View Full Version : Des Bishop
Langoff
15-02-2009, 05:16 PM
An gceapann sibh go bhfuil sé go maith don teanga?
Ní maith liom é ach caithfidh mé a rá go bhfuil sé ag deanamh rud maith duinn.
Cannabis
16-02-2009, 12:22 AM
Is maith liom caca. Choainc me ar an madra woof woof at shopa.
gaffer falls
16-02-2009, 12:23 AM
Cen fath gur thug siad an post chun an teanga a chur os comhair na daoine do spoofer americeanach nuair ata na milte cailini alainn sa gaeltacht ag lorg postanna ins na mean cumarsaide.
Langoff
16-02-2009, 12:35 AM
Cen fath gur thug siad an post chun an teanga a chur os comhair na daoine do spoofer americeanach nuair ata na milte cailini alainn sa gaeltacht ag lorg postanna ins na mean cumarsaide.
Is cailín mé!!!
Is féidir liom é a dhéanamh!!!
Narwhal
16-02-2009, 04:16 AM
Ni maith liom e ach an oiread. Ni dhoigh liom gur rinne se moran maitheas don teanga, ach cad a feidir a dheanamh chun an teanga a spreagagh?
Asarlaí
16-02-2009, 03:58 PM
An t-aon rud gur gá chun an teanga a choinneáil beo láidir ná go labhraítear os ard í. Léiríonn Des nach bhfuil sé chomh deacair sin Gaeilge a fhoghlaim nuair is mian le duine. Sin an scéal. Cuimhnigh, is meiriceánach é. Ní ndeachaigh sé ar scoil in Éirinn agus fós, d'éirigh leis tuiscint mhaith a fháil ar an teanga i dtréimhse bliana. Chomh maith leis sin, dhein sé sraith teilifíse faoina chuid eachtraí sa Ghaelacht agus craoladh ar RTE agus TG4 é.
Langoff
16-02-2009, 06:40 PM

Chuaigh sé ar scoil in Éirinn ach ní dhein sé gaeigle go dtí cúpla bhliain ó shin. Dhein sé an teastas sóisearach agus an árd teist anseo. Chuaigh sé go UCC freisin.
Dhein sé an bonnléibhéal san Árdteist. Sure níl aon deacair sa bonnléibhéal. Deireann sé go is féidir leat gaeilge a rá gan an graiméar ceart ach ní aontaíom le sin. Tá an gramadach an rud is tábhachtach chun gaeilge a rá i gceart. Ní féidir le Des é sin a dhéanamh ach ar a laghad tá sé ag labhairt an teanga. Tá sé ag déanamh iarracht rud a dhéanamh duinn chun an teanga a coimeád beo.
CountyCork
16-02-2009, 06:57 PM
Dheineas an rud chéanna le Des - thanamar arais o Shasana, mar pairteach leis an diaspora (bhi m'athair agus mo mham o gcorcaigh agus ag obair i Shasana) - thosnaios ag foghlaim na Gaoluinne don chead uair don ardteist, agus tareis blian amhain, dheineas an ardteist - ardleibheil, agus fuaireas B.
An difriocht idir mise agus an gnath scolaire? Mo mhuinteoir, an tsli a mhuin si me agus an suim a bhi agam fhein sa teanga.
Des Bishop? Nil pioc deanta fos aige, ach aontaim leis gurb e an rud is tabhtach na i a labhairt. Na bac leis an gramadach, na biodh eagla ort - labhair i.
Langoff
16-02-2009, 07:11 PM
Acd ní féidir leat é a labhairt i gceart gan roint gramadach. Is fuath le gach duine an gramadach ach ní féidir leat béarla nó aon teanga eile a labhairt gan an gramadach.
Narwhal
16-02-2009, 11:18 PM
Ach ta an tsli a mhunann siad an gramadach sheafoideach, nior thosnaiomar ag foghlaim an gramadach go dti an cuigiu bliain, don Teastas Soisearach agus sa bhunscoil ni raibh aon gramadach a muineadh
Langoff
16-02-2009, 11:30 PM
Ach ta an tsli a mhunann siad an gramadach sheafoideach, nior thosnaiomar ag foghlaim an gramadach go dti an cuigiu bliain, don Teastas Soisearach agus sa bhunscoil ni raibh aon gramadach a muineadh
Caithfidh an roinn oideachas mionchlár nua a dhéanamh amach. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé an deacair gramadach a múnadh. Tá sé an leadránach. Bíonn sé i gach uile teanga. An t-aon rud gur is féidir linn a dhéanamh ná é a thosnú níos luath le na páistí. Beidh siad in ann e a fhoghlaim níos fearr má thosaíonn siad é timpeall rang a trí nó a ceathair.
