View Full Version : ceol nua aimsire i nGaeilge?
An Rón Mór
17-02-2006, 12:15 PM
Hi
Is maith liom ceol gaelach ach is annamh a fheicim Cd maith sna siopaí. Ta trad ar fud na háite ach taím ag lorg rud eicint ar nos Na Fíréin. an bhfuil a fhios agaibh ar rud faoi ?
Gobadán
20-02-2006, 04:49 PM
Níl fhios a'm beo.
Bíonn clár ar RnaG san oíche darbh ainm Anocht FM (http://www.rte.ie/rnag/anochtfm.html) agus castar ceol na haoise seo ann, ach ní fios dom an mbíonn go leor liricí Gaeilge ann.
.
kerrybabe
20-02-2006, 10:15 PM
Hi
Is maith liom ceol gaelach ach is annamh a fheicim Cd maith sna siopaí. Ta trad ar fud na háite ach taím ag lorg rud eicint ar nos Na Fíréin. an bhfuil a fhios agaibh ar rud faoi ?
Ar éistís riamh le Tadhg Mac Dhonnagáin? Tá na dlúthdhiocaí 'Solas Gorm' agus 'Imíonn an t-Am' an-mhaith
kerrybabe
20-02-2006, 10:17 PM
Ar éistís riamh le Tadhg Mac Dhonnagáin? Tá na dlúthdhiocaí 'Solas Gorm' agus 'Imíonn an t-Am' an-mhaith
Muna bhfuil faic de cheol Kíla agus Bréag cloiste agat cheana, mholfainn duit éisteacht le stuif dá gcuid
Jimmy two times
22-02-2006, 02:57 PM
Hi
Is maith liom ceol gaelach ach is annamh a fheicim Cd maith sna siopaí. Ta trad ar fud na háite ach taím ag lorg rud eicint ar nos Na Fíréin. an bhfuil a fhios agaibh ar rud faoi ?
Eisíodh CD anuraidh i gcomhair Seachtain na Gaeilge le cannadóirí / grúpaí ar nós Mundy, Paddy Casey, The Frames, The Devlins, The Walls, Iarla O Lionáird, Liam O Maonlai agus iad go leir ag caineadh amhráin as gaeilge. Smaoineamh maith a bhí ann i mo thuaiream, ach i ndáríre ceapaim go raibh an caighdeán nó 'quality control' cuíosach íseall. Tá cúpla amhráin den scoth air, ach tá alán 'fillers' ann co-maith.
Gobadán
22-02-2006, 05:22 PM
Tá cúpla amhráin den scoth air, ach tá alán 'fillers' ann co-maith.
Níl tada níos measa ná "fillers" ar albam ar bith... is dócha go bhful focal maith Gaeilge air sin...
.
kerrybabe
24-02-2006, 05:57 PM
Níl tada níos measa ná "fillers" ar albam ar bith... is dócha go bhful focal maith Gaeilge air sin...
.
'Fillers' - padáil!!
Gobadán
25-02-2006, 10:46 AM
'Fillers' - padáil!!
Uh huh. Tá amhras orm go bhfuil an fóram seo padáilte go maith....
.
goosed
02-03-2006, 02:15 PM
Kil a is ea an t-aon grúpa amháin a chualas ag canadh as gaeilge - ach tá go leor amhráin ag an grúpa Albanach - "RunRig" i nGaeilge na hAlban
vBulletin® v3.8.4, Copyright ©2000-2010, Jelsoft Enterprises Ltd.