View Full Version : Raidio na gCummmannaigh
Gobadán
18-05-2006, 05:17 PM
Chuala mé ar RTÉ1 inniu gur "iar-bhall de Pháirtí n gCummanaigh Éirinn" é Eoin Ó Murchú, eagróir polaitiúala de chuid RnaG. Bhí a fhios agam go raibh claonadh sóisialach ag cuid mhór de lucht na Gaeilge ach níor cheap mé go raibh cummanaigh ag oibriú in RnaG....
.
JamusN
19-05-2006, 11:07 PM
An rud is annamh is iontach. Faraor, ní hannamh a leithéid sin.
Míshásta
20-05-2006, 11:47 PM
Ach ait go leor, cé go raibh a fhios agam gur bhall nó iar-bhall sínsearach den phairtí cumannach a bhí ann, bíonn a chuid tuairiscí ar phairtí-pholaitíocht na hÉireann cothrom go leor, dar liom, agus ní bhraithim aon ró-chlaontacht iontu.
Ach aontaím libh go bhfuil claonadh láidir i dtreo an eite chlé agus i dtreo "phoblachtánachais" leis sna meáin Gaeilge i gcoitinne.
Bhuel, an mbeadh sibh ag siúl lena mhalairt nuair atáid go léir ag brath ar sparán an stáit chun iad a choimeád i ngnó.
Ciotóg
21-05-2006, 01:00 AM
Do bhí an fear céanna sáite le lucht Sinn Féin le blianta fada, agus ní maith leis droch-thuairisc a thabhairt riamh ar imeachtaí an IRA an lae inniu, chomh maith le pé gníomhaíocht eile a bhíonn ar siúl ag lucht na Poblachtánaigh. Ní chreidim an méid a bhíonn le rá aige, fiú amháin mar ainilisí neamhspleach.
Éistím le RTÉ1 chun dream an eite clé a chloisint, ach ní féidir braith ar an fear sin. Ró chlaonta ar fad ar fad.
JamusN
22-05-2006, 07:59 PM
Tá baint láidir idir cumannaigh/sóisialaigh agus Sinn Féin, agus an IRA go háirithe. Aon rud radacach, is dócha.
vBulletin® v3.8.7, Copyright ©2000-2012, vBulletin Solutions, Inc.