bosco
17-02-2009, 12:13 AM
Aontaím leis na daoine thuas atá ag rá go bhfuil Des ag déanamh saghas maitheas chun an teanga a chur chun cinn, cé nach bhfuil meas agam ar an bhfear fhéin. Is é diaspóireacht níos tábhachtaí ar fad conas ba chóir dúinn an Ghaeilge a múineadh i gceart. Dár liomsa, ba chóir an teanga labhartha a múineadh go bunúsach do dhaltaí bunscoile agus roimh an teastas sóisearach. I ndiaidh sin, b'fhéidir go mbéadh rogha ag mic léinn na h-ardteiste litríocht na Gaeilge agus gramadach níos casta a staidéar mar ábhar éagsúla, má's maith leo.
corcadorca
17-02-2009, 01:50 AM
Táim bréan de Desticle, níl sé greamhar
corcadorca
17-02-2009, 01:58 AM
Ach ta an tsli a mhunann siad an gramadach sheafoideach, nior thosnaiomar ag foghlaim an gramadach go dti an cuigiu bliain, don Teastas Soisearach agus sa bhunscoil ni raibh aon gramadach a muineadh
Is fadhb nios leathana é. Tá an iomairce béime ar na scoileanna, tá siad ro-freagaracht do todchaí na teagana, agus do bhí i gconaí, cad faoi an teanga san saol mór, cá bhfuil an tacaíocht ansin?
Langoff
17-02-2009, 12:31 PM
Aontaím leis na daoine thuas atá ag rá go bhfuil Des ag déanamh saghas maitheas chun an teanga a chur chun cinn, cé nach bhfuil meas agam ar an bhfear fhéin. Is é diaspóireacht níos tábhachtaí ar fad conas ba chóir dúinn an Ghaeilge a múineadh i gceart. Dár liomsa, ba chóir an teanga labhartha a múineadh go bunúsach do dhaltaí bunscoile agus roimh an teastas sóisearach. I ndiaidh sin, b'fhéidir go mbéadh rogha ag mic léinn na h-ardteiste litríocht na Gaeilge agus gramadach níos casta a staidéar mar ábhar éagsúla, má's maith leo.
Ba ceart doibh scrudú béil a chuir isteach sa teastas sóisearach. Ní thógann na dáltaí na múinteoirí i ndáiríre nuir a deireann siad go bhfuil an comhrá ceann de na rudaí is tábhachtaí. Bheadh sé níos fearr scrudú béil a dhéanamh gach bhliain sna gná scrúdú.
I mo thuairim bheadh an árd teist níos fearr gan stair na gaeilge, prós agus na dánta. Caithfidh siad cúrsa nua a dhéanamh amach.
Langoff
17-02-2009, 02:42 PM
Táim braon de Desticle, níl sé greamhar
Aontaíom le sin!!!
Narwhal
17-02-2009, 04:55 PM
Lads, aontaiom nach coir go mbeadh an stair agus filiocht agus mar sin ar an gcursa, nil a leitheid de sin le foghlaim le hagaidh na teangacha eile..bealtriail le hagaidh an teastais soirsearach? B'fheidir e ach ni dheantar sna teangacha eile e..nil a fhios agam, ach ta an ceart agat gur comhair siolabais nua a dheanamh, ta se ro-fhada
Langoff
17-02-2009, 05:07 PM

Bhuel measaim go ndeanfaidh sé difríocht mór le scrudú béal don teastas, ach sin mo smaointe. Ní dóigh liom gur aontaíonn gach duine le sin.
bosco
17-02-2009, 06:06 PM
Lads, aontaiom nach coir go mbeadh an stair agus filiocht agus mar sin ar an gcursa, nil a leitheid de sin le foghlaim le hagaidh na teangacha eile..
Ar an gcéad dul síos tá an ceart agaibh - gan stair, filíocht, prós &rl a bheith ar an gcúrsa éigeantach, ach... measaim gur ceart ábhar éagsúil a bheith ann, ionas go mbéadh seans ag daltaí rogha a bheith acu chun an taobh sin den teanga a fhoghlaim má's maith leo.
bealtriail le hagaidh an teastais soirsearach? B'fheidir e [/b]ach ni dheantar sna teangacha eile[/b] e..nil a fhios agam, ach ta an ceart agat gur comhair siolabais nua a dheanamh, ta se ro-fhada
Ní bhíonn cuid is mó daltaí ag foghlaim na teangacha eile ó aois 5 nó 6 ach oiread.
bosco
17-02-2009, 06:07 PM
Oh, agus ar ais go dtí an ábhair --
Táim braon de Desticle, níl sé greamhar
Mise leis!
Langoff
17-02-2009, 06:24 PM
Ar an gcéad dul síos tá an ceart agaibh - gan stair, filíocht, prós &rl a bheith ar an gcúrsa éigeantach, ach... measaim gur ceart ábhar éagsúil a bheith ann, ionas go mbéadh seans ag daltaí rogha a bheith acu chun an taobh sin den teanga a fhoghlaim má's maith leo.
Ní bhíonn cuid is mó daltaí ag foghlaim na teangacha eile ó aois 5 nó 6 ach oiread.
Fág an aiste istigh sa scrudú. Is féidir leo alán rudaí a dhéanamh leis.
