PDA

View Full Version : TG4 Stíl na Réalt


Waddell Media
12-02-2009, 02:56 PM
Tá Waddell Media ag obair ar chlár úr do TG4 d'arbh ainm Stíl na Réalt agus tá muid ag cuartú daoine le páirt a ghlacadh sa tsraith. Is clár faisin a bheas ann ar a bheidh dhá fhoireann ag dul in éadan a chéile le culaith a cheannach ar bheagán airgid agus in éadan an chloig i stíl celeb. Le seó faisin ag an deireadh cé a bhainfidh an duais leis na outfits is fearr?

Má tá suim agaibh i gcúrsaí faisin agus más mian libh bheith ar an teilifís tá daoine a dhíth ó Chorcaigh le páirt a ghlacadh ar an seó. Téigh i dteagmháil linn! Seol pictiúr agus giota beag fút féin chugainn ag an seoladh caoimhe@waddellmedia .com nó is féidir glaoch orainn ar 04890 427646.