PDA

View Full Version : Anois teacht an Earraigh


Gobadán
31-03-2006, 03:00 PM
http://www.scoilgaeilge.org/t_na_t/TnaT_Marta2004.htm

Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
Is tar eis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.

I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
Is i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Mhóir.

Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar 'scaipeas an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach a'Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.

Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

.

Míshásta
01-04-2006, 12:25 PM
Jóc Amadán Aibreáin atá agat ansan is dócha le dán atá ag tagairt do mí Feabhra, cé nach raibh aon aimsir earraigh againn fós faraoir.

Ag an am céanna dán ana-dheas atá ann.

Asarlaí
01-04-2006, 03:14 PM
Is maith an nasc é sin, grma. Taitníonn saothar Raftery go mór liom toisc nach bhfuil a chuid dánta ró-dheacair le tuiscint. Ceann eile is maith liom ná 'Mise Rafteraí'. Tá taifeadadh ar MP3 agam le cainteoir dúchais á léamh, áit éigin i mbosca mo leabhar Gaeilge. Cuirfidh mé suas an comhad le íoslódáil nuair a thagaim air.. go dtí sin, seo na focail.

http://academic.evergreen.e du/curricular/ireland/poetry/MISE_RAFTERA%CD.htm

Míshásta
01-04-2006, 11:48 PM
Mise Raifteirí, an file,
lán dóchais is grá
le súile gan solas,
ciúineas gan crá,
ag dul síos ar m'aistear
le solas mo chroí,
fann agus tuirseach
go deireadh mo shlí;
féach anois me
lem' aghaidh ar Bhalla
ag seinm cheoil
do phócaí folamh'.

Mo leagan:

Is mise Míshásta,
lán dóchais gan ghá,
ag scimeáil an ghréasáin
gach oíche is lá.
Ag dul chuig an tábhairne
le solas im' chroí
Ach an maidin dar gcionn
i bhfíor-isle brí.
Féach anois mé
m'aghaidh le scáileán
na focail a scríobhaim
ag eitilt le fán.

GaryOR
09-04-2006, 12:36 PM
Is maith an nasc é sin, grma. Taitníonn saothar Raftery go mór liom toisc nach bhfuil a chuid dánta ró-dheacair le tuiscint. Ceann eile is maith liom ná 'Mise Rafteraí'. Tá taifeadadh ar MP3 agam le cainteoir dúchais á léamh, áit éigin i mbosca mo leabhar Gaeilge. Cuirfidh mé suas an comhad le íoslódáil nuair a thagaim air.. go dtí sin, seo na focail.

http://academic.evergreen.e du/curricular/ireland/poetry/MISE_RAFTERA%CD.htm

Is dán thar cionn í gan amhras ach níor chruthaigh Ó Reachtabhra í de réir cosúlachta.




Dia dhaoibh is ball nua mé. Conas atá cúrsaí le muintir Corcaigh, freastalaínn coláiste i gCorcaigh..

miahp
09-04-2006, 10:12 PM
D'Fhoghlaim Anois Teacht An Earraigh ar scoil agus bhí me i ndan smaoinimh ar an chéad dhá bhearsa ,táim buíoch duit gur cur tú an dán in iomlán annseo.