Saol an déagóir, fadhbanna atá sa tír anois agus ar aghaidh.
Narwhal
17-02-2009, 06:28 PM
Ní bhíonn cuid is mó daltaí ag foghlaim na teangacha eile ó aois 5 nó 6 ach oiread.
Touche, nior smaonigh me ar sin
Langoff
17-02-2009, 06:30 PM
Touche, nior smaonigh me ar sin
Ní bhíonn an cuid is mó acu ag déanamh é sa bhunscoile freisin. Muna dheanann na múinteoirí an ábhar, níl siad chun é a fhoghlaim.
Narwhal
17-02-2009, 06:35 PM
Ní bhíonn an cuid is mó acu ag déanamh é sa bhunscoile freisin. Muna dheanann na múinteoirí an ábhar, níl siad chun é a fhoghlaim.
An ndeachaigh tu go dti scoil lan ghaeilge?
Langoff
17-02-2009, 06:43 PM
An ndeachaigh tu go dti scoil lan ghaeilge?
No. Chuaigh mé go gnáth scoil ach thosaigh mé ag dul go cúrsanna gaeilge sa samhradh nuair a bhíos 8.
Cén fáth?
Narwhal
17-02-2009, 06:50 PM
Ta me shronach :lol!:
Ta an Ghaeilge go han mhaith agat, mar sin ceap me gur d'fhreastal tu ar scoil lan Ghaeilge
Langoff
17-02-2009, 06:53 PM
Ta me shronach :lol!:
Ta an Ghaeilge go han mhaith agat, mar sin ceap me gur d'fhreastal tu ar scoil lan Ghaeilge
Ceart go leor!
Dheineas Gaeilge san ollscoil freisin!!!
Narwhal
18-02-2009, 10:22 AM
Deannan se sin chiall, an bhfuil tu muinteoir anois no an rinne tu e don spraoi?
Conas mar a bhfuil an cursa san ollscoil?
Langoff
18-02-2009, 05:41 PM
Deannan se sin chiall, an bhfuil tu muinteoir anois no an rinne tu e don spraoi?
Conas mar a bhfuil an cursa san ollscoil?
Is múinteoir mé anois! Ní spraoi atá ann san ollscoil don gaeilge. Tá sé deacair go leor... Agus leadránach!!!
Fós, bhaineas taitneamh as! cough cough
Fuaireas an chuid is mó don gramadach san ollscoil.
Riordan
18-02-2009, 09:54 PM
Is maith liom on cats, chuaigh me go dit on shiopa agus channaigh me sucra.
Nil ag caint Gaeilga me.
Langoff
18-02-2009, 10:04 PM
Is maith liom on cats, chuaigh me go dit on shiopa agus channaigh me sucra.
Nil ag caint Gaeilga me.
Oh táim i dtrioblóid :lol:
Riordan
18-02-2009, 10:05 PM
Oh táim i dtrioblóid :lol:
Caith me D inna Leaving Cert' Gaeilga.
Langoff
18-02-2009, 10:09 PM
Fuair mé D sa gaeilge don Árd teist.
fixed!!
Oh...
Ard nó gnáth???
Riordan
18-02-2009, 10:12 PM
fixed!!
Oh...
Ard nó gnáth???
Ard no gnath?, em Ta?
Langoff
18-02-2009, 10:17 PM
Ard no gnath?, em Ta?
lmao...
Árd leibhéal (higher level) Gnáth leibhéal (ordinary level)
Riordan
19-02-2009, 12:09 AM
lmao...
Árd leibhéal (higher level) Gnáth leibhéal (ordinary level)
Oh fuar me gnath leibheal. Ni maith liom on me muintoir geailga.
(this is disgraceful)
Langoff
19-02-2009, 12:16 AM
Oh fuar me gnath leibheal. Ni maith liom on me muintoir geailga.
(this is disgraceful)
Ok.. So Níor maith leat í nó é (male or female?)
Dhein/Rinne tú gnáth leibhéal...
(it's not disgraceful)
Riordan
19-02-2009, 12:39 AM
Ok.. So Níor maith leat í nó é (male or female?)
Dhein/Rinne tú gnáth leibhéal...
(it's not disgraceful)
Muintoir fearr.
Okay, theim me on thread mor ni caint me on Geailga.
Slan!
Langoff
19-02-2009, 12:46 AM
Muintoir fearr.
Okay, theim me on thread mor ni caint me on Geailga.
Slan!
Do thuig mé 'Slán'... Sin é!!!! (i only understood Slán out of all that!!)
Riordan
19-02-2009, 01:17 AM
Do thuig mé 'Slán'... Sin é!!!! (i only understood Slán out of all that!!)
:(
You must have got 'thread' too...
Langoff
19-02-2009, 01:32 AM
:(
You must have got 'thread' too...
