PDA

View Full Version : Béarlachas sa Ghaeilge


bosco
05-07-2006, 12:50 AM
An dóigh libh gur droch-rud é nuair a úsáideann daoine focail Béarla anseo is ansiúd i rith cómhrá as Ghaeilge? Táim idir dá mheoin; taispeánann sé leisciúlacht uaireanta ar thaobh an foghlaimeoir, ach baineann cainteoirí dúchasach úsáid as nathanna Béarlachas ó am go h-am chomh maith.

Focail agus nathanna ar iasacht ón mBéarla:

Cuir é sin sa fridge. (Níor chuala mé riamh 'cuisneor' ó fíor-Ghaeilgeoir)
An raibh sibh ag cycleáil lads? (an rud chéanna le 'rothaíocht')

Agus cúpla cinn níos measa atá cloiste agam le déanaí:

Cad a cheapann tú faoin gcailín sin? Tá sí fuaim amach. (Sound out)
Ar an liathróid, a bhuachaill. (On the ball, boy)
An mbeidh deoch agat? Beidh. Seacht suas, le do thoil. (7up)
Fiche Seán imreor gorm, le do thoil. (20 John Player Blue, please)


An bhfuil samplaí eile agaibh?

Jimmy two times
05-07-2006, 10:02 AM
rAn mbeidh deoch agat? Beidh. Seacht suas, le do thoil. (7up)
Fiche Seán imreor gorm, le do thoil. (20 John Player Blue, please)


Fiche Seán imreor gorm - HA HA HA. Tá tú ag tógaint an piss right ?

Ach b'fhéidir nach bhfuil tú - d'obair mé i mbear gaelach blianta ó shin, agus bhí roinnt daoine ann ag iarraigh i gcomhair pionta 'Ó Murchú', nó fiú amháin i gcomhair gloinne 'Pádraig'. Dá-fuckin-ríre.

Fuck sake. Theastaigh uaim a rá 'Get a fucking grip will ya'

goosed
05-07-2006, 10:54 AM
tá sé naduraithe dude - tá an teanga ag aistigh an tám go léir -

Gobadán
05-07-2006, 12:49 PM
Tá leathanach maith anseo faoi Lorg an Bhéarla:

http://www.acmhainn.ie/athchlo/lorganbhearla/lorg05.htm

Tá rian an Bhéarla ar an teanga leis na cianta anois. Cén dochar, ba cheart dúinn a bheith buíoch go bhfuil suim ar bith ag an bpobal ar ár dteanga gan tionchar.

Ba cheart dúinn freisin beagán comhthéacs (http://www.smo.uhi.ac.uk/saoghal/mion-chanain/en) a choimeád.


.

Ciotóg
06-07-2006, 11:28 AM
"Bhíos amach ag cycláil ar mo bhicycle don fuícend, bhí sé ag piseáil báiste."
Heh, heh, sin fíor Ghaolainn duit! Ní chloifeá a leithéid in Roinn na Gaolainne i UCC ach cinnte beadh sé acu ar an mBuailtín nó sa Cheathrú Rua. Meascann siad an dá teanga i bhfad Éirinn níos nádúrtha ansan.

"Trom an hoover ansan. Nach bhfuil mótar breá ann? Tá sé ag dul ar nós na clappers like".

Folúsglantóir my arse.

Gobadán
06-07-2006, 07:07 PM
"An bhfaca tú mo van nua"?

"Ní raibh a fhios agam go raibh tú pósta".


.

miahp
07-07-2006, 10:27 PM
Tá sé cosúil leis an bhfrainchís : cad é an bhfrainchís ar "bistro" ?

Annie Hall
22-11-2006, 08:52 PM
Mar a dhéarfadh siad i gConamara: 'Tá an t-Irish language fuckáilte ag na h-English people, a mhac. Nách fíor dhom é?'

Ná fág do bhicycle in aice le do s'h'uitcase ar an mbridge. Coinnigh amach ó fhear na fataí, breathnaigh ar wideos, ól wodka agus seachain an WD (wee dee).

trasnanadtonnta
27-11-2006, 09:33 PM
tá sé seo ar fheabhas, táim i mo chonaí le dhá leaids ón gaeltacht i ngaillimh agus bíonn siad i gconaí ag rá a leithéid ,

bhí mé ag driveáil aréir
bhíos ag jumpáil ansin
caith san shower é
cuir píosa ar ag slideáil ar barr
rachaimid amach ar an tear

ní chloiseann tú a leithéid sa bhaile, is gaeilge nó bearlá é .focail 's briathra éasca cosúil leo siúd, ba chóir go mbeidh siad ar eolas ag aithinn duine.
i mo thuairim más gaeilge atá á labhairt agat ,ba chóir go mbeidh sé go léir gaeilge ag teacht amach as do bhéal agus faic eile. is fuath liom leath rud amháin agus leath rud éiginn eile .

Cad faoi, mar shámpla, focal atá ar lorg ón Laidin, le blianta anuas? Baintear usáid as focail ar lorg i ngach aon teanga ar fud an domhan. Gach aon teanga beo in aon chor. Teanga beo atá ag teastáil uainn, nach ea?

