PDA

View Full Version : TG4 ag ceiliúradh 10 mbliana


kerrybabe
31-10-2006, 11:19 AM
Caithigí súil ar sceideal TG4 i rith na seachtaine seo. Tá an stáisiún ag comóradh deich mbliana ar an aer anocht, Oíche Shamhna, agus scoth na gclár le feiscint. Ag 7.30, caithfear súil siar ar na scéalta móra nuachta le deich mbliana anuas á chur i láthair ag Gráinne Seoige agus Gillian Ní Cheallaigh. Ag 8 i.n. beidh Síle Ní Bhraonáin ag tabhairt sracfhéachaint ar na cláracha siamsaíochta is fearr a craoladh ar TG4 ó 1996. Ná cailligí 'Ros na Rún' ag 8.30. Clár speisialta uair a' chloig a bheidh le feiscint a choimeádfaidh ar imeall bhur suíocháin sibh! Leanfaidh an chéiliúradh ar feadh na seachtaine agus giotaí speisialta á chraoladh a chaithfidh súil siar ar na cláracha is fearr lar TG4 le deich mbliana anuas.

Gobadán
01-11-2006, 02:32 PM
Comhgairdeas libh!!

Trua nach féidir liom TG4 a fháil i Sasana. An mbeidh DVD speisialta ar fáil chun an seachtain a chomóradh? :p


.

kerrybabe
01-11-2006, 06:57 PM
Comhgairdeas libh!!

Trua nach féidir liom TG4 a fháil i Sasana. An mbeidh DVD speisialta ar fáil chun an seachtain a chomóradh? :p


.

N'fheadair faoi sin, ní cheapaim é i ndáiríre.