Oh yeah! oops
Narwhal
19-02-2009, 01:42 AM
Gaeilge le bhur dtoil! ...ni thuigim cad a tharla don comhra..ah bhuel
Langoff
19-02-2009, 01:44 AM
Gaeilge le bhur dtoil! ...ni thuigim cad a tharla don comhra..ah bhuel
Aontaíom le sin. Cuir an milleán ar Riordan!! Níl aon gaeilge aige!! Bhíos ag baint taitneamh as an comhrá freisin sullar tháinig sé!
Cá rabhamar?
Narwhal
19-02-2009, 01:51 AM
Bhi iarracht maith a dheanamh aige
Agus me ag feachaint thar nais ar mo phostanna, feicim gur dhuirt me "an bhuil tu muinteoir" in ionad "an muinteoir thu" no "an bhfuil tu i do mhuinteoir", maroidh mo mhuinteoir Gaeilge me ma raibh si anseo
Duirt tu gur d'fhoghlaim tu alan gramadach sa colaiste, an bhfuil se go leir gramadach agus mar sin no an bhfuil an stair agus filiocht a staidear chomh maith?
Measaim gur comhair do Des freastal ar an cholaiste, bheadh se sin suimuil
Langoff
19-02-2009, 02:04 PM

Oh bheadh sé sin fíor greannmhar. Des ag foghlaim gaeilge san ollscoil, ní bheadh seans aige!!
Tá alán gramadach, stair agus filíocht sa cúrsa san ollscoil. Ranganna comhrá gan amhras freisin.
Agus ná bach faoi na botún sin. Déanaim iad an t-am ar fad freisin. An rud ná táimid ag déanamh iarracht ar a laghad!! Caithfidh mé a rá go bhfuil mo chuid litriú úfásach an t-am ar fad!!!
Agus ná bach faoi Riordan. Tá fonn air gaeilge a fhoghlaim arís agus tá sé i ngrá liom so bhí sé ag déanamh iarract! Cheap sé go raibh an comhrá seo greannmhar mar do bhí an teideal 'Des Bishop'!!! Níor thuig sé an gaeilge istigh ann! :lol:
corcadorca
19-02-2009, 05:27 PM
Mo leiscéal ar dtus, chuireas windows ar an riomhaire agus nl na fadas go léir agam agam.
Chonacas é san Opera House i rith an t-Oireachtais, bhI se Iocta i phraghais mo thicéad(bhios óg agus bhi an airigid ag testáil, d'ith an madra mo choipleabhair etc)
Bhi se ag LÉAMH a chuid scealtai grinn! Bhi coipleabhair aige! Ni raibh sé ullmhaithe ar chor ar bith agus bhi a fhios aige, thug sé an leisceal go raibh ar a chuid Ghaeilge a cleachta! Comh maith le sin tharraing sé lead óg ar an ardán, ó Gaoth Dobhair chun cabhr[/U] leis agus rinne sé (Des) amadán as.Ceapaim fhéin gur easpa meais é 8euro a iarr ar, an t-aon fath arbh féidir leis é sin a dhéanamh ná go raibh sé a dhéanamh aige tri Gaeilge.
Ni fhacas fhéin ach eagrain amháin do in the name of the fada , ach deireann muintir Chonamara a bhualas leo, nach raibh siad sasta leis, agus nach raibh sé ach ag magadh futhu. Ón show sin san opera house is féidir liom é sin a thuiscint.
Agus tá sé ag tabhairt comhairle don rialtas faoi cursai oideachais! Blian san Gaeltacht agus sainneolai agus urlabhrai é!
Langoff
19-02-2009, 05:34 PM
WooHoo!
Tá a fhios agam gur thosaigh mé an comhrá seo ach is fuath liom Des Bishop!
corcadorca
19-02-2009, 05:44 PM
WooHoo!
Tá a fhios agam gur thosaigh mé an comhrá seo ach is fuath liom Des Bishop!
Nil tu ar do aonar a bhuachaill. Dearfainn gur gceapamar go léir gur rud maith nua a bhi a dheanamh aige chun an teanga a chur chun cinn ach ta se rothogtha leis fein agus a chuid ego, san deireadh is McDonalds as Gaeilge é
Langoff
19-02-2009, 05:51 PM

:lol:
Is cailín mé!!!
corcadorca
19-02-2009, 06:25 PM
:lol:
Is cailín mé!!!
Ni thuigim, is cailin thu agus nil tu i toghta le Des brontanas Dé Bishop?!
;)
Langoff
19-02-2009, 06:28 PM
Ni thuigim, is cailin thu agus nil tu i toghta le Des brontanas Dé Bishop?!
;)
Oh God is fuath liom é!
corcadorca
19-02-2009, 06:35 PM
Oh God is fuath liom é!
Cé go raibh bovity lag agus nach bhfuil sé romh greamhar le gairid, is ea trua nach bhfuil Gaeilge ag Tommy Tiernan. George Carlin na Gaeilge atá ag teatáil uainn!
Langoff
19-02-2009, 06:43 PM
Cé go raibh bovity lag agus nach bhfuil sé romh greamhar le gairid, is ea trua nach bhfuil Gaeilge ag Tommy Tiernan. George Carlin na Gaeilge atá ag teatáil uainn!
