B'fhéidir gur cheart duit triail a bhaint as...

Ciotóg
09-01-2007, 12:32 PM
An ciorcal cainte.

"Dia dhiabh, is mise Mícheál. Uair dá raibh, bhí post breá agam, bean álainn, agus gluaisteán mór, morgáiste srl., ach lá amháin bhuaileas le fear, agus thug sé na milseáin "peanut M&Ms" dom. Go tapaidh bhíos tugtha dóibh; ní fhéadfainn feidhmiú gan iad. Thóg an banc an tigh, bhí nut allergy ag mo bhean agus d'fhág sí mé, chaill mé mo phost, agus bhuail mé rock-bottom. Washed up agus glanta amach. Duairt an sagart liom teacht anseo inniu. An bhfuil aon ciarsúirí agaibh?"

"Seo Mícheál. Tá sé alright. An-scéal ansan. Guinness, nach ea?"

"Sea, beidh ceann eile agam, más ea. Nice one."

Sin an ciorcal cainte.

donaghkebab
09-01-2007, 01:00 PM
Caithfear glacadh leis go bhfuil an ciorcail nios láidre ná thu. Sin é an chéad céim.

Claire.h
09-01-2007, 06:49 PM
This is the main reason I generally don't even try to post in Irish (or French or anything else I have a few words of). I feel guilty inflicting it on people. Outside the Huge Cupboard anyway. In there, all bets are off, and rules are made to be broken...

Go n-éirí an t-ádh libh leis an ciorcal cainte. Dá mbeadh mé i gCorcaigh...well, actually, more than likely I wouldn't go for the reasons above. Ach ba mhaith liom bheith páirteach i rud mar sin. (*drochshudder* Sorry!)

Na bac le do sense of shame. With our pidgen Gaeilge, we'll make a legitimate creole and shur what if nobody is able to understand us? Including ourselves.

Ni bheadh mé in ann freastal freisin.

SoberLane
10-01-2007, 02:27 AM
The fragile grasp of the language i had in school has totally gone at this stage. however if ye are meeting up i think my snug would be a good spot, it holds twelve and at least that way ye could be away from the english speakers . id be glad to look after ye as i would love to hear a few sceals , craic agus ceoil.

Cork
10-01-2007, 10:55 PM
Could this forum be put up pernamently on these pages.

Good idea - it would have to be a quiet enough pub.

Fear an Roicead
11-01-2007, 01:11 AM
táim ag deanamh cúrsaí gealige labharta suas i UCC gach oíche ceadaoin - tá alán suim ag daoine san teanga -tá níos mó na 300 daoine ag freastal na cúrsaí gach seactainne agus níl ait chun gaelige a chleachta taobh amuigh den rang. Ba mhaith liom ait gach seachtain beith ag caint le daoine eile as gealinn.
Cén oiche? - Táim in ann trí no ceithre daoine is breis a tharraignt fresin.
Slán go fóill

goosed
11-01-2007, 09:17 AM
táim ag deanamh cúrsaí gealige labharta suas i UCC gach oíche ceadaoin - tá alán suim ag daoine san teanga -tá níos mó na 300 daoine ag freastal na cúrsaí gach seactainne agus níl ait chun gaelige a chleachta taobh amuigh den rang. Ba mhaith liom ait gach seachtain beith ag caint le daoine eile as gealinn.
Cén oiche? - Táim in ann trí no ceithre daoine is breis a tharraignt fresin.
Slán go fóill

ná bi ag tharraignt daoine in aiteanna poibli - beidh tu i dtriobloid leis na peelers dude

Annie Hall
11-01-2007, 03:07 PM
ná bi ag tharraignt daoine in aiteanna poibli - beidh tu i dtriobloid leis na peelers dude

Bhuel, a ghoosed? Conas 'tá an chraic? Ni fhaca mé timpeall thu le tamall. An bhfuil tu fós ag maireachtaint i Dumpland?

