Sun Oct 28 2012

' An Riordánach'

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcai
Doors 10:00 am - Admission: FREE


Tá taispeántas bunaithe ar fhilíocht an Ríordánach ar siúl san Ionad Cultúrtha ón 13ú Meán Fhómhair - 5ú Samhain 2012 Tá an taispeántas seo á oscailt ag Louis de Paor ag 7.30 ar an 13ú. Taispeántas de shraith nua pictiúr leis an ealaíontóir Seán Ó Flaithearta atá bunaithe ar fhilíocht an Ríordánaigh. D’oibrigh sé leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht le 62 píosa nua ealaíne a dhearadh don leabhar ‘Seán Ó Ríordáin: Na Dánta’ a foilsíodh ag deireadh 2011, ina measc tá portráid nua de Sheán Ó Ríordáin atá usáidte mar chlúdach ar an leabhar freisin. Seán Ó Ríordáin: Na Dánta Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978). Seán Ó Flaithearta, Ealaíontóir: Árannach ó dhúchas é Seán Ó Flaithearta agus is i gCill Éinne atá a stiúideó aige. Rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag Féile Lorient na Briotáine i 2009. Bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas dearcealaíne Ciall i 2011. Tá an taispeántas seo á eagrú ag Ionad Cultúrtha, i gcomh-pháirtíocht le Cló –Iar Chonnacht.

Click for more info..