PDA

View Full Version : Cá bhfuil na Gaeilgeoirí ar fad?

kerrybabe
24-10-2006, 09:17 AM
Bhuel? Cá'il sibh? Aon scéal i saol na Gaoluinne?

Asarlaí
24-10-2006, 08:22 PM
Hi Kerrybabe, conas taoi? Seachas a bheith i d'aonar ;) Mar fhreagra ar do cheist - bhí sé chomh ciúin sin anseo le déanaí, is dócha gur bhog na Gaelgeoirí ar aghaidh chuig fóraim eile. Beidh siad ar ais luath nó mall, 'súil againn :)

Ciotóg
25-10-2006, 11:36 AM
Ní thuigim "saol na Gaolainne". Ní bhíonn agamsa ach saol, agus uaireannta labhraim faoi as Gaolainn. Ach tá níos mó daoine a éisteoidh liom san áit eile.

Ach na laethanta seo níl faic fágtha le rá agam. An iomarc póstaí.

kerrybabe
25-10-2006, 02:34 PM
Hi Kerrybabe, conas taoi? Seachas a bheith i d'aonar ;) Mar fhreagra ar do cheist - bhí sé chomh ciúin sin anseo le déanaí, is dócha gur bhog na Gaelgeoirí ar aghaidh chuig fóraim eile. Beidh siad ar ais luath nó mall, 'súil againn :)

Bhuel, tá súil agam go mbeidh siad thar n-ais go tiubh, te, tapaidh. Agus níl sight ná light ar Ghobadán é fhéin na laethanta seo ach oiread...:shock:

Asarlaí
25-10-2006, 04:15 PM
Is fíor sin, ní bhfuair mé scéala ó Ghobadan le tamall fada.

Gobadán
25-10-2006, 06:55 PM
Bhuel, tá súil agam go mbeidh siad thar n-ais go tiubh, te, tapaidh. Agus níl sight ná light ar Ghobadán é fhéin na laethanta seo ach oiread...:shock:

Tá mé beo fós, ar éigin. Fuair mé post nua ar na mallaibh agus nílim cinnte go bhfuil sé slán dom bheith ag treabhadh na dtonn, mar a déarfá.

Céard a tharla faoin Daingean? Bhí pobalbhreith ar siúl, go bhfios dom.

.

Gobadán
25-10-2006, 06:56 PM
Is fíor sin, ní bhfuair mé scéala ó Ghobadan le tamall fada.

Dia dhuit, a bhuachaill maith! Cén chaoi a bhfuil sibh ar IGT? An mbíonn Oisín ann fós?

.

Asarlaí
25-10-2006, 07:31 PM
Bíonn cinnte a mhic, bhí sé féin thall ansin níos luaithe. Is deas a fheiceáil go bhfuil tú fós beo!

Natty Dread
25-10-2006, 07:46 PM
Níl gaelige maith agam ach ba mhaith liom an forum a leimh ó am go h-am. Lean ar aghaigh feens.

Mise le Meas,
An t-Natty nDreadúil

kerrybabe
26-10-2006, 12:23 AM
Tá mé beo fós, ar éigin. Fuair mé post nua ar na mallaibh agus nílim cinnte go bhfuil sé slán dom bheith ag treabhadh na dtonn, mar a déarfá.

Céard a tharla faoin Daingean? Bhí pobalbhreith ar siúl, go bhfios dom.

.

Ná bí ag caint liom faoi cheist an Daingin/Dingle/Daingean Uí Chúis. Íosa Críost ach tá sé náireach. Ní chífeá a leithéid ar siúl istigh i naíonra. An toradh a bhí ar an bpobalbhreith ná Dingle/Daingean Uí Chúis. Ach caithfidh na hamadáin é seo a chur faoi bhráid an Chomhairle Chondae anois agus ansan caithfidh an CC an moladh a chur ós comhair na Roinne...blah, blah, blah. Diúltóidh Ó Cuív leis arís agus tarraingeofaí raic eile. Oh, a Mhaighdean...Buíocha s le Dia gur i gcathair na dTreabh atáim agus ní ansan thíos ag éisteacht le bithiúnaigh a thógfaidh airgead an Údaráis, thanks very much, ach nach bhfuil sásta ainm an bhaile a bheith as Gaoluinn acu...hmmm.

Bhuel, conas 'tá cúrsaí leat-sa ar aon chuma?

kerrybabe
26-10-2006, 12:24 AM
Níl gaelige maith agam ach ba mhaith liom an forum a leimh ó am go h-am. Lean ar aghaigh feens.

Mise le Meas,
An t-Natty nDreadúil

Tá míle fáilte romhat do chuid tuairimí a nochtadh, a Natty.