bosco
11-01-2007, 04:22 PM
táim ag deanamh cúrsaí gealige labharta suas i UCC gach oíche ceadaoin - tá alán suim ag daoine san teanga -tá níos mó na 300 daoine ag freastal na cúrsaí gach seactainne agus níl ait chun gaelige a chleachta taobh amuigh den rang. Ba mhaith liom ait gach seachtain beith ag caint le daoine eile as gealinn.
Cén oiche? - Táim in ann trí no ceithre daoine is breis a tharraignt fresin.
Slán go fóill

Nach mbíonn ciorcal cainte sa 'new bar' in Áras na mac léinn? Nuair a bhíos sa choláiste bhí sé ar siúil gach Luain timpeall ar 6.30in. Agus céard faoi An Chuallacht? An bhfuil siad fós ag bualadh le chéile i dtig tabhairne éigin go seachtainiúil?

donaghkebab
11-01-2007, 04:29 PM
Tá sé chun a bheith gach (nó dara) Máirt agus is féidir pé daoine atá timpeall ort a thabhairt 'is a tarraingt ann freisin. Fad nach ndéanann sibh praiseach den áit... Do bhi sé i Sin É an seachtain seo caite ach is dócha go mbeidh sé sa Sober Lane an seachtain seo chughainn ionas go bhfuaireamar tairscint uatha....

Fear an Roicead
11-01-2007, 09:00 PM
ceart go leoir - beidh mé ann le cloigín!
bhí duine eile ag caint foai an scanán "yu ming is ainm dom" - tá sé le fecáil ann anseo www.atomfilms.com/af/content/yu_ming - scanán an-cliste

tá cupla áit eile chun gaeilge a labhairt - gach sathairn bailiú cumman currach síos sa Shandon rowing club (síos an Marina like) ag a 12.30 - tá failte de gach daoine dul amach ar an Laoi sa naomhóg - €5 don árachas - agus beidh duine ann chun cleacht a thabhairt freisin.

ta násc idirlinn anseo www.naomhogachorcai. com

Cork
12-01-2007, 10:11 PM
táim ag deanamh cúrsaí gealige labharta suas i UCC gach oíche ceadaoin

Cen muinteoir agat?

táim ag deanamh cúrsaí gealige labharta suas i UCC gach oíche ceadaoin fresin.

Fear an Roicead
13-01-2007, 12:37 AM
Amanda de Barra is í mo mhuintéoir - an raibh tú ag an coisir no nollaig?

Meself like!
13-01-2007, 02:36 AM
Just chun a rá go mbreá liomsa trial a bhaint as an tionscanamh seo freisin. So le chúnamh Dé bhféidir go bhfeicfidh mé sibh an chéad uair eile!

donaghkebab
15-01-2007, 07:14 PM
Ná déanaigi dearmad.
Amárach @ Sober Lane, cé ui shuilleabháin,
thart ar a 8 a chlog.

CIORCAIL CAINTE!!!!

trasnanadtonnta
18-01-2007, 11:55 PM
Bhuel, conas a d'éirigh libh an oiche seo chaite?

donaghkebab
19-01-2007, 01:12 PM
Rite Leads,

De réir an comhrá a bhi againne an la faoi dheireadh caithfimid cupla rudai a phlé, roimh a shocroimid an chéad cruinniu eile. Ta sé luaite agam go bhfuil cruinniu ar siul cheana féin san ollscoil le a leithéid ach is rud go hiomlán neamh fhoirmeáilte atá i gceist agm leis an gciorcail seo. Tá sé i cóir daoine le gach caighdeán Gaelige ó focail amháin go liofacht. Beich orainn lá eile a eagru mar buallann an ciorcal san ollscoil Dé Máirt. Bhios ag smaoineamh faoi oiche De Domhnaigh thart ar seacht no a leithéid.

