Míshásta
16-06-2005, 08:57 PM
CATHAIR GAN CHULTÚR 2005
Smaoinigí ar na bhfirící seo.
Scoil Cheoil gan aon fhoirgneamh scoile.
An Lobby dúnta. An venue beag ab fhearr sa tír i gcomhair raon fairsing ceoil
An tÁras dúnta le blianta. An t-aon club sa chathair do Ghaeilgeoirí. (nó The Arse mar a tugadh lucht na seiteanna air.
Amharclann an CAT Club dúnta.
Seana tithe tabháirne á dúnadh ina gceann is ina gceann. Nó b’fhéidir á athrú ina super-phubanna treindíeálta agus gan aon omós ag na húinéirí nua ar na sean ainmneacha stairiúla.
Gach ré bialann, caifé agus siopa le h-ainmneacha Iodáileacha áifiseacha– Casa di seo agus Casa da siud, ach gan fíor-Iodáileach amháin le feiscint in aon áit i measc an lucht foirne. Daoine as gach cearn eile den domhan dar ndóigh.
Agus…Agus an rud is measa ar fad, buaicphointe an bhliain chultúrtha curtha ar ceal. Sin “GLOOMSDAY 2005”. Cuireadh fláithiúil oscailte á fhearadh ar an gclár plé seo “Daon-Phoblacht Chorcái” do chách agus dá mháthair chéile chun teacht go dtí an ragairne óil is mó riamh. Agus freagra amháin ní fhuaireas. Fiú freagra maslach diúltach níor tháinig. Dtuigeann tú an sórt ruda “Wud ye Oireeshans ever fugh off back to the Blaskets” A leithéid de rud. Tá’s agam go raibh sé scríte i dteanga ársa ár sinsir., ach cad mar gheall ar an nGaolainn éiginteach? Ná fuil sí ann a thuilleadh?
Cathair gan Chultúr
Dumpa gan Dúchas.
Corcaigh – Ainm cruinn. Corcach Corrach, Riascach, Draoibeach, Láibeach.
Grúdlann de ló, agus Drúthlann d’oíche.
Cathair na Síor-tochailte.
Cathair Trácht-tactaithe.
Cathair na Nua-rachmaise.
Cathair an Éirí in áirde.
Cathair na Baoth-galamasaíochta.
Cathair an Ghuma coganta.
Cathair na nGurrier
CATHAIR NA LAINGEARACHA.
Ba chóir dóibh deireadh a chur le Bliain Chathair an Chultúir 2005 lom láithreach. Tá an t-iomad airgead caite amú cheana féin
Níl tuilleadh le rá agam. Táim ag dul anois chun na eitiltí saora a seiceáil amach. Táim ag éaló ón gcathair chúigeach, chúl-aigeanta, iargúlta seo ar lorg blaiseadh de fhíor-chultúr i Fiorenze nó Páras nó Nua Eabhrac nó Las Vegas nó Blackpool (Shasana) nó……..?
Ach ar dtúis táim ag dul don phub chun na néaróga a cheansú beagáinín.
Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall
FRC. Fáilte roimh cheartúcháin.