Ciotóg
26-10-2006, 09:42 AM
Éinne go bhfuil aithne agamsa ann, lucht na Gaolainne, is cuma sa tiuc (litriú?) leo cad a ghlaotar ar go hoifigiúil. Páidí Ó Sé, mar shampla, a dúirt, "they (businesses etc.) should be able to call it 'Dingle' or whatever they want, ach bead féinigh a tabhairt cúirt ar an nDaingean fós". Leanfaidh daoine ar aghaidh ag úsáid pé ainm a bhí acu do óna óige amach.

Is maith liom féinigh "Daingean Uí Chúis" (saghas cosúil le "Dúrlas Éile") ach do ghlaofainn "an Daingean" ar, mé féinigh. Is cuma liom cad a deireann Ó Cuiv nó an Comhairle Chondae.

kerrybabe
26-10-2006, 10:45 AM

Táim leat ansan, a Chiotóig. Más rud é go bhfuilim ag labhairt as Béarla le duine éigint is isteach go 'Dingle' atáim ag dul. Agus más í an Ghaoluinn atá á labhairt againn, is isteach 'on Daingean' a raghad.

hadmatter
26-10-2006, 11:11 AM
Táim leat ansan, a Chiotóig. Más rud é go bhfuilim ag labhairt as Béarla le duine éigint is isteach go 'Dingle' atáim ag dul. Agus más í an Ghaoluinn atá á labhairt againn, is isteach 'on Daingean' a raghad.

mise freisin,

ta cheist agam diobh,conas a usaideann sibh an fada "button",?

Ciotóg
26-10-2006, 11:25 AM
Alt+litir, ach sin mise ar an Macintosh. Ríomhaire déanta as úlla.

Bíonn sé difriúil ar gach aon measaín Windows a usáidim. N'fheadar.

Gobadán
26-10-2006, 01:27 PM
Bhuel, conas 'tá cúrsaí leat-sa ar aon chuma?

Maith go leor, a ghrá. An bhfuil tú ag obair ar Ros na Rún fós? An mbeidh "dvd box set" sna siopaí i gcomhar na Nollag?

.

kerrybabe
26-10-2006, 03:26 PM
Maith go leor, a ghrá. An bhfuil tú ag obair ar Ros na Rún fós? An mbeidh "dvd box set" sna siopaí i gcomhar na Nollag?

.

LOL!!! D'fhéadfadh muid 'Raic 'n' Ruin' a thabhairt air. Táim fós ag sclábhaíocht liom ar a son.

Asarlaí
27-10-2006, 07:14 PM
An bhfuil a fhios agaibh má tá aon phleananna acu fós Ros na Rún a chur amach ar DVD? Féachaim ar an suíomh TG4 iad dar ndóigh, ach ba mhaith liom iad a bheith agam ar DVD (agus le fotheidil Gaeilge freisin go dóchasach).

JamusN
27-10-2006, 08:07 PM
Ní raibh a fhios agam go raibh fáilte roimh Ghaeilgeoirí anseo....

http://www.peoplesrepublico fcork.com/~peoplesr/forums/showpost.php?p=11187 86&postcount=10

kerrybabe
27-10-2006, 08:17 PM
An bhfuil a fhios agaibh má tá aon phleananna acu fós Ros na Rún a chur amach ar DVD? Féachaim ar an suíomh TG4 iad dar ndóigh, ach ba mhaith liom iad a bheith agam ar DVD (agus le fotheidil Gaeilge freisin go dóchasach).

LOL!!!

kerrybabe
27-10-2006, 08:18 PM
Ní raibh a fhios agam go raibh fáilte roimh Ghaeilgeoirí anseo....

http://www.peoplesrepublico fcork.com/~peoplesr/forums/showpost.php?p=11187 86&postcount=10

Tá brón orm faoi sin, a JamusN. Ní raibh sé i gceist agam a bheith chomh borb.:(

Asarlaí
28-10-2006, 05:12 PM
Hi Kerrybabe, cad ina thaobh gur dhein tú gáire nuair a dheineas trácht ar an Dvd Ros na Rún? :)

kerrybabe
31-10-2006, 10:47 AM
Hi Kerrybabe, cad ina thaobh gur dhein tú gáire nuair a dheineas trácht ar an Dvd Ros na Rún? :)

Bhuel, de ghnáth ní eisítear na sobal drámaí ar DVD - ní chíonn tú leithéidií Coronation St, EastEnders nó Fairly Shitty fiú eisithe ar DVD.

darragh ó coiligh
18-11-2006, 08:08 PM
wuho. tá roinnt againn i gcoláiste scapaithe timpeall ne tíre.
i UL ag an noiméad ag eitilt an brat proc as gaeilge dúinn.