Tá sé ar intinn agam rud a bhun le béim ar an gcraic agus nach bhfuil mar rang scoile le ceartucháin is a leithéid. Cuirigi bhur smaointi anseo nó seol ephost chugham ag donaghkebab@gmail.co m.

(as of the last meeting It has been made aware to me that a more formal circle already meets in ucc on tuesdays. as we do not want to clash with this or its manifesto I wish to chose a new day for our circle. how about lazy sunday evenings.

what i want to create is something woth an emphasis on the craic and fun of the whole social group and not on grammer and correction. people with little irish and people with fluent Irish may be united through their interest and loyalty to the language. this aint supposed to be like school

all ideas greatly appreciated. lets get this show on the road before there's no one left to give a shite. post your ideas or email the to donaghkebab@gmail.co m)

Seán Ó Luasa
22-01-2007, 09:49 PM
A chairde,

Is dóigh liom go bhfuil réiteach na faidbhe faoi cén oíche bualadh le chéile againn. Tá an ceart agat, a Dhonadh, nach mbeadh an iomarca daoine toilteanach a n-oíche mhóra sa tseachtain a thabhairt suas chun teacht amach linn Gaelainn a labhairt le linn na deireadh seachtaine. Ach ar an gcuma chéanna ní rachadh an gnáthduine fostaithe amach le linn na seachtaine, da mbeidís ag obair ar maidin, i mo thuairimse. Rachadh líon éigin, ach ní gheobhfá an slua céanna, agus an líon a gheobhfá, bheidís ag coimeád súil ar an gclog.

An réiteach a tháinig chugainn ná oíche Dé hAoine, oíche a thabharfadh seans an dá rud a dhéanamh le chéile. Ar aon chlaí, TÁ áit breá ann le linn na seachtaine (An Chuallacht, The New Bar, UCC, gach Máirt ar a 9) gur féidir le aon duine suíochán a chur fúthu agus tosnú ag caint na Gaelainne. Bíonn ceol, craic, imeachtaí agus slua breá cairdiúil acu. Ach ní dóigh liom go bhfuil áit gur féidir le daoine fostaithe bualadh le chéile chun caint i rith na deireadh seachtaine.

Sé mo dara mholadh, ná an ciorclín beag atá agam (buailimid, timpeall seisear againn, le chéile beagnach gach deireadh seachtaine chun cúpla piontaí a thógaint) - rud a oibríonn breá go leor - a leathadh. Tá sé níos mó ná neamhfhoirmealta.

Táimid ag smaoineamh ar an Aoine seo chugainn aríst, agus ba bhreá an rud é go ndéanfaimis ár ndícheall an slua is mó agus féidir a bhailiú le chéile dó.

Cad é bhur meas ar an méad sin?

(Gabh mo leithscéal faoina botúin go léir, ach do bhí deabhadh orm).

Seán Ó Luasa.
sean.oluasa@yahoo.ie

-------------------------------------------------

I'm recommending for now to meet together this Friday. Everyone welcome. Even if you only have a cúpla focail. More details to follow.

donaghkebab
23-01-2007, 10:43 AM
RITE Ó!

Muna bhfuil éileamh ar ceann anocht- Beidh an chéad ciorcail no cruinniu eile ná Aoiche Dé hAoine seo chughainn - 26u Eanair. In éineachht le Seán mar atá luaite thuas.

Feicimid, conas a n-eironn leis an cruinniu seo, agus pléimid é aris ina dhiaidh sin!

Natty Dread
23-01-2007, 12:50 PM
Dá mbeadh mé i gCorcaigh téim. Is smaoineamh an-mhaith é an coircal. Measaim go caithfidh sibh cupla cruinniu a dheanamh thar a bheith slua mór ann ach tá suil agam go fásfaigh sé go tapaidh. Go n-eiri an bothar leat leaids.

bosco
24-01-2007, 02:50 AM
Maith an fear, a Sheáin. Mícheál anseo by the way.

