PDA

View Full Version : Polainnis san bhanc, ach níl aon gaeilge?


Seán Ó Briain
23-12-2008, 12:00 AM
Bhí mé sa TSB inniú anseo i bPort Láirge.. Ar an balla, bhí fograí ann.. As bearla, agus as polainnis! Anois, níl aon fadhb agam le polainnis, ach nuair a bíonn fograí ann sa bhanc as bearla agus as polainnis - gan gaeilge.. tá fadhb agamsa.

Ní amháin sa bhanc, ach na siopaí anseo chomh maith. Cén fath nach bhfuil aon iarracht ann chun gaeilge a úsáid san áiteanna cosúil le bainc agus siopa, ach tá a lán iarracht chun polainnis a úsáid? Bhí siopa amháin sa Phort Láirge cúpla bhliain ó shin, ach dún sé mar ní raibh aon suim ann le haghaidh gaeilge.. Ach tá b'fhéidir.. 5 nó 6 síopaí polannach oscailte?

Ár príomh-teanga = Bearla? An dara-teanga = Polainnis?

Cad a cheapann sibh? Cad a déanann muid chun gaeilge a chuir chun cinn taobh amuigh den ghaeltacht?

harveythewonderhorse
23-12-2008, 12:06 AM
cuir scéal chucu go bhfuil Gaeilge uait

Seán Ó Briain
23-12-2008, 12:30 AM
Bhí mé ag smaoineamh faoi sin, ach bhí siad an-gnóthach ar maidin.. Rachaidh mé ar ais tar ais nollaig agus déanfaidh mé é.

Poc Fada
23-12-2008, 02:36 PM
Aontaíom leat gur mor an trua é ach ní bheidh suim ar bith acu.
Tá an polainne ann mar tá a lán daoine gan béarla sa tír agus caithfidh siad cúntas banc a oscailt roimg aon rud eile.

Agus
06-01-2009, 10:17 PM
An ndeachaigh tú ar ais fós, a Sheáin?

Deirtear go bhfágfaidh cuid mhaith de na hinimircigh Pholannaigh an tír mar gheall ar an meathlú - b'fhéidir go dtiocfaidh meath ar an bPolainnis in Éirinn ansin.

couldnthinkofaname
21-01-2009, 02:07 PM
Bhuel? Cad a tharla? Ceapaim nach bhfuil aon gaeilge ann mar nil aon airgead le fail as.

An bhfuil fhios ag aon duine conas fada a fhail? Nil an gnath sli ag obair dom so bosca seo.

couldnthinkofaname
21-01-2009, 02:09 PM
Tá sé agam, na bac leis!

corcadorca
28-02-2009, 10:34 PM
Bhí mé sa TSB inniú anseo i bPort Láirge.. Ar an balla, bhí fograí ann.. As bearla, agus as polainnis! Anois, níl aon fadhb agam le polainnis, ach nuair a bíonn fograí ann sa bhanc as bearla agus as polainnis - gan gaeilge.. tá fadhb agamsa.

Ní amháin sa bhanc, ach na siopaí anseo chomh maith. Cén fath nach bhfuil aon iarracht ann chun gaeilge a úsáid san áiteanna cosúil le bainc agus siopa, ach tá a lán iarracht chun polainnis a úsáid? Bhí siopa amháin sa Phort Láirge cúpla bhliain ó shin, ach dún sé mar ní raibh aon suim ann le haghaidh gaeilge.. Ach tá b'fhéidir.. 5 nó 6 síopaí polannach oscailte?

Ár príomh-teanga = Bearla? An dara-teanga = Polainnis?

Cad a cheapann sibh? Cad a déanann muid chun gaeilge a chuir chun cinn taobh amuigh den ghaeltacht?

Ní raibh siad ábalta na fadas a chur ar mo ainm ar mo charta i mBanc na hÉireann!

corcadorca
28-02-2009, 10:36 PM
Aontaíom leat gur mor an trua é ach ní bheidh suim ar bith acu.
Tá an polainne ann mar tá a lán daoine gan béarla sa tír agus caithfidh siad cúntas banc a oscailt roimg aon rud eile.

ceist airigid - tá airigead le deanamh as postéir i bPolannis, níl tri Ghaeilge.