Tue Oct 30 2012 ' An Riordánach'Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcai Doors 10:00 am - Admission: FREE |  |
 | | |
Tá taispeántas bunaithe ar fhilíocht an Ríordánach ar siúl san
Ionad Cultúrtha ón 13ú Meán Fhómhair - 5ú Samhain 2012
Tá an taispeántas seo á oscailt ag Louis de Paor ag 7.30 ar an 13ú.
Taispeántas de shraith nua pictiúr leis an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá bunaithe ar fhilíocht an Ríordánaigh. D’oibrigh sé leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht le 62 píosa nua ealaíne a dhearadh don leabhar ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dánta’ a foilsíodh ag deireadh 2011, ina measc tá portráid nua de Sheán Ó Ríordáin atá usáidte mar chlúdach ar an leabhar freisin.
Seán Ó Ríordáin: Na Dánta
Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
Seán Ó Flaithearta, Ealaíontóir:
Árannach ó dhúchas é Seán Ó Flaithearta agus is i gCill Éinne atá a stiúideó aige. Rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag Féile Lorient na Briotáine i 2009. Bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas dearcealaíne Ciall i 2011.
Tá an taispeántas seo á eagrú ag Ionad Cultúrtha, i gcomh-pháirtíocht le Cló –Iar Chonnacht.
Click for more info..