PDA

View Full Version : Tithe Saoire


Míshásta
24-03-2006, 01:05 PM
Maidin dubh dorcha fhliuch anseo i Chetwynde Downs inniu. Agus scamall gruama duairc anuas ar mo ghuaileann féin. Póit is cúis leis dar ndóigh. Gloine Alka-Seltzer anseo os mo chomhair is mé ag déanamh dian-mhachnamh ar chúrsaí is ar choir an tsaoil. Bhíos sa chlub gailf aréir. Ní imrím gailf, ná aon spórt eile, ach táim im’ bhall den chlub, má thuigeann tú leat mé.

A leithéid de radharc sa charr-chlós, lán de SUVanna, chuid acu chomh mór le tancanna airm Mheiricea, agus cairteacha cláraithe 06. Istigh sa bhear (nó ‘béar’ mar a chonac uair amháin ar fhalla thigh tábhairne i gceartlár na Gaeltachta) bhí na lipéidí dearthóra le feiscint i ngach áit. B’é an t-ábhar a bhí á plé acu ag an gcúntar ná tithe saoire. Sea, ambaist, ‘tithe saoire.’ Anois is cuimhin liom go glé nuair a bhíodh sé le maíomh ag daoine go raibh tigín déanta de bhosca Ford thíos i mBun a’ Tabhairne acu. Ansan bhog daoine ar aghaidh go dtí bungalóanna galánta i West Cork. (Ní hionann an ball san agus Iarthar Chorcaí; ainm branda is ea ‘West Cork’ anois cosúil le ‘Kerry Gold’ nó ‘7-up’.) Anois níl tú sa chomhluadar ceart in ao’ chor muna bhfuil tigh saoire agat sa bhFrainnc, nó sa Tuscáin, nó, rogha na coitiantachta is déanaí, cósta Mhuir Dhubh na Bhulgáire. Ní leor ‘árasán’ ar Costa de Sol na Spáinne a thuilleadh mar tá an áit san millte ag an daoscarshlua.

Sin é an eochar-fhocal - ‘millte’. Ní phiocann tú áit níos mó mar go bhfuil radharcanna breátha agus fothracha stairiúla le feiscint, nó mar go bhfuil aeráid te tirim bolg le gréine ann. Oh no! ní mór duit áit a aimsiú nach bhfuil loite millte - FÓS. Sea tá rás mór domhanda ar siúl, daoine ag sodar chun áiteanna iargúlta a aimsiú sara millfear iad. Bi daoine breá sásta leis na gCanáraigh go dtí gur milleadh na h-oileáin, ansan go dtí Barbados go dtí gur milleadh an pairidís tropaiceach úd. Anois tá triail ar na Seychelles, agus by daid bí cinnte de go gcloisfimid sar i bhfad go bhfuil Ryan-Air chun an ball a oscailt do ghráscar na sráide. Agus n’fheadar cén oileáinín bocht sa Phacific Theas a bheidh ar bharr an liosta le bheith millte ina dhiaidh san.

T’s agam, níl ach an t-éad ag dó na geirbe agam, mar níl na h-achmhainní agam chun ‘infheistíocht’ a dhéanamh i dtig saoire thar lear. Agus canathaobh, mar tá ochtar clainne agam a cheapann nach bhfuil ina n-athair ach cárta plaisteach chun a stíl maireachtála ard-chostasach míchuíosach a íoc.

Táim ar tí pléascadh. Cá bhfuil na piollaí? Táim ag dul don phub chun na néaróga a cheansú.

Focal scoir : Tithe Saoire – nílid saor in ao’ chor. A! Maith dhom.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC Is minic a chím na botúin tar éis an cnaipe a bhrú ach nílim in ann iad a cheartú mar nach bhfuil aon ‘edit’ sa chóras sean-chaite seo

Gobadán
24-03-2006, 03:57 PM
Thuig mé ar dtús go raibh tithe saor in aisce á sholáthair agat. Tá tú ró-tugtha don ól, a mhac - cá hionadh go bhfuil cantal ort i gcónaí.


.