Oh is maith liom Tommy Tiernan ach tá sé ag dul in olcas le deanaí.
Narwhal
20-02-2009, 01:16 PM
Ceapainn cailini go bhfuil Des go deas? Ni raibh se sin ar eolais agam :lol!:
Agus tá sé ag tabhairt comhairle don rialtas faoi cursai oideachais! Blian san Gaeltacht agus sainneolai agus urlabhrai é!
Haha! Nil a fhios agam an bhfuil fior-ghra aige don Ghailge no an rinne se an rud go leir don airgead/chun aird a chur ar fein..ta me amharasach faoi
Langoff
20-02-2009, 01:31 PM
Ceapainn cailini go bhfuil Des go deas? Ni raibh se sin ar eolais agam :lol!:
Haha! Nil a fhios agam an bhfuil fior-ghra aige don Ghailge no an rinne se an rud go leir don airgead/chun aird a chur ar fein..ta me amharasach faoi
an-amharasach... Ní maith liom é in aon slí... Tá sé ag déanamh é don airgead is docha.
Langoff
20-02-2009, 02:15 PM
Caithfidh mé a rá anois go bhfuil díoma an domhain orm nach raibh aon rud as an 'thread' seo san Echo inné... Bhíos an bródúil as an méid iarracht a chuireamar isteach anseo.
tut tut
corcadorca
20-02-2009, 08:43 PM
Ceapainn cailini go bhfuil Des go deas? Ni raibh se sin ar eolais agam :lol!:
Haha! Nil a fhios agam an bhfuil fior-ghra aige don Ghailge no an rinne se an rud go leir don airgead/chun aird a chur ar fein..ta me amharasach faoi
Na cailíní atá 17 acú agus íad gafa le gach rud Meircánach, daoine atá ag iarriadh East Yankism le blas Gaeilge. Sa deireadh níl ach astriuchán é
Tá sé ann don airigead agus chun craiceann a bhuaileadh dearfainn... bhí sé ar an pull ar an árdán
Langoff
20-02-2009, 09:17 PM

Is 'plonker' ceart é'...
Narwhal
21-02-2009, 08:05 AM
Caithfidh mé a rá anois go bhfuil díoma an domhain orm nach raibh aon rud as an 'thread' seo san Echo inné... Bhíos an bródúil as an méid iarracht a chuireamar isteach anseo.
tut tut
:(
Dearfainn go mbeidh se i Foinse ;)
Na cailíní atá 17 acú agus íad gafa le gach rud Meircánach, daoine atá ag iarriadh East Yankism le blas Gaeilge. Sa deireadh níl ach astriuchán é
Tá sé ann don airigead agus chun craiceann a bhuaileadh dearfainn... bhí sé ar an pull ar an árdán
An bhfaca sibh an rud cupla bliain o shin nuair a raibh se ag obair i Abrakebabra i Phort Lairge..mmm Abrakebabra
Craiceann a bhuaileadh? :lol:
Langoff
21-02-2009, 12:28 PM
:(
Dearfainn go mbeidh se i Foinse ;)
An bhfaca sibh an rud cupla bliain o shin nuair a raibh se ag obair i Abrakebabra i Phort Lairge..mmm Abrakebabra
Craiceann a bhuaileadh? :lol:
Foinse... Caithfidh mé é a cheannach!! hmmmm
Ní fhaca mé é ríomh in aon rud. Cuireann a ghúth isteach orm! An raibh sé sin an rud nuair a raibh sé ag obair le haighaidh faic!!
Narwhal
21-02-2009, 07:34 PM
Bhi se ag obair ar an "minimum wage" is doigh liom agus bhi air ioc i gcomhair a loistin agus bia agus gach rud just as an minium wage..bhi se saghas speisiul caithfidh me a ra ach fos ni mhaith liom e, haha!
corcadorca
21-02-2009, 07:51 PM
ní bheadh post ann fós do? Port Lairge nó Pacistán b'fheidir
Narwhal
21-02-2009, 08:10 PM
Nil post ag taisteal uaidh anois ta go leor craiceann aige le bualadh :lol:
Langoff
22-02-2009, 01:16 PM
Nil post ag taisteal uaidh anois ta go leor craiceann aige le bualadh :lol:
:lol:
Cad atá á dhéanamh aige le déanaí? Níl a fhios agam!! Níor chualas aon rud faoi ar feadh tamaill anois!