Is mise duine den grúpa a luaigh Seán thuas agus tá sé díreach mar a dúirt sé. Bhí baint ag roinnt againn leis an gCuallacht Ghaelach sa choláiste cupla bliain ó shin; buailimid le chéile ó am go ham le haghaidh cúpla piont agus talking shite as Ghaeilge. Tá caighdeán Gaeilge labhartha an-leathan i gceist... daoine a bhfuil cupla focail acu agus saineolaí nó dhó chomh maith. Níl ach Gaeilge na h-ardteiste agamsa ach tá feabhas mór déanta uirthi le linn na blianta toisc go mbíonn seans agam é a chleachtadh ó am go ham. Molaim díobh triail a bhaint as uair amháin ar a laghad.

Is dócha go bhfuil pub roghnaithe ag na leads i gcomhair dé hAoine... táimid ag bualadh le chéile amárach chun na sonraí fógraíochta a phlé. Tuilleadh eolas le fáil anseo go luath.

An mbéadh sé níos éasca an focal a scaipeadh dá mbéadh láithreán ghréasáin le haghaidh an gciorcal?

donaghkebab
24-01-2007, 12:04 PM
Leads. tá suil agam go n-eireoidh go geal libh an aoine seo. De réir dealraimh ceapaim go mbeidh a dhóthain éileamh ann i gcóir cruinnithe eile i rith na seachtaine. ceapaim go bhfuil alán daoine amach ann nach mbeadh sásta a chuid deireadh seachtaine a n-ibirt i leith an chiorcail ach nil a fhios agam fós.

Is smaoineamh maith é an suiomh idirlione a bhunu. Aontoidh se an rud go léir agus tabhairfaidh sé deis do dhaoine ciocailini beaga a dhéanamh dó féin pé lá is miain leo. An rud nach féidir linn a dhéanamh ná teorainn a chur ar an smaoineamh. Nil baint ar bith leis an chuallacht agus nil aon teorainn leis an méid ciorcaili is féidir linn a bhunu.

Caithfimid a bheith aontaithe agus suimiul agus caithfimid daoine a spreagadh. Os cionn gach rud, ni féidir linn an iomhá a chruthu go bhfuil uinéireacht ag duine amháin nó páirt amháin ar an coinceap (agus ar an teanga/ caighdeán 7rl). Caithfidh an rud seo a bheith tangible de ghach éinne.

Smaointi?

Seán Ó Luasa
25-01-2007, 12:18 AM
A chairde,
Feic it anyway, ar an drochuair, de bharr cúrsaí nach raibh aon neart againn orthu, tá an ciorcal ag leanúint ar aghaidh ach curtha siar go dtí an 2u d'Fheabhra.

Níos mó le teacht.

Beirigí bua.

----------------------------------------

Unfortunately, due to things out of our hands we'll go ahead but on Feb 2nd instead. More to follow, peace out for now.

donaghkebab
30-01-2007, 12:12 PM
ANIOS!

Gach duine ata suim acu sa chiorcal, Seolaigi e-phost chuig- ciorcal.cainte@gmail .com chun dul ar an liosta seolta. Tá mé ag iarraidh cruinni a eagru an seachtain seo. Ba mhian liomsa bualadh Déardaoin ach nil mórán fadhb agam leis an Aoine (ach go bhfuil sé tus an deireadh seachtaine) mar atá luaite ag Seán thuas.

So más féidir libh bhur smaointi faoin lá agus bhur seoltai e-phost a sheoladh direach go ciorcal.cainte@gmail .com, agus cuirfimid tus buan le seo faoi dheireadh.

Natty Dread
30-01-2007, 03:42 PM
Nach mbeidh sé níos easca postanna a scríobh sa thread seo? Bíonn daoine ábalta gach rud agus a fheiceál..

