Nicewanbiy
12-03-2006, 04:55 PM
NÍ GAEILGEOIR MÉ ... COINNIGH ISTIGH MÉ !
Bainfidh TG4 triail as formáid Celebrity Big Brother do Sheachtain na Gaeilge, tráth a mbeidh ochtar pearsain aitheanta á gcur faoi ghlas i dteach mór 11 Márta - Lá 'le Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a líofacht Ghaeilge.
Is i nDaon Mhúsaem Uladh i gCúil Trá, láimh le Béal Feirste a bheidh na foghlaimeoirí ag cur futhú agus is í Aoife Ní Thuairisg a bheidh mar láithreoir ar an tsraith teilifíse. Craolfar clár gach tráthnóna agus beidh deis ag an bpobal féachana a mbreith a thabhairt, vóta a chaitheamh don phearsa is fearr, dar leo, agus tacú le eagras carthanachta ag an am céanna.
I measc na ndaoine a bheidh páirteach, beidh an t-aisteoir Sheila McWade, (a ghlacann páirt Kay McCoy sa sobal Fair City) Jenny Kelly láithreoir agus léiritheoir raidió le Today FM, an fear grinn Alan Shortt ( a bhí chomh cruinn sin ina aithris ar an Taoiseach sa tsraith Bull Island) Marisa Mackle údar agus iriseoir, Gavin Lambe-Murphy, colúnaí sóisialta, an t-amhránaí Phillip McGee (iomaitheoir ar an X Factor), an t-aisteoir grinn Ultach John Lenihan (May McFetridge na teilifíse) agus an t-amhránaí Jeannette Cronin (iomaitheoir ar You're a Star).
JEANNETTE CRONIN
http://www.tg4.ie/inte/ngm/images/jean.jpg
AOIS: 23
STÁDAS: Singil
FÓD DÚCHAIS: Corcaigh (rugadh i Luimneach).
GAIRM: Amhránaí - chuaigh sí go dtí na babhtaí ceannais i You're a Star. Go leor poiblíochta fúithi arís le gairid nuair a bhris sí a srón agus thug an moltóir Linda Martin feannadh ar a cumas amhránaíochta. Bhí sí le banna ceoil Cartoon ar feadh seal.
SULA RAIBH SÍ CÁILIÚIL: Chaith sí tamall ag obair i mbialann Wagamama's tar éis críochnú san Ollscoil.
CAITHEAMH AIMSIRE: Imeachtaí sóisialta, an seinm an phianó, siúl, siopadóireacht, faisean.
CUMAS GAEILGE: D'fhoghlaim sí ag an mbunscoil agus ar mheánscoil. Onóracha Ardleibhéil san Ard Teist.
IS MAITH LÉI: Faisean - tá a rogha féin stíle aici !
ROGHA BIA: Gach saghas.
NA RUDAÍ IS MÓ A AIREOIDH SÉ UAIDH? Na cairde - a bhformhór nach bhfaca sí le trí mhí.
CÉN FÁTH GO BHFUIL UAIT A BHEITH PÁIRTEACH? An deis mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú agus bualadh le daoine nua.
CARTHANACHT: Fundúireacht Naomh Seosaimh do dhaoine éagumasacha.