Annie Hall
22-02-2009, 01:27 PM
Is cuma cad é bhur meas ar Des mar fhear grinn - maith, olc nó dona - an pointe anseo ná go bhfuil sé tar éis éacht an-mhór a dhéanamh maidir le foghlaim na Gaoluinne de. N'fheadair cé mhéid uaire atá daoine tar éis a rá liom: "Oh, I'd love to be able to speak the language..." agus an fhreagra a bhíodh agam ar seo ná: "It's never too late to learn..." Cé go dtuigim go raibh deacrachtaí ag daoine bá a bheith acu don dteanga toisc an slí a múineadh dóibh í, ní dóigh liom go seasann an leithscéal seo a thuilleadh. Ní raibh ranganna Gaeilge nó ciorcail comhrá chomh forleathan ariamh; má theastaíonn ó dhuine an teanga a fhoghlaim, tá sí ann le foghlaim. An t-aon rud atá ag cur bac ar dhaoine gan í a fhoghlaim, dar liom, ná eagla - an eagla céanna a athraíonn go h-éad, an t-éad céanna a athraíonn go 'begrudgery'. Is seod í an Ghaoluinn - ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh í a labhairt - is cuma sa fuck fé bhotúin ghramadaí.
CountyCork
22-02-2009, 03:22 PM
Aontaim le sin - is cuma mar gheall ar an gramadach!
Bain trial as - labhair Gaoiluinn
corcadorca
22-02-2009, 03:32 PM
Is cuma cad é bhur meas ar Des mar fhear grinn - maith, olc nó dona - an pointe anseo ná go bhfuil sé tar éis éacht an-mhór a dhéanamh maidir le foghlaim na Gaoluinne de. N'fheadair cé mhéid uaire atá daoine tar éis a rá liom: "Oh, I'd love to be able to speak the language..." agus an fhreagra a bhíodh agam ar seo ná: "It's never too late to learn..." Cé go dtuigim go raibh deacrachtaí ag daoine bá a bheith acu don dteanga toisc an slí a múineadh dóibh í, ní dóigh liom go seasann an leithscéal seo a thuilleadh. Ní raibh ranganna Gaeilge nó ciorcail comhrá chomh forleathan ariamh; má theastaíonn ó dhuine an teanga a fhoghlaim, tá sí ann le foghlaim. An t-aon rud atá ag cur bac ar dhaoine gan í a fhoghlaim, dar liom, ná eagla - an eagla céanna a athraíonn go h-éad, an t-éad céanna a athraíonn go 'begrudgery'. Is seod í an Ghaoluinn - ba cheart dúinn iarracht a dhéanamh í a labhairt - is cuma sa fuck fé bhotúin ghramadaí.
iontaim leat go h-iomalan ach amhain an céad pointe, ní fheicim go bhfuil mórán deanta aige ach dó fhéin. Is rud íontach é go bhfuil cláracha ann a thaispeáineann daoine a fhuair agus atá ag fhail an teanga agus íad fásta suas. Ní amhain seise, chonanacas daoine ón Iodáil, ón Ghermain etc ar TG4. Bhuaileas le chailín ag an t-oireachtais, ó Mheiricea, ag foghlaim le trí blian anúas, agus ni bheadh a fhios agat nach togach le Ghaoluinn i Gaoth Dobhair í. Tá chara liom ón Phólin agus blas Chonamara den scoth aige. Is ón Bhrasil mo phárti, agus níl aon dabt agam go mbeidh sí líofa freisin.
ní spreagach Des na daoine seo, agus ceapaim go bhfuil an iomairce cainte faoi . Aontaím leat, if fuath liom an 'it's a beautiful language, I wish I could speak it, but it's the way it's taught'. Deirim 'sure the teachers were rubbish for English too, it's not magic or rocket science, get yourself a book, take a class'. Ní 'the way it's taught' ach 'the way it's thought!'
nó mar a duirt Séamus Seoige: My ancestors threw off their language and took on another, they allowed a handful of foreigner to subject them, do you fancy in my own life I’m going to pay in my own life and person debts they made? What for?
Sin an cheist! Agus sin an cheist atá ag ag daoine- cathfímis freagair domhain, maith a thabairt seachas platitudes, nostalgia nó romáinsuileachas
Tá eagla ann nach mbeadh ann ag duine cheanna agus é ag foglaim Spánis (agus nach bhfuil ag na Spáinigh etc agus íad ag foghlaim ár dteanga - i focail amháin - bagáiste). Ceapaim fhéin go bhfuil compleacs ann nach bhfuil daoine in ann a smaoineamh faoi agus chureann siad an millean ar na muinteóiri. Ní conas a muineadh é mar abhar scoile, caithfimís go léir a fheiceal mar rud eile, fráma eile - mar seod mar a duirt tú
Langoff
22-02-2009, 05:25 PM

Aontaím leat go hiomlán. Tá an chuid is mó de na daoine ag chur an milleán ar na múinteoirí agus ní hé sin an fadbh. Is ea an fadbh ná an cúrsa sa scoil.
gozzy
23-02-2009, 01:23 AM
Chuir sé an-iarracht an teanga a fhoghlaim agus ceapann mé féin gur sámpla iontach é dos na daoinaí óga. Ar an lámh eile, baineann mé níos mó greannmhar as bosca folamh ná as Des Bishop. Fear grinn mo thóin!
Langoff
23-02-2009, 04:19 PM

Tá an cheart agat! :lol:
Asarlaí
23-02-2009, 10:35 PM
Snáth den scoth é seo, caithfidh mé a rá. Grma Langoff. Go maire sé an céad!