Seán Ó Luasa
31-01-2007, 08:18 AM
A chairde,

Is é seo an méad atáim tar éis cur suas ar forum nó dhá eile:

Bíonn Ciorcal Cainte Chorcaí (tá sé go léir san ainm!) ar siúl againn sa chathair agus beidh sé i gCallanan's Bar ar a 9 oíche Dé hAoine 2ú Feabhra. Beidh fáilte is fiche romhat ann (fiú muna bhfuil agat ach cúpla focal) mar aon le craic, caint agus ól. Is rud an-neamhfhoirmeálta ar fad ann (piontaí an meád)atá bunaithe ar an deis a thabhairt do dhaoine dul amach sa gCathair Chorcaí trí mheán na Gaeilge. Má tá aon suim agat a bheith linn, tá i bhfad níos mó sonraí ar fáil ar ár suíomh idirlín sealadach seo CiorcalCainteChorcai .bebo.com agus má tá aon ceisteanna ar bith agat i ndiaidh sin, seol ríomhphost chugainn ag ciorcal.cainte@gmail .com.

Tá súil againn sibh go léir a fheiscint ann.

Is mise le meas,

Seán Ó Luasa.

-------------------------

We will be going out in Cork this Friday as usual as Gaeilge, if interested, all details are here: CCCEnglishVersion.be bo.com

Gobadán
31-01-2007, 10:43 AM
An mbeidh "madraíocht" ar siúl ann, ar chor ar bith?



.

Seán Ó Luasa
31-01-2007, 01:08 PM
A chairde,

Tá brón orm faoi athruithe, ach in ionad Callanan's, buailfimid le chéile sa Franciscan Well, North Mall, Cathair Chorcaí, am agus dáta céanna: 9 a chlog, 2ú Feabhra. Níos mó, níos lú plódaithe, srl.

Tá sonraí go léir fós ann ar an suíomh ag CiorcalCainteChorcai .bebo.com

Go bhfeice mé sibh ann!

------------------------------------
Ch-ch-ch-Changed now to the Franciscan Well, The North Mall, Cork City, same date and time, 9 o' clock this Friday the 2nd. All details still on the bebo at CiorcalCainteChorcai .bebo.com.
Hope to see ye all there!

Seán Ó Luasa.

Some user
31-01-2007, 01:59 PM
An mbeidh "madraíocht" ar siúl ann, ar chor ar bith?.

Mmmm más maith leat...nó linn. Woof.

Carlos21
06-02-2007, 12:36 PM
Bhí an-oíche againn sa Fransiscan ar an Aoine. Ag tnúth go mór leis an gcéad imeacht eile!

Natty Dread
06-02-2007, 12:56 PM
Cúl. Cé mhead pearsanta a bhí ann?

trasnanadtonnta
06-02-2007, 03:03 PM
Cúl. Cé mhead pearsanta a bhí ann?

That's just wrong. Cad tá cearr le "cool" a scríobh? Tá tú bilingual like.

Seán Ó Luasa
08-02-2007, 01:17 AM
A chairde go léir,
Sár-oíche a bhí ag gach éinne i láthair an Aoine seo caite (2ú), an-thinreamh agus an-chraic. Go raibh míle maith agaibh as teacht. Beidh an chead cruinniú eile ar an Aoine an 16ú Feabhra, sonraí le teacht. Tá ríomhphost nua againn chomh maith lads: CiorcalCainteChorcai @gmail.com .Fágfaidh mé ansin é go fóill, toisc go bhfuil sé am dul a chodladh.

Is mise le meas,

Seán Ó Luasa.

bosco
15-02-2007, 11:32 AM
Alright a dhaoine uaisle, beimid ag bualadh le chéile arís ar an Aoine, 16ú Feabhra sa Franciscan Well ar an Meall theas. Mura bhfuil a fhios agaibh cá bhfuil sé, seo léarscáil (map) (http://maps.google.com/maps?f=q&hl=en&q=51.900988,-8.48196(Franciscan+W ell+Brewery+pub)&ie=UTF8&t=h&om=1&z=17&ll=51.901117,-8.478591&spn=0.003005,0.00997 8&iwloc=addr) daoibh.

