PDA

View Full Version : Ciúin anseo


Proinsias
13-03-2006, 11:06 PM
Cá bhfuil na gaelgoirí?


Tá an oifig ar an telly anois, an mhaith ar fad.

Hochma
13-03-2006, 11:09 PM
Cá bhfuil na gaelgoirí?


Tá an oifig ar an telly anois, an mhaith ar fad.


'tis alright ... and I don't have very good Irish ... ahwell ... óiche mhaith.

Míshásta
14-03-2006, 02:29 AM
Conas tán tú, a chara. M'anam ach go bhfuil sé déanach anois. Táim tar éis an iomarca pórtair a ól agus níl fonn cainte orm anois.

Slááán.

Gobadán
14-03-2006, 05:37 PM
M'anam ach go bhfuil sé déanach anois. Táim tar éis an iomarca pórtair a ól agus níl fonn cainte orm anois.

Tá fonn cáinte orm.



.

JamusN
14-03-2006, 11:05 PM
Abair rud éigin, mar sin, in ainm Dé, fiú más cáineadh é!

Míshásta
15-03-2006, 12:50 AM
Abair rud éigin, mar sin, in ainm Dé, fiú más cáineadh é!

Hi, A Shéamuis,

an bhfuairis amach riámh cé hé an balacs a bhíonn do d'ionsaí ar Clár Plé Leathbheo?

Gobadán
16-03-2006, 03:52 PM
Hi, A Shéamuis,

an bhfuairis amach riámh cé hé an balacs a bhíonn do d'ionsaí ar Clár Plé Leathbheo?

An lúdramán a bhíonn ag caitheamh anuas ar IGT an am go léir? Madra mire is ea é, balacs den chéad scoth.



.

Ciotóg
18-03-2006, 10:48 PM
Chaill Baile Nua Sheandroma cluiche ceannais na gclubanna inné. Do chuir sé sin díomá orm. Ar shlí éigin is dóigh liom go mbeidh leis an dream ón iarthar i mbliana, cé nach maith liom é a rá ós ard.

cicfada
20-03-2006, 10:13 PM
Chaill Baile Nua Sheandroma cluiche ceannais na gclubanna inné. Do chuir sé sin díomá orm. Ar shlí éigin is dóigh liom go mbeidh leis an dream ón iarthar i mbliana, cé nach maith liom é a rá ós ard.

Is an gaillimh me fein, ce nach bhfaca ma an chluiche ar an Aoine tugann se an-dochas dom.Is cosuil go imreoir den scoth e Joe Canning!Beidh me i mo chonai gCorcaigh sar i bhfad nuair a bhogaim ansin.Meas tu an mbeidh me ciuin don chuid eile den bhlian??

Ciotóg
21-03-2006, 12:15 PM
Is an gaillimh me fein, ce nach bhfaca ma an chluiche ar an Aoine tugann se an-dochas dom.Is cosuil go imreoir den scoth e Joe Canning!Beidh me i mo chonai gCorcaigh sar i bhfad nuair a bhogaim ansin.Meas tu an mbeidh me ciuin don chuid eile den bhlian??
Le cúnamh Dé beidh sibh ciúin i mbliana. Táim geall leis cinnte go mbuafaimid an trí chraobh as a chéile, ach is dóigh liom gur thaispeáin Port Omna Dé hAoine conas gur féidir deileáil le fóirne Chorcaí go ginireálta - ná tabhair spás dóibh, agus cur stop le locht lár na páirce ag rith chomh luath agus is féidir.

Beidh móran craobhanna ag dul siar ón mblian seo chugainn ar aghaidh áfach. Tá na himreoirí óga agaibh.

JamusN
21-03-2006, 07:56 PM
Ní fheadar - ach tá cúpla nod ann. Rinne Liam iarracht nó dhó chun iad a ghlannadh uainn, ach mura ndéantar i gcónaí sin, ní imeoidh siad.
Tá mo dhóthain eile le déanamh gan iad:
www.philo-celtic.blogspot.com
www.philo-celtic-feesh.blogspot.com
Ach is mór an trua go bhfuil an clár plé sin scriosta acu, mar sin féin. Is breá liom bheith in ann caint go hoscailte le mórán daoine as Gaeilge. Is mór an dochar a dhéanann a leithéid.

Gobadán
22-03-2006, 04:06 PM
Inis Fada... Inis Mór 7rl. Ach tá "inis" baininscneach..... Inis Mhór????

http://www.inis.qc.ca/accueil/

http://www.shadoof.net/in/incat.html#OISLEAND


.

JamusN
22-03-2006, 11:11 PM
Seanchleachtadh leis an logainm sin, agus baisteadh ainm ar an oileán seo a bhí ann cheana féin in Éirinn - agus baisteadh fadó é air.

Cad é an diabhal baint idir na naisc siúd atá agat agus do cheist?

Gobadán
23-03-2006, 07:17 PM
Cad é an diabhal baint idir na naisc siúd atá agat agus do cheist?

Diabhal ar bith. Nach tír saor í fós í?


.

JamusN
23-03-2006, 08:28 PM
Más Sasana atá i gceist agat, nílim cinnte.

Gobadán
24-03-2006, 03:54 PM
Más Sasana atá i gceist agat, nílim cinnte.

Allahu Akbar!!! Go bhfága Dia slán tú! Tá an briogáid PC i mbarr a réime anseo - más duine geal tú bíonn tú in áit an leathphingin.



.