Langoff
23-02-2009, 10:51 PM
Snáth den scoth é seo, caithfidh mé a rá. Grma Langoff. Go maire sé an céad!
Go raibh míle!!! :)
Narwhal
24-02-2009, 08:58 PM
Aontaím leat go hiomlán. Tá an chuid is mó de na daoine ag chur an milleán ar na múinteoirí agus ní hé sin an fadbh. Is ea an fadbh ná an cúrsa sa scoil.
Fior, ach bhi muinteoir amhain uafasach agam sa chead bhlian, ach bhi dha cinn maith agam tar eis e sin afach, buiochas le Dhia :mrgreen:
Langoff
24-02-2009, 09:13 PM
Fior, ach bhi muinteoir amhain uafasach agam sa chead bhlian, ach bhi dha cinn maith agam tar eis e sin afach, buiochas le Dhia :mrgreen:
Ach bíonn múinteoirí cosúil le sin i ngach ábhar. Bhí múinteoir úfásach agam le haighaidh Francais. Is fuath liom an teanga sin anois!
Narwhal
24-02-2009, 09:19 PM
Oh my god bhi muinteoir uafasach agam don bhFraincais sa chead, dara agus triu bhlian chomh maith :o
Dearfadh si les pains (arann) ar nos "Lez pans", nil me ag magadh :(
Langoff
24-02-2009, 09:37 PM
Oh my god bhi muinteoir uafasach agam don bhFraincais sa chead, dara agus triu bhlian chomh maith :o
Dearfadh si les pains (arann) ar nos "Lez pans", nil me ag magadh :(
Aontaíom le sin!!!
Is fuath liom an ábhar sin anois!
corcadorca
25-02-2009, 05:54 PM
Aontaím leat go hiomlán. Tá an chuid is mó de na daoine ag chur an milleán ar na múinteoirí agus ní hé sin an fadbh. Is ea an fadbh ná an cúrsa sa scoil.
Ní raibh an cúrsa go maith nuair a bhíos féin ann, níl fhios agam conas atá sé inniu. Ach nach torthaí ár sochaí é an cúrsa, b'fhéidir gur san áit sin - an caidreamh atá ann idir an t-sochaí (faoi láthair agus stáiriúla) agus an teanga go bhfuil an fadhb agus an réiteach.
Narwhal
25-02-2009, 08:16 PM

Ni thuigim i gceart cad ata a ra agat? And bhfuil tu ag ra nach bhfuil an Ghailge oiriunta do shochai an la ata inniu ann?
corcadorca
26-02-2009, 05:51 PM
Ni thuigim i gceart cad ata a ra agat? And bhfuil tu ag ra nach bhfuil an Ghailge oiriunta do shochai an la ata inniu ann?
Chuirfinn an cheist i mbealach eile- an bhfuil an tsochaí atá againn oiriúnach dúinn?
Seo an tábhtach atá ag an Ghaeilge dar liomsa, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí
http://www.youtube.com/watch?v=q91o5WC5plM
Mar a duirt sé, ár fís féin. Ní ceann Sasnach, ní ceann an Vatican, agus ní ceann Mheiricáineach. Tá rud éigin le le thógáil uainn ag an dream seo go léor. Agus íad ag iarraidh a rá go bhfuil an fírinne acú. Caic a dhíol duinn chun cuacht a choinneál. Tá an phíosa seo ag caint faoi cúrsaí telifíse, ach tá sé mar a ceanna:
http://www.youtube.com/watch?v=19zyIG89piI
Seo an cinneál saol a bhí againn faoin smacht na heaglaise:
http://www.youtube.com/watch?v=WATBzSYJx1Q
bhí blás airigid againn i rith na 20 bliana anuas, ceart ach- cad faoi? cén tslí anois? Níos mó teilifíse seafóideach meiricaineach, agus páipeirí ón mainland, níos mó ionsaí ar leannaí (eaglais), daoine aosta, daoine tinn (an rialtas)? Níos mó Biffo, nach bhfuil aon fís aige
tá rudaí tar éis athrú, ach an bhfuil saoirse againn? An é seo saoirse?
http://www.youtube.com/watch?v=aMohCOhSq2Y
Nach bhfuil sé thar a bheith ama ár múnla fein a chruthú, ár sceal féin a ínsint in ár focla féin?
Narwhal
26-02-2009, 11:01 PM
Mar a duirt William Butler Yeats "If we will but tell these stories to our children the land will begin again to be a Holy Land, as it was before men gave their hearts to Greece and Rome and Judea"
Ta an cead fis an fior agus is oth liom a ra gur raibh an ceart aige, nilimid ach ar nos Sasana beag chun an fhirinne a ra agus an rud is measa na gur bhfuil an formhor go brea leis :(
bosco
27-02-2009, 03:06 AM
is cuma sa fuck fé bhotúin ghramadaí.
"is cuma sa tsioc", nach ea?