Bhí timpeall ar 20 daoine ag an gcéad cruinnú -- leath an cuid acu a bhí aithne acu ar a chéile cheana féin agus an leath eile a bhí ann don gcéad uair. D'oibrigh sé go maith mar go raibh seans ag éinne buail isteach sa ghrúpa gan stró, ach ag an am chéile ní raibh brú ar éinne labhairt nó fanacht mura raibh fonn orthu.

Ar aon nós, tá sé eagraithe anois agus táimid ag súil le oíche suimiúil agus spraoiúil (that's not really a word is it?) arís tráthnóna dé hAoine. Má tá ceist agat nó b'fhéidir go bhfuil tú amhrasach bualadh le strainséirí sa thabhairne -- cur ríomhphost chugainn ag CiorcalCainteChorcai @gmail.com agus déanfaimid ár ndícheall gach teachtaireacht a fhreagairt taobh istigh 24 uair.

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~ ~~~~~~~~~~~~~~~

Well folks, we'll be meeting again on Friday evening at 9pm in the Franciscan Well on the North Mall. If you're not familiar with the pub, here's a map (http://maps.google.com/maps?f=q&hl=en&q=51.900988,-8.48196(Franciscan+W ell+Brewery+pub)&ie=UTF8&t=h&om=1&z=17&ll=51.901117,-8.478591&spn=0.003005,0.00997 8&iwloc=addr).

At our last gathering there were about 20 people present; roughly half of whom were newcomers. It worked out quite well, in that anyone could join in the group at anytime without there being an established topic of conversation or standard of linguistic proficiency. In fact, the general aimless inane pub nonsense in discussion is perfect for an informal ciorcal cainte so that anyone can fall in or out of the conversation as and when they wish.

Anyway, it's planned now for Friday night in the Franciscan Well, and we're looking forward to another interesting and enjoyable night. If you've any questions or if you're the slightest bit wary of meeting weirdos from the internet in a real pub for the first time then feel free to email CiorcalCainteChorcai @gmail.com and we'll try to respond to any email within 24 hours. ish.

Cífidh mé sibh dé hAoine mar sin.

Mícheál .

cartoon
15-02-2007, 02:19 PM
Bhí timpeall ar 20 daoine ag an gcéad cruinnú -- leath an cuid acu a bhí aithne acu ar a chéile cheana féin agus an leath eile a bhí ann don gcéad uair.

Tá sé go hointach ar fad. Go n-éiri an bothair libh.

trasnanadtonnta
15-02-2007, 06:07 PM
Coimead suas e go dti go bhfuil me arais igCorcaigh agus tiocfaidh me agus (b'ffheidir) cupla cairde dom! Is maith an smaoineamh e, ba bhrea liom bheith pairteach.

Seán Ó Luasa
01-03-2007, 03:03 AM
A chairde go léir,
Seán Ó Luasa anso. De bharr chúrsaí ama agus rudaí áirithe eile, ní féidir liom féin leanúint ar aghaidh ag eagrú an Ciorcal Cainte Chorcaí. Mar sin, éinne eile atá suim acu a bheith páirteach san eagrú an rud, seol ríomhphost chugam (ciorcalcaintechorca i@gmail.com) agus cuirfidh mé sibh in aithne ar a chéile. Níl mórán le déanamh i ndáiríre, d'fhéadfadh éinne é a dhéanamh, mar is eol daoibh. Tá sé éasca go leor! Sé an príomhrud le déanamh ná go simplí a rá go bhfuil sé chun tarlú. Cinnte, freastlóidh mé ar an rud agus beidh mo thacaíocht go léir agaibh; nílim ach mé féin a thógaint amach as an eagrú de. Mar sin, le mo phíosa beag ráite agam, fágfaidh mé ansan é.