If that makes no sense, or if I missed your point, ghabh mo leathscéal, tá mo Ghaeilge saghas rusty. Mar a dearfá as Béarla. :p

Wumble
11-12-2006, 01:08 PM
Chúala mé "tá sé ag disappearáil" ar RnaG i moiche maidne.

Náireach! Gáireach!

Nuair nách mbíonn neologachas ('bhfeiceann tú cad do dhéanas ansan? hah?) ag tárlúint i dteanga a thuile, tá an teanga san ar imeall an uaigh.

Annie Hall
11-12-2006, 06:49 PM
Má éistíonn tú le RnaG go rialta, cloisfidh tú go leor don t-sórt seo cainte, ó dhaoine ó Chonamara ach go h-áirithe. Ceapaim féin go bhfuil sé greannmhar. Bhí sean-fhear ar siúl ansin cúpla mí ó shin agus bhíos lúbtha ag gáirí faoi na rudaí a bhí sé ag rá - ag trácht ar diabhail DVDs agus iPods agus chuile shórt a bhí ag na daoine óga sa lá atá inniu ann. Iad ag lorg taxis anseo 's ansiúd. Agus gan faic sa gcloigeann ag na leaids óga ach Sky Sports, srl. Chuir sé straois ar m'éadan! :D

trasnanadtonnta
11-12-2006, 08:19 PM
Má éistíonn tú le RnaG go rialta, cloisfidh tú go leor don t-sórt seo cainte, ó dhaoine ó Chonamara ach go h-áirithe.

Cén fáth daoine ó Conamara ach go h-áirithe, ceapann tú/sibh?

Annie Hall
11-12-2006, 08:44 PM
Cén fáth daoine ó Conamara ach go h-áirithe, ceapann tú/sibh?

Thar aon Ghaeltacht eile, tá sé de nós ag muintir Chonamara cúpla focail Béarla a chaitheamh isteach anseo 's ansiúd. Go h-áirithe nuair a úsáideann siad briathra - m. sh. - ag acceleratáil, ag underlineáil, decideáil muid. Nílim ag rá go bhfuil sé comónta i gConamara ach cloistear é seo ó h-am go céile.

Wumble
12-12-2006, 12:49 PM
"Bhíos amach ag cycláil ar mo bhicycle".

Ná dearmad nách ionnan an téarma oifigiúil agus téarmaíocht an phoball an t-am ar fad. Rothar is ea an chaighdeán, ach ní fíor-bhéarlachas í an téarma "bicycle" sa Ghaeltacht.

"Cad é sin?" arsa Pháid Séan Maidhc, lá éigin fadó.

"Bicycle," adúirt an stróinse.

"Ó. Maith thú."

Mar sin, 'bicycle' a d'úsáidtear i gCorca Dhuibhne, toisc gurb' é sin an t-ainm a gcloistear.

"No no," a deireann an ríaltas. "Rothar. Tá roth air. Rothar!"

Yeah right.

Annie Hall
12-12-2006, 04:53 PM
"Bhíos amach ag cycláil ar mo bhicycle".

Ná dearmad nách ionnan an téarma oifigiúil agus téarmaíocht an phoball an t-am ar fad. Rothar is ea an chaighdeán, ach ní fíor-bhéarlachas í an téarma "bicycle" sa Ghaeltacht.

"Cad é sin?" arsa Pháid Séan Maidhc, lá éigin fadó.

"Bicycle," adúirt an stróinse.

"Ó. Maith thú."

Mar sin, 'bicycle' a d'úsáidtear i gCorca Dhuibhne, toisc gurb' é sin an t-ainm a gcloistear.

"No no," a deireann an ríaltas. "Rothar. Tá roth air. Rothar!"

Yeah right.

Fuck é 'rothar'! Ní raibh rothar riamh againne ag a'baile. 'Baidhsiceal' a bhí againn...:)

Ciotóg
12-12-2006, 05:00 PM
"Féach ar Bhumble, ag bailiú leis ar a bhaidhsiceal, an langer."

"Mótar". Sin ceann eile.


"Tá an mótar ag spluttaráil saghas ansan a Mhaidhc. Tá an engine fuckáilte, a déarthainn. Tabhair sall go Ken é. Cuirfidh sé spark plugs nua ann agus roinnt peitril glan sa tank. Is operator ceart é, in all fairness".

Nuair a bhíos ag obair ar chúrsa Gaolainne bhídís ag gáirí fúm agus mo mhótar. Chaitheas "gluaisteán" a úsáid ar feadh cúpla mí chun iad a choiméad ciúin.

trasnanadtonnta
12-12-2006, 05:19 PM
"Gluaistán" - sounds to me like "moving machine." Greanmhar laidhc.

Wumble
12-12-2006, 05:47 PM
Sin atá ann!

Bhíodh 'cart' ag m'uncail is mo sheanathair i gcónaí, seachas gluaisteán ná carr.

Annie Hall
13-12-2006, 12:28 AM
Tharla sé seo ar chúrsa Gaeilge i gConamara. Chuala an Ard-Mháistir duine dos na mic-léinn amuigh sa chlós ag rá: 'Tá mé sorry.' Ghlaoigh sé isteach ina oifig é agus thug sé scríob dá theanga dhó.

Ard-Mháistir: 'Ná h-abair "Tá mé sorry" ariamh. Abair: "Tá sorry orm.'

Go diail!