;)
Níl fadhb dá laghad agam le botúin ghramadaí a dhéanann duine ar bith, Des san áireamh, ach ní theatnaíonn an bhfear fhéin liomsa, sin an pointe. Níl mo mheon déanta suas agam an ndéanann sé aon dochar nó maitheas le haghaidh forbairt na teanga fós...
Langoff
27-02-2009, 04:09 PM
Ag an am seo ní dóigh liom go bhfuil sé ag déanamh aon rud iontach don teanga. Tá sé ag déanamh gach rud dó féin. Sure níl clú ag na daltaí can atá á dhéanamh aige anois.
Langoff
03-03-2009, 03:25 PM
Ar chuala sibh Des ar Today FM maidin inné le Ian?! Bhí sé ag caint faoi an ghaeilge agus an slí a bhfuil sé anois!
corcadorca
03-03-2009, 04:40 PM
Ar chuala sibh Des ar Today FM maidin inné le Ian?! Bhí sé ag caint faoi an ghaeilge agus an slí a bhfuil sé anois!
an raibh aon rud suimiúl le rá aige?
Langoff
03-03-2009, 04:58 PM
an raibh aon rud suimiúl le rá aige?
Faic is docha!! :P
Ní fuair mé ach an cúpla nóiméad deirneach, so níl a fhios agam. Caithfidh mé é a fháil as itunes. Is docha gur dhéin siad podast as!
Asarlaí
12-03-2009, 12:18 PM
Seo Des ag déanamh spraoi le lucht féachana stiúideo san Astráil.
http://www.youtube.com/watch?v=aKH3Os7EuVY
Ar aghaidh leis an snáithe! :0)
corcadorca
13-03-2009, 09:49 PM
Seo Des ag déanamh spraoi le lucht féachana stiúideo san Astráil.
http://www.youtube.com/watch?v=aKH3Os7EuVY
Ar aghaidh leis an snáithe! :0)
chonacas é i gcathair na mairt 2 bhlian ó shin, agus san Opera House i rith an tOireachtais... suimiúl an chead uair... leadránach an dara, an triu... etc
corcadorca
13-03-2009, 09:50 PM
Ag an am seo ní dóigh liom go bhfuil sé ag déanamh aon rud iontach don teanga. Tá sé ag déanamh gach rud dó féin. Sure níl clú ag na daltaí can atá á dhéanamh aige anois.
yup
corcadorca
17-03-2009, 08:38 PM
Ta des bishop le bastard
sé ag iompar clainne? Agus eisean leis an cnó amháin!;)
Langoff
17-03-2009, 08:50 PM
sé ag iompar clainne? Agus eisean leis an cnó amháin!;)
:lol:
Corcaigh32
21-03-2009, 10:34 AM
Tháinig sé go Corcaigh ó BÁC an seachtain seo caite don mórshiúil ar son na h-iománaithe. Rinne sé é sin (maidin an Domhnaigh sa charr agus é ag cur sneachta go trom) cé go raibh gig aige i Vicars St an oíche sin. Uaireanta deirtear nach bfhuil éinne ag cur cúrsai teanga ag barr an liosta anois, go mórmhór agus gcúrsai eacnamaíochta ag dul in olcas. Déanann Des é chomh minic is féidir. Ba chóir dúinn go Léir bheith chomh gnóthach ar son an dteanga le Des, im thuarim féin, is cúis náire é go bfhuil meiriceánach ag labhairt Gaeilge i bhfad níos éasca ná an chuid is mó den phobail.
weird mush
23-03-2009, 02:39 PM
Is loach é Déasun Mac an easpaig. Caithfidh tú tosnú áit éigin. Ní féidir leat an gramadach a fhoglaim ar dtús tá sé sin craicáiltle. ní dheineann sé ciall ar bith. Bí ag labhairt agus ANSAN tiocfaidh an gramadach nuair a bhfuil smacht agat ar an teanga. cleachta cleachta cleachta... éire abú
Asarlaí
23-03-2009, 04:03 PM
....Ní féidir leat an gramadach a fhoglaim ar dtús tá sé sin craicáiltle. ní dheineann sé ciall ar bith. Bí ag labhairt agus ANSAN tiocfaidh an gramadach nuair a bhfuil smacht agat ar an teanga. cleachta cleachta cleachta... éire abú
Aontaím go hiomlán leat a chara .. Tuigimid go léir go bhfuil tábhacht leis na rialacha gramadaí má tá sé ar intinn ag aon duine foclóir nó leabhar a scríobh.
weird mush
10-04-2009, 11:59 AM
go raibh maith agat asarlaí.... tuigeann tú an craic, tá fonn orm geailge a scappadh ach tá fór mhór dos na doaine ró - anal chun iarracht ceart a dhéanamh bhfearr leo a rá tá sé ró dheacair tá an gramadach ró crua so feck it ní féidir ACH NÍL sé God dam it
vBulletin® v3.8.7, Copyright ©2000-2012, vBulletin Solutions, Inc.