Ag feitheamh le cloisint uaibh, a dhíograiseoirí,

Is mise le meas,

Seán Ó Luasa.

Carlos21
01-03-2007, 03:10 PM
Déarfainn go bhfuil Seán ró-ghafa le cúrsaí rugbaí i láthair na huaire! Sé an plean atá agam ná bualadh sa Fransiscan oíche amarach ag 9 mar is gnáth má tá suim ag éinne. Cuir ríomhphost go dtí an ríomhphost atá in óráid Sheáin má tá tuilleadh eolais ó éinne. Fáilte roimh cách!

bosco
01-03-2007, 07:14 PM
Déarfainn go bhfuil Seán ró-ghafa le cúrsaí rugbaí i láthair na huaire!

Mise leis! Beidh mé ag an gcluiche in aghaidh Cardiff oíche amárach ach buailfidh mé isteach oraibh tar éis an cluiche le haghaidh cupla piont.

Carlos21
02-03-2007, 11:17 AM
Mise leis! Beidh mé ag an gcluiche in aghaidh Cardiff oíche amárach ach buailfidh mé isteach oraibh tar éis an cluiche le haghaidh cupla piont.

Nótáltha, tá beirt againn ar aon nós!

Poc Fada
21-03-2007, 02:22 PM
An bhfuil dáta nua agaibh don coircal? Tá suim agam ann.

Míshásta
22-03-2007, 02:40 PM
An bhfuil dáta nua agaibh don coircal? Tá suim agam ann.

Arra! ná fuil a fhios agat go bhfuil an Ghaolainn marbh i gcathair Chorcaí na Laoi.

GaryOR
02-04-2007, 11:01 AM
Óra, níl aoinne ag labhairt na teanga a thuilleadh de réir an daonáirimh. Níl ach 28% á labhairt fiú thaobh amuigh den chóras oideachais sna Gaeltachtaí go léir.

Poc Fada
11-10-2007, 02:39 PM
An bhfuil an coircal ar suil fós? An bhfuil suim ag einne i Coircal Cainte PROC?

Seán Ó Luasa
15-10-2007, 02:25 AM
Yeah, bheadh suim agam agus beidh mé ann gan amhras.

c'mere_ta_me
22-10-2007, 11:02 PM
cad é an scéal - aon phlean ann? aon ciorcal?

goosed
10-11-2007, 03:37 PM
ceapaim go bhfuil an ciorcal briste dude

c'mere_ta_me
17-11-2007, 12:25 AM
scéal mo shaoil :(

Asarlaí
29-02-2008, 02:35 PM
Is trua nach bhfuil cónaí orm i gCorcaigh, ba mhaith liom páirt a ghlacadh sa chiorcal .
Lá éigin, beidh mé ann

Ní féidir an ciorcal a bhriseadh, mar a deir Johnny Cash.

Cork
16-03-2008, 09:13 PM
I think that there is a conversational circle at the city library and the wilton library.

The one at the city library is on Saturday monings at around 11am.

I would love just an opportunity to practice and learn the language.

Poll Dubh
16-03-2008, 09:58 PM
I would love just an opportunity to practice and learn the language.

Cad sa diabhal atá an fóram seo:crazyeye: ? Bain triail as Gaeilge a úsáid i do phoist má tá fonn ort í a cleachtadh agus a fhoghlaim.

c'mere_ta_me
16-03-2008, 11:14 PM
The one at the city library is on Saturday monings at around 11am.

I would love just an opportunity to practice and learn the language.

