PDA

View Full Version : Óráid Dhara Uí Chinnéide


kerrybabe
06-09-2006, 11:18 AM
An bhfuil 'fhios ag éinne agaibh cá bhfaighfinn téacs na hóráide a dhein Dara Ó Cinnéide i 2004? Dheineas é a ghoogláil ach an t-aon nasc a fuaireas ná ceann ar imeall.com agus níl sé ag obair a thuilleadh

Ciotóg
07-09-2006, 09:41 AM
Bhí sé thar a bheith leadaránach, más cuimhin liom i gceart é, cé go raibh sé as Gaolainn.

Bheadh sé go diabhal ar fad dá mbeadh a leithéid de rud ann is Fóram na gCiarraíoch.



FFS!

Macaraí.

corcaigh na n-oilean
07-09-2006, 05:57 PM
B'fheidir go bhfuil se le fail o radio na gaeltachta ar ndoigh.Ta Dara "stumpí" O cinneide ag obair ann anois ag cnamhseal faoi chursai reatha is mar sin de. Bheadh nios fear duit oraid Shean Og a fhail .."muintir dhilis chorcai...." fiu amhain ta se fos ag imirt...

Ciotóg
07-09-2006, 06:00 PM
Yeah. Bí ag caint leis an crowd thall in mBaile na nGall. Bheadh an t-eolas acu. Bíonn a fear céanna ann uaireanta. Mura mbíonn sé ann cur mo thuairisc chuigh mo ghaolta!

kerrybabe
07-09-2006, 06:33 PM
Yeah. Bí ag caint leis an crowd thall in mBaile na nGall. Bheadh an t-eolas acu. Bíonn a fear céanna ann uaireanta. Mura mbíonn sé ann cur mo thuairisc chuigh mo ghaolta!

Tá aithne agam ar Dhara ach ní rabhas ach ag iarraidh fáil amach an raibh sé ar shuíomh idirlíon ar bith. Freagra - níl. Cé leo atá gaol agat, a Chiotóig?

kerrybabe
14-09-2006, 11:08 PM
http://www.youtube.com/watch?v=UVE82iitjC4

corcaigh na n-oilean
18-09-2006, 04:41 PM
maith thu ,
Nilimse in ann aon ni a ra fe mhuinitir chiarrai tar eis an leirscrios inne.
Chonac an oraid ar an suiomh san "you tube" aris agus ni mor dom a ra gur thug se mealladh de gach aoinne a gaeilge a usaid is a labhairt . ach canna thaobh gur theastaigh uait an oraid sin niorbh ann ach beannachtai 'is e a gabhail buiochas de dhaoine . Ta an gaeilge thar bharr gan amhras :rolleyes: ach nil na abhair ro-shuimuil!!

Gobadán
19-09-2006, 03:28 PM
Mórán cainte ar bheagán cúise....;)


.

kerrybabe
21-09-2006, 12:32 PM
Mórán cainte ar bheagán cúise....;)


.

Bhuel, a Ghob. Is trua liom do chás, i ndáiríre. :( N'fheadair cad a tharla d'fhoireann Mhaigh Eo. Bhíos ag tnúth le coimhlint ghéar agus gan ach dhá cheann na meá idir an dá fhoireann ag deireadh an chluiche, le Ciarraí ag buachaint le dhá/trí pointe. Ach seo chugainn fir Ciarraí arís - leaids cróga, laochmhara, lách. Ciarraí Abú! :D

Gobadán
21-09-2006, 07:45 PM
N'fheadair cad a tharla d'fhoireann Mhaigh Eo.

Níl a fhios agam beo. Tá mí-ádh éicint orthu, faitíos roimh bhuachaint nó galar intinne eile mar sin. Tharla tubaiste mar seo faoi cheithre anois i rith deich mbliain.

Gobadán
21-09-2006, 07:48 PM
Ó, d'imir Ciarraí go maith, féar plé dóibh (sa chéad leath).



.

corcaigh na n-oilean
26-09-2006, 07:23 PM
an bhfuil aon suoimh agaibhse i gciarrai!!! - ta se pianmhar ag leamh an cac seo, nil aon ni eile a dheamamh ach peil a imirt is a shagail a ngaolta. ce a bhuaigh craobh na mumhan i mbliana????????!!!!!