View Full Version : Scannáin Gaeilge?
Gobadán
06-02-2006, 01:57 PM
An bhfuil aon scannán Gaeilge fé rún in Éirinn? Ba chóir go ndéantar scannáin maith Gaeilge anois atá airgead ag an rialtas. Is maith is cuimhin liom Poitin at an teilifis sa seachtóidi agus d'athraigh sé mo dhearcadh ar an teanga ag an am, ni fhaca mé, cheana sin, daoine ag labhairt gaeilge eatarthu féin go deas nádúrtha liofa.
Tá suiomh maith anseo ag Bob Quinn, an té a dhein Poitin.
http://www.conamara.org/
.
Jimmy two times
06-02-2006, 02:50 PM
Cad faoi Tommy Lee Jones ag labhairt gaeilge san scannán uafásach sin le Jeff Bridges, nó Clint Eastwood féin ag léamh fillíocht as gaeilge i Million Dollar Baby ? I ndáríre, scannán iontach a bhi i Poitín, agus bhéadh sé go brea dá ndéanfadh scannántóir óg éirinneach scannán eile nua-aimsireach faoin tír sna 2000's. Ceapaim gur cuma le daoine 'sub-titles' i scannáin inniu agus ní chuirfeadh sé sin bac ar dhaoine scannán as gaeilge a fheiscint.
Some user
07-02-2006, 06:49 PM

Aontaím leat.
kerrybabe
15-02-2006, 11:38 AM
Tá airgead faighte ag cara liom chun script fad-scannán a fhorbairt trí Ghaoluinn. Ní féidir liom an rún a scaoileadh, áfach. Seachas san, táim féin ag obair ar script dár teideal 'Natural Born Gaeilgeoirí'!!
DJ Silent
15-02-2006, 03:38 PM
Cad faoi An Usual Suspects as gaeilge, le Bertie Ahern, Mary Harney, Pat Rabbitte, Enda Kenny agus Trevor Sargeant.........
kerrybabe
15-02-2006, 07:21 PM
Cad faoi An Usual Suspects as gaeilge, le Bertie Ahern, Mary Harney, Pat Rabbitte, Enda Kenny agus Trevor Sargeant.........
Usual Suspects - Ó Cuív, Michael D, Gerry Adams, Bairbre de Brún, Enda Kenny...
Gobadán
16-02-2006, 11:54 AM
Seachas san, táim féin ag obair ar script dár teideal 'Natural Born Gaeilgeoirí'!!
An-deas! Táim féin ag obair ar scríbhinn suite i gConamara. Beidh an scéal ina meascán idir The Perfect Storm agus Brokeback Mountain agus an 10 nóiméid deireanach bunaithe ar Dusk Till Dawn.http://www.peoplesrepublico fcork.com/~peoplesr/forums/images/icons/icon7.gif
.
JamusN
22-02-2006, 08:11 PM
Seo rud nua daoibh - scannáinín atá ann:
http://philo-celtic-feesh.blogspot.com/
Tá breis eolais le cloisteáil faoi anseo:
http://philo-celtic.blogspot.com/2006/02/fgra-t-fschraoladh-as-gaeilge-sa-saol.html
Cá bhfuil bhur scannáiníní-se?
cicfada
22-02-2006, 08:29 PM
Bhuel a dhaoine uaisle agus isle, suil agam go bhfuuil rudai go maith ling uilig.Ta me fein agus mo bhean (as Fairhill) agus mo thruiur mhac ag bogadh go Corcaigh i mi Aibreann.Anois an bhfuil aon siopa mhaith a dhiolann leabhair Gaeilge do ghasuiri sa chathar??Agus an bhfuil aon teach tabhairne sa chathar a mbuaileann Gaeilgeoiri lena cheile o am go h-am??Bheadh se deas buaileadh isteach go ait mar sin agus an chraic a bheith againn!Seachas mi Mhean Fomhair is docha mar is as Co. na Gailimhe mise!!:p
Ciotóg
23-02-2006, 10:42 AM
Ó thaobh leabhair dhe níl Liam Ruiséal Teo ró olc.
GaryOR
11-04-2006, 07:05 PM
An bhfuil aon scannán Gaeilge fé rún in Éirinn? Ba chóir go ndéantar scannáin maith Gaeilge anois atá airgead ag an rialtas. Is maith is cuimhin liom Poitin at an teilifis sa seachtóidi agus d'athraigh sé mo dhearcadh ar an teanga ag an am, ni fhaca mé, cheana sin, daoine ag labhairt gaeilge eatarthu féin go deas nádúrtha liofa.
Tá suiomh maith anseo ag Bob Quinn, an té a dhein Poitin.
http://www.conamara.org/
.
chuala mé faoi scannán faoi Ghaeil as Conamara ag obair i Sasana i rith 1960 nó 70. Beidh an scannán 80 faoi chéad i nGaeilge...de réir dealraimh
Gobadán
14-04-2006, 04:01 PM
chuala mé faoi scannán faoi Ghaeil as Conamara ag obair i Sasana i rith 1960 nó 70. Beidh an scannán 80 faoi chéad i nGaeilge...de réir dealraimh
An bhfuil sé idir láimhe faoi láthair? An bhfuil sé le teacht amach go luath?
.
vBulletin® v3.8.4, Copyright ©2000-2010, Jelsoft Enterprises Ltd.