Téigh go dtí an leabharlann nuair a mbíonn sé ar súil agus déan do pháirt!
Is féidir leat Gaeilge a úsáid anseo agus sa leabharlann - agus gheobhaidh tú amach áiteanna eile i gcaitheamh na haimseartha freisin! :)

Go to the library when it's on and do your part!
You can use Irish here and the library - agus you'll find out about other places as time passes as well! :)

You should definitely try to learn it properly if you have the desire to - it's a wonderful thing to have, and while it might seem hard at times, the longer you stick at it the more you'll learn and just using whatever you have is enough - you don't need perfect Irish to feel like you're making a difference

Bí Linn :D

Asarlaí
17-03-2008, 01:30 AM
Maith thú Cork.. is teanga den scoth í an Ghaeilge, ádh mór

Poll Dubh
17-03-2008, 11:11 AM
Má rinne tú Gaeilge ar scoil, seo mo phlean dhá phointe chun í a chleachtadh agus foghlaim.

1. Faigh foclóir.
2. Scríobh poist anseo.

Sin a rinne mise ar aon nós.

c'mere_ta_me
17-03-2008, 05:07 PM
Má rinne tú Gaeilge ar scoil, seo mo phlean dhá phointe chun í a chleachtadh agus foghlaim.

1. Faigh foclóir.
2. Scríobh poist anseo.

Sin a rinne mise ar aon nós.

an-phlean ceapaim :D

c'mere_ta_me
17-03-2008, 06:03 PM
Má rinne tú Gaeilge ar scoil, seo mo phlean dhá phointe chun í a chleachtadh agus foghlaim.

1. Faigh foclóir.

www.irishdictionaryo nline.com -> tapa agus úsáideach!
www.focal.ie -> rudaí níos teicniúla agus gnéithe gramadaí

iad agus an suíomh seo - tá uile rud againn-se!

Poll Dubh
18-03-2008, 03:01 PM
Tá sé chomh héasca sin ach fós is léim mhór do chuid mór daoine. Má tá tú ag léamh seo agus níl post ar bith as Gaeilge curtha suas agat riamh - bain triail as!
Ní bheadh aiféala ort.

c'mere_ta_me
18-03-2008, 11:58 PM
ceapaim go bhfuil níos mó focail ag daoine ná cad a cheapann siad féin

Poll Dubh
20-03-2008, 09:09 AM
ceapaim go bhfuil níos mó focail ag daoine ná cad a cheapann siad féin

Tá an ceart agat. Sa sraith nua No Béarla II, cuireadh daoine a cheapann go bhfuil a gcuid Gaeilge go léir dearmadta acu faoi hiopnóis. De réir déantóirí an chlár bhí ionadh ar na daoine siúd nuair a chuala siad an méid Gaeilge a bhí ag teacht amach a mbéil.

c'mere_ta_me
21-03-2008, 06:11 PM
is cosúil go mbeidh clár suimiúil i gceist aige... cé go gcuireann Manchán isteach orm go mórmhór!

Poll Dubh
24-03-2008, 04:51 PM
cé go gcuireann Manchán isteach orm go mórmhór!

Mise freisin, ach sin an fhadhb, tá lucht TG4 sásta go bhfuil Manchán i mbéal an phobail. Is cuma leo go bhfuil an phoiblíocht de bharr cáinte nó molta mar cuirfear leis líon an lucht féachana don chlár.

Asarlaí
26-03-2008, 07:23 PM
Cuireann sé díoma orm go ndiúltaíonn sé amach is amach do leagan Gaeilge a bheith ar an suíomh gréasáin sin dá chuid.

Poll Dubh
27-03-2008, 10:30 AM
Cuireann sé díoma orm go ndiúltaíonn sé amach is amach do leagan Gaeilge a bheith ar an suíomh gréasáin sin dá chuid.

Bhuel, tá áthas orm nár chuir tú nasc lena shuíomh suas mar sin. Tá sé ag rá go bhfuil sé ag léiriú fadhbanna leis an teanga, ach ón méid atá feicthe agamsa, níl sé ach ag tabhairt ciceanna di. Tabhair dom Des Bishop ina áit lá ar bith.