PDA

View Full Version : Agallamh le Robert Fisk

Gobadán
23-11-2005, 02:51 PM
Nilim freagrach as an ráiméis a fheicfidh tú ar an leathnach seo ach is rud subtasach é ar aon nós. Tá a fhios agam go bhfuil grá mór ag na cummanaigh ar an suiomh seo air:

Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoira chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin. Labhair sé le Robert McMillen le gairid faoina chúlra agus faoina dhearcadh ar choimhlintí an lae inniu sa Mheánoirthear" (http://www.beo.ie/2005-11/agallamh.asp)

Tá briathar úr sa Bhéarla, fisking, a chum naimhde Fisk; an rud atá i gceist le fisking ná dul fríd alt, líne ar líne, ag ceartú na meancóg ó thaobh fíricí de, na hanailíse agus cibé eile atá ann.

.

Ciotóg
25-11-2005, 10:12 AM

Is laoch é Robert Fisk. Is breá liom duine neamhspleach a fheiscint ag déanamh tuireascóireacht macánta in áit go bhfuil fíor ghá leis. Cé a chreideofá, rialtas Mheiriceá agus an Tor Mór, nó tuaireascóir aonair? Ní cuimhin liom ríomh an duine céanna ag tagairt d'fhiannaise nach raibh fíor. Ba rud deas é dá ndéanfadh na huile-cumhachtaigh an rud céanna.

JamusN
25-11-2005, 08:48 PM
A Dhia na bhfeart! Laoch na n-aineolaí atá ann, cosúil le Michael Moore.

Ciotóg
27-11-2005, 06:26 PM
A Dhia na bhfeart! Laoch na n-aineolaí atá ann, cosúil le Michael Moore.

I ndáiríre anois, tuigim go bhfuil daoine ann nach n-aontódh leis an dearcadh atá aige, ach ní thuigim conas go bhféadfá a rá gur aineolaí é. A mhalairt ar fad gan dabht. Ní dóigh liom go mbeadh aineolaí fostaithe ag Independent Londain, go háirithe agus scór do bhlianta caite aige ag tuaireascóireacht sa Mhéan Oirthear. Argóint leiscúil ós na neo-cons.

Gobadán
28-11-2005, 01:57 PM
Tá claonadh nimhneach ró ró ró ró ró frith-Mheiriceánach aige. Fear feargach is ea é, ni bhionn sé ag lorg ach cúiseanna chun caitheamh anuas ar Mheiriceá.

.

JSmith13
28-11-2005, 09:18 PM
Níl a fhios agam ar Robert Fisk......... :oops:

Gobadán
29-11-2005, 01:07 PM
Níl a fhios agam ar Robert Fisk......... :oops:

Tá suíomh dó féin aige....

http://www.robert-fisk.com/

Ní maith leis na Poncánaí (nó rialtas na bPoncánaí, ar aon nós)

.

JSmith13
29-11-2005, 03:18 PM
Tá suíomh dó féin aige....

http://www.robert-fisk.com/

Ní maith leis na Poncánaí (nó rialtas na bPoncánaí, ar aon nós)

.

AHHH, feicim anois, a chara. Tá a fhios agam anois!! Go raibh maith agat.

Asarlaí
30-11-2005, 02:49 PM
http://www.robert-fisk.com/

Táim tar éis féachaint ar chúpla den ghrianghrafanna sa nasc 'íobartacha d'ionsaí angla-meiriceánach'. Cuireann siad uafás orm agus ní féidir liom an cailín bocht beag sin a chur as mo cheann. Is iomaí rud a gcaithfidh ár rialtais cuntas a thabhairt ann. Is an-bhocht an scéal é.