View Full Version : aon tigh tabhairní gaeilge?
darragh ó coiligh
18-11-2006, 08:31 PM
an bhfuil aon tigh tabhairní gaeilge i gcathar chorcaí ?
Míshásta
22-11-2006, 12:35 PM
an bhfuil aon tigh tabhairní gaeilge i gcathar chorcaí ? má tá , cá bhfuil siad?
Níl. Tá an teanga chomh marbh le hArt sna bolaí seo.
Tá a lán daoine sásta a mbeatha a thuilleadh i dTionscal na Teangan, ach taobh amuigh de chláir oibre, comhluadar Béarla a bhíonn uathu.
Annie Hall
22-11-2006, 08:53 PM
An bhfuil Club an Conradh fós ag feidhmiú thíos in aice leis an Granary? Ainm na sráide?
norvackxx
22-11-2006, 08:59 PM
The Mardyke. Níl a fhios agam an úsáideann siad an áit fós.
Annie Hall
22-11-2006, 09:11 PM
A Chríost ach bhí sé ina pholl thiar sna nóchaidí
Míshásta
22-11-2006, 09:55 PM
An bhfuil Club an Conradh fós ag feidhmiú thíos in aice leis an Granary? Ainm na sráide?
"Áras na Díge". Tá sé dúnta le blianta. Fuaireadar deontas ollmhór i dtús na nóchaidí chun an foirgneamh a athchóiriú. Cur amú airgid, mar ní raibh éinne ag freastal ar an áit, ach amháin lucht Béarla na Seiteanna.
Wumble
11-12-2006, 01:06 PM
Bhíodh! Is cuimhin liom roinnt mhaith oíche istigh ann, slua mór gan focal Béarla eadrainn.
Shite pints, áfach.
Annie Hall
11-12-2006, 06:52 PM
Bhíodh! Is cuimhin liom roinnt mhaith oíche istigh ann, slua mór gan focal Béarla eadrainn.
Shite pints, áfach.
Is cuimhin liom-sa a bheith istigh ann i rith Féile Drámaíochta na gColáistí ('95 táim ag ceapadh). Ní raibh aon Guinness acu taobh thiar don bheár agus ní raibh Gaeilge ná Béarla ag an gcailín a bhí ag freastal orainn!
GaryOR
16-12-2006, 01:01 PM
Bíonn nó bhíodh a lán Gaeilge a bheith cloiste i dTigh Tom Barry ar sráid na Beairice, nuair a bhíos fhéin i gcathair Chorcaí...
vBulletin® v3.8.7, Copyright ©2000-2012, vBulletin Solutions, Inc.