PDA

View Full Version : Le greann


Asarlaí
21-08-2005, 04:59 AM
Dia dhaoibh a dhaoine,
Níl mé cinnte má tá seo feicthe agaibh go léir cheana fein ach ar aghaidh liom ar aon nós. Is é.. Búntus Cainte (na caibidlí caillte nó rud éigin mar sin ;)

'Tagann Daidí abhaile'




Is maith le Mamaí tae. Is maith léi THC freisin. Ach is fearr léi uisce beatha.
Ólann sí cúpla gloine de gach cúpla nóiméad. Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhí sí ar an urlár ina codladh, agus d'fhág sí a cuid airgid ón dól ar an mbord.
Muise, thóg mé é agus chuaigh mé go dtí teach na ndrugaí. Is minic a bhím ansin le mo mhamaí. Mar sin, is féidir liom rud ar bith a cheannach ansin. Ceapann siad go bhfuil na drugaí do mo mhamaí, ach is liomsa iad. Is maith liom tobac aisteach, ach is fearr liom hearóin.



Bhuel, an uair seo, cheannaigh mé mórán de, agus chaith mé an lá ar fad faoi sceach, as mo mheabhair. Nuair a bhí sé dorcha, d'oscail mé mo shúile agus ní raibh a fhios agam cá raibh mé. "Is cuimhin liom anois!" dúirt mé. "Beidh Daidí sa bhaile go luath, agus feicfidh sé mamaí ar meisce! Beidh fearg air!"



Chuaigh mé abhaile, ach bhí Daidí ansin romham. Agus bhí fearg an domhain air. Ní raibh Mamaí ina dúiseacht fós. Agus dar ndóigh, ní raibh an t-airgead ar an mbord.



"Cá bhfuil an t-airgead, a amadáin!" dúirt m'athair liom. "Cá bhfios?" arsa mise.
"Níl a fhios agamsa."



"Ní chreidim thú, a mhic! Tá rud aisteach faoi do shúile.
An raibh tú ag caitheamh drugaí arís?!"



"Ní raibh, a Dhaid! Ná buail orm!"



"Éist do bhéal! Téigh go dtí do bhosca faoin staighre!"



"Ná déan sin arís, a Dhaid! Beidh mé i mo bhuachaill maith!"



"Téigh!" arsa Daid, agus mar sin, chaith mé an samhradh sin sa bhosca faoin staighre arís. D'ith mé mo bhricfeasta as babhla miotail, agus d'ól mé cúpla braon uisce, agus bhí fearg orm nach raibh fuinneog ar bith agam le cúpla mí.



Tháinig na gardaí nuair a bhris Daidí srón Mhamaí. Chuaigh seisean go príosún le tamall arís. Chuaigh Mamaí go rehab. D'fhán mé sa bhosca le cúpla lá, agus ansin, bhí mé i mo chónaí faoi sceach. Fuair mé airgead ag díol craic.



Cheannaigh mé gunna leis an airgead. Ach sin scéal eile.

Gobadán
21-08-2005, 12:49 PM
Ana dheas! FíorGhaeilge ansin gan dabht. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill scoile ag léamh na labhair siúd, bhíodh Mamaí i gcónaí sa chistin agus bhí Deadaí amuigh ag obair nó ag caitheamh a phíopa ina shuí go sámh.

Bhíodh clog uafásach seascadach os cionn na tine freisin, sna peictiúirí....


.

mezdupmaiden
21-08-2005, 02:11 PM
scríobh scéal eile... déan é... go aghraidh!

An Béal Bocht
22-08-2005, 02:15 PM
:) ta an sceal sin ar fheabhas ar fad!!!

JamusN
22-08-2005, 04:23 PM
Haigh! Scríobh mise sin (le mo dhaltaí)!
http://www.scoilgaeilge.org/lessons/easyreading/

Asarlaí
22-08-2005, 05:33 PM
Thar barr, maith sibh go léir as sin, tá na scéalta seo a lán spraoi. Bainim an-taitneamh astu.

JamusN
22-08-2005, 07:16 PM
GRMA. Más maith libh, déanaimis cúpla ceann eile! Ach is tábhachtach stór focal beag, cosúil lena bhfuil in Buntús Cainte, a úsáid.

Asarlaí
23-08-2005, 01:27 AM
Togha, ní miste liom ar chor ar bith. Cá dtosófaí ar rud éigin mar seo?

JamusN
23-08-2005, 05:43 PM
An bhfuil cóip de Buntús Cainte 1 agat? Má tá, léigh cúpla scéal ann, agus bain feidhm as na focail is na daoine iontu - ach cuir ar tuathal an scéal!

Asarlaí
24-08-2005, 12:03 PM
Maith go leor, bainfidh mé triail as sin. Grma..

JamusN
24-08-2005, 03:42 PM
Más maith linn é, foilseoidh mé ar ár suíomh é.
Is maith an rud scéal a chuma i ngrúpa, freisin - bíonn spraoi ann.

JSmith13
05-12-2005, 04:05 PM
Bhí na 'caibidlí caillte Buntús Cainte' agam. Ní féidir liom faill iad áit ar bith anois!!!

JSmith13
05-12-2005, 04:30 PM
Sa Bhaile le Nóra agus Pádraig
le Séamas Ó Neachtain



Tá Nóra ag gol. D'imigh Pádraig. Bhí fearg air. Is buachaill mór é. Thug sé bualadh do Nóra, ar a srón. Agus anois, tá sí ag gol. Tá fearg uirthi, freisin. Is cailín beag í.



Níl Pádraig go deas. Tá sé go dona. Itheann sé lón Nóra gach lá. Briseann sé a

peann luaidhe. Déanann sé a bricfeasta salach. Tá sé go dona ar fad.



Lá amháin, bhí Nóra an-tuirseach de. Rinne sí plean. Ní raibh eagla uirthi. Ní raibh Pádraig ansin fós. D'ith sí a bricfeasta. D'ól sí beoir. D'ól sí cúpla beoir. Nigh sí an bord. Chuir sí mála faoin mbord. Chuir sí scian faoin mbord, le téip. Chuir sí cúpla buidéil folamh i mbosca. Bhí an-fhearg uirthi.



Tháinig Pádraig. Shuigh sé síos ag an mbord. Chuir sé a chos ar an mála. Bhris sé. Bhí sé lán. Bhí sé salach. Bhí fearg ar Phádraig, cinnte. Dúirt sé rud olc. D'éirigh sé ina sheasamh, agus rith sé go Nóra. "Stad!" arsa Nóra. Níor stad. Rug Nóra ar bhuidéal folamh as an mbosca. D'éirigh Pádraig a lámh. Ní raibh eagla ar Nóra. Bhris sí an buidéal ar a cheann. Rug sí ar cheann eile. Bhris sí an ceann sin air freisin. Ansin, rug sí ar an scian. Scian mhór bhreá ab ea é. Bhuail sí Pádraig leis. Thug sí cic dó. Shuigh sí air, agus bhuail sí é leis an scian arís is arís eile. Bhí fearg go leor uirthi. Ní raibh Nóra go deas. Stad Pádraig.



Nuair a tháinig na gardaí, bhí Nóra ag gáire. Bhí sí ag caint léi féin. Ní raibh Pádraig ag caint. Ní raibh fearg air. Bhí sé ina luí ar an urlár, agus fuil ina thimpeall. Bhí ionadh ar na gardaí. "Nach cailín beag deas í?" cheap siad. Ansin, tháinig na fir sna cótaí bána, rug siad ar Nóra, agus d'imigh siad léi.



Pádraig bocht. Ní raibh sé go deas, agus anois, níl sé ann.



Nóra bhocht. Tá sí ina cónaí anois i seomra bog, agus bíonn cóta bán uirthi gan muinchillí oscailte air. Bíonn Nóra ag gol agus ag gáire. Ní dhéanann sí a bricfeasta. Ní níonn sí í féin. Ólann sí tae speisialta. Ní bheidh sí sa bhaile le tamall. An mbeidh sí sa bhaile ar ball? Níl a fhios agam. Níl brón uirthi. Ní raibh sí ag súgradh.



Tháinig na gardaí ar ais go dtí a teach. Ghlan siad an t-urlár. Thóg siad corp Sheáin go dtí an t-ospidéal. Bhí Pádraig fuar. Bhí sé fliuch. Ní raibh sé glan, ach bhí sé salach. Ach ní raibh sé marbh fós! D'oscail sé a shúile! Rug sé ar an dochtúir agus dúirt sé leis, "Cá bhfuil an bhean dhamanta sin?! Cá bhfuil sí?!" D'inis an dochtúir dó go raibh sí i rang Gaeilge áit éigin. D'inis sé dó go raibh scoil Ghaeilge ann in Babylon.



Nuair a tháinig feabhas ar Phádraig, d'imigh sé as an ospidéal, agus chuaigh sé ag lorg Nóra. Bhí fearg air fós. Thug sé ainm nua air féin. Ní deir sé rud ar bith faoi Nóra riamh. Bíonn sé ciúin. Bíonn sé ag féachaint. Bíonn sé ag fanacht. Cá bhfuil Pádraig? An bhfuil sé anseo? An bhfuil sé ag teacht? An bhfuil sé anseo anois? Tá sé dorcha amuigh

Gobadán
05-12-2005, 04:56 PM
Pádraig bocht. Ní raibh sé go deas, agus anois, níl sé ann.


Hee hee!!!

Go deas.


.

Asarlaí
05-12-2005, 05:32 PM
Ceann deas a Jim, cá bhfuair tú é seo?

JSmith13
05-12-2005, 07:13 PM
Ceann deas a Jim, cá bhfuair tú é seo?


Fuair mé é ó Brigid Clovermoon. Tá cúpla eile agam, ach ní féidir